Beidh seaimpíní na hÉireann, Áth Cliath, sa ghrúpa céanna le Port Láirge agus Dún na nGall nuair a chuirfear tús le Craobh Shinsir Peile na mBan níos deireanaí sa samhradh.
Tá mná Átha Cliath ag iarraidh Craobh na hÉireann a thabhairt leo don cheathrú bliain as a chéile. Cuireadh aréir iad i nGrúpa 3 na craoibhe i gcuideachta na gConallach agus na nDéiseach.
Tá leagan amach nua ar an gcraobh i mbliana de bharr an choróinvíris. Ní bheidh craobhacha na gcúigí ann ar chor ar bith agus rachfar díreach ar aghaidh chuig na babhtaí leathcheannais i ndiaidh chluichí na ngrúpaí.
Tá Gaillimh, a bhain áit amach i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh, i nGrúpa 2 le Tiobraid Árann, a bhuaigh an Chraobh Idirmheánach in 2019, agus Muineachán.
Tá Corcaigh, Ciarraí agus an Cabhán i nGrúpa 1 agus is i nGrúpa 4 atá Maigh Eo agus iad le Tír Eoghain agus Ard Mhacha.
Is í an fhoireann a chríochnaíonn ar bharr a ngrúpa amháin a rachaidh ar aghaidh go dtí na babhtaí leathcheannais. Imreoidh an fhoireann is fearr i nGrúpa 1 in aghaidh an dream is fearr i nGrúpa 2 agus tabharfaidh buaiteoirí Ghrúpa 3 aghaidh ar an bhfoireann is fearr ó Ghrúpa 4.
Fágann sé sin go bhféadfadh Áth Cliath agus Gaillimh casadh ar a chéile arís sa chluiche ceannais ach bheadh súil ag leithéidí Chorcaí, Mhaigh Eo, Dhún na nGall agus Ard Mhacha dul chun cinn a dhéanamh i mbliana chomh maith.
Sa Chraobh Idirmheánach, beidh contae na Mí i nGrúpa 3 le Liatroim agus An Dún.
Níl dátaí na gcluichí socraithe go fóill.
Craobh Shinsir Pheil na mBan
Grúpa 1: Corcaigh, An Cabhán, Ciarraí.
Grúpa 2: Gaillimh, Tiobraid Árann, Muineachán.
Grúpa 3: Áth Cliath, Dún na nGall, Port Láirge.
Grúpa 4: Maigh Eo, Tír Eoghain, Ard Mhacha.
Craobh Idirmheánach Pheil na mBan
Grúpa 1: Ros Comáin, Uíbh Fhailí, Loch Garman.
Grúpa 2: An Iarmhí, An Longfort, An Lú.
Grúpa 3: An Mhí, Liatroim, An Dún.
Grúpa 4: Sligeach, An Clár, Cill Dara, Laois.
Craobh Shóisir Pheil na mBan
Grúpa 1: Fear Manach, Ceatharlach, Cill Mhantáin.
Grúpa 2: Doire, Luimneach, Aontroim.
Fág freagra ar 'Áth Cliath agus Gaillimh coinnithe óna chéile i gCraobh Shinsir Peile na mBan'