U-chasadh Aire Oideachais Stormont faoi na scrúduithe

Fuair Peter Weir amach nach críonna é féin a cheangal ródhocht le rialtas Boris Johnson nuair a chinn Aire Oideachais na Breataine go raibh torthaí an algartaim á gcaitheamh i dtraipisí

U-chasadh Aire Oideachais Stormont faoi na scrúduithe

Lá breá a bhí ann do mhic léinn A-leibhéil. Ach a mhalairt do Peter Weir de chuid an DUP, an tAire Oideachais in Stormont.

Is dóigh go bhfuil taithí ag gach duine ar lá gur bhreá an rud dearmad a dhéanamh air, lá nuair ba mhaith leat do chloigeann a chur i bhfolach faoin bpluid agus fanacht sa leaba. Ní foláir nó gur airigh Peter Weir mar sin Dé Luain.

Tar éis ceithre lá ag cur cos i dtaca, tuismitheoirí agus mic léinn ar buile agus polaiteoirí tugtha ar ais óna laethanta saoire le haghaidh seisiún éigeandála den Tionól Dé Máirt chun míniú a éileamh uaidh, b’éigean don tAire U-chasadh a dhéanamh ar an Luan. Chuir scoláirí agus a dtuismitheoirí na múrtha fáilte roimh chinneadh Weir go gcuirfí ar ceal torthaí conspóideacha scrúduithe an A-leibhéil agus an Ard-Fhotheastais (AS), scrúdú cosúil leis an Ardteistiméireacht a rialaíonn cén sórt deiseanna a bheidh ag na scoláirí feasta.

Rinne Weir an fógra cé go raibh sé ag maíomh ón Déardaoin seo caite go mbainfeadh a leithéid d’iontaofacht na scrúduithe agus nach bhféadfaí glacadh leis.

Go bunúsach rinne múinteoirí measúnú ar a gcuid daltaí féin i ngeall ar an bpaindéim. Laghdaigh an CCEA (an Chomhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe) na marcanna a bhí tugtha ag a n-oidí do na mílte de na daltaí sin, timpeall 37% den iomlán.

Ba é an míniú oifigiúil gur baineadh leas as algartam, clár ríomhaireachta neamhchlaonta chun na torthaí a bhí socraithe ag múinteoirí a mheas agus gur cuireadh cúinsí eile san áireamh. Maíodh nach raibh claonadh in aghaidh scoileanna bochta sa teicneolaíocht ach níorbh é sin barúil na coitiantachta.

Dhiúltaigh Peter Weir éisteacht a thabhairt do na daoine a bhí ag gearán, é ag rá leo a dhul i muinín an chórais achomhairc. Bhí gach cosúlacht ar an scéal go mbáfaí an córas sin faoi ualach na n-achomharc ach sheas an tAire lena chinneadh, é meáite de nach gceadófaí aon aimhrialtacht idir scéimeanna marcála Thuaisceart Éireann agus cinn Shasana agus na Breataine Bige. Mhaígh sé go mbeadh múinteoirí áirithe dian ar a gcuid daltaí agus go mbeadh a thuilleadh rófhlaithiúil; ní bheadh sé sin féaráilte agus ní ghlacfadh sé leis faoi choinníoll ar bith.

Minic a bhris béal duine a shrón. Fuair sé amach Dé Luain nach bhfuil sé críonna é féin a cheangal ródhocht le rialtas Boris Johnson, ná go deimhin ‘ní dhéanfad é sin choíche’ a rá. Faoi bhrú ón bpobal, ón bhfreasúra agus ó chúlbhinseoirí na gCaomhach féin chinn Aire Oideachais na Breataine, Gavin Williamson, go raibh torthaí an algartaim á gcaitheamh i dtraipisí; u-chasadh náireach don rialtas.

D’fhág sin Weir agus an DUP i gcruachás; ba é an DUP an t-aon pháirtí nár thacaigh le rún an SDLP an Tionól a athghairm i rith na laethanta saoire chun an cheist a phlé. Ní raibh an dara rogha ag Peter Weir ach cúlú go maolchluasach; rinne sé féin agus Williamson a bhfógraí ag an am céanna. Gheobhaidh na daltaí na torthaí a mhol a múinteoirí nó cinn an CCEA – cibé ceann is airde.

Is mór an faoiseamh é go cinnte ach tá fadhbanna eile cothaithe ag an bpraiseach. Beidh scoláirí a gheobhaidh ardú ar a marcanna i dteideal áit ar chúrsa ollscoile ar leith ach gach seans nach mbeidh aon áit fágtha ar an gcúrsa a bhí mar chéad, mar dhara nó fiú mar thríú rogha acu. Conas is féidir an neamhréir sin a fhuascailt?

Dúirt An tAire Weir gurb é a phríomhchuspóir a chinntiú nach mbeadh ógánaigh an Tuaiscirt faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid lena gcomhaoisigh sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Faigheann duine as cúigear de dhaltaí dara leibhéal abhus a dtorthaí ó bhoird scrúduithe i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Dúirt Peter Weir gurb é sin an fáth nach bhféadfadh Tuaisceart Éireann a dhul ar rith aonair; d’fhágfadh sé sin éagothroime idir scoláirí logánta, ar sé. Dúirt an tAire nach raibh aon réiteach foirfe ar cheist na scrúduithe le linn na paindéime Covid-19 ach go raibh sé ag iarraidh a bheith féaráilte le gach duine chomh fada agus a b’fhéidir.

As an 28,000 dalta a fuair a gcuid torthaí Déardaoin seo caite bhí ardú 2.3% ar an líon a fuair grád A+ nó A i gcomparáid leis an mbliain seo caite. Íslíodh grádanna measúnaithe do 37% de na daltaí agus ardaíodh iad do 5.3% acu. Tá an CCEA ag gealladh anois go seolfaidh siad amach na torthaí nua go haibéil. Amárach eiseofar torthaí scrúduithe an Teastais Ghinearálta, an GCSE. Seachnófar fadhbanna na seachtaine seo caite mar is iad na marcanna measúnaithe a thug na múinteoirí dóibh a bheidh i gceist de bharr chúlú na n-airí.

Beidh Peter Weir ag súil gur chuir sé clabhsúr ar an gconspóid seo. Ach má bhíonn deacrachtaí faoi uimhreacha sna hollscoileanna agus institiúidí eile beidh brú ollmhór air; níorbh aon mhaise ar cháil na n-airí oideachais sa Ríocht Aontaithe é an chaoi ar láimhseáil siad na scrúduithe in am an choróinvíris. Beifear san airdeall ó dheas ó thaobh torthaí na hArdteiste.

Fág freagra ar 'U-chasadh Aire Oideachais Stormont faoi na scrúduithe'