Idir óg agus aosta sa chéad scuad ag Stephen Kenny

Tá ardú céime tugtha ag bainisteoir nua na hÉireann do bheirt ón bhfoireann faoi 21 agus tá leithéidí James McCarthy, Harry Arter agus Shane Long ar ais sa scuad

Idir óg agus aosta sa chéad scuad ag Stephen Kenny

Tá a chéad scuad ainmnithe ag Stephen Kenny agus é ag prapáil dá chéad chluiche i gceannas ar fhoireann sacair na hÉireann.

Imreoidh Éire as baile in aghaidh na Bulgáire agus i mBaile Átha Cliath in aghaidh na Fionlainne i Sraith na Náisiún an mhí seo chugainn agus leathshúil acu chomh maith ar an gcluiche cáilithe do EURO 2020 in aghaidh na Slóvaice níos deireanaí san fhómhar.

Tá ardú céime go dtí foireann na sinsear tugtha ag Kenny do bheirt de na himreoirí a d’imir dó leis an bhfoireann faoi 21.

Bhí sárbhliain ag Jayson Molumby agus é ag imirt do Millwall agus tá deis anois ag an imreoir lár páirce leis an bhfoireann shinsir.

Tá tosach óg Norwich City Adam Idah tugtha isteach ag Kenny chomh maith.

Tá roinnt imreoirí eile ag filleadh ar fhoireann na hÉireann den chéad uair le tamall agus an glaoch faighte ag James McCarthy, Harry Arter, Shane Long agus Darragh Lenihan.

Fear amháin nach bhfuil sa scuad ná Glenn Whelan agus amhras anois ann an bhfeicfear an seanfhondúir i ngeansaí na hÉireann arís.

Chomh maith le Molumby agus Idah, tá na hógánaigh Aaron Connolly agus Troy Parrott ainmnithe sa scuad ag Kenny agus an chuma ar an scéal go mbeidh sé ag iarraidh an chéad ghlúin eile imreoirí a thabhairt chun coinlíochta.

Níl fear óg é David McGoldrick níos mó – beidh sé 33 bliain d’aois mí na Samhna – ach tá sé ag imirt chomh maith agus a d’imir sé riamh agus ba é a roghnaíodh mar Imreoir na Bliana ar fhoireann na hÉireann an séasúr seo caite. Tá McGoldrick ainmnithe sa scuad ag Kenny ach ní bheidh fáil ar fhear Sheffield United don chluiche in aghaidh na Bulgáire mar go bhfuil gortú ag cur as dó.

Beidh an cluiche sin in aghaidh na Bulgáire ar siúl ar an 3 Meán Fómhair agus beidh an cluiche i gcoinne na Fionlainne ann trí lá ina dhiaidh.

Scuad na hÉireann

Báireoirí: Darren Randolph (West Ham United), Mark Travers (Bournemouth), Kieran O’Hara (Gan club)

Cosantóirí: Seamus Coleman (Everton), Matt Doherty (Wolves), Enda Stevens (Sheffield United), Shane Duffy (Brighton and Hove Albion), John Egan (Sheffield United), Darragh Lenihan (Blackburn Rovers)

Imreoirí lár páirce: James McCarthy (Crystal Palace), Harry Arter (Fulham), Jeff Hendrick (Gan club), Alan Browne (Preston North End), Conor Hourihane (Aston Villa), Jayson Molumby (Brighton and Hove Albion), Robbie Brady (Burnley)

Tosaithe: Callum Robinson (Sheffield United), Callum O’Dowda (Bristol City), James McClean (Stoke City), Aaron Connolly (Brighton and Hove Albion), Adam Idah (Norwich City), Troy Parrott (Tottenham Hotspur – ar cíos ag Millwall), Shane Long (Southampton)

Fág freagra ar 'Idir óg agus aosta sa chéad scuad ag Stephen Kenny'