Is fusa rialtas nua a mholadh ná a bhunú, in ainneoin an riachtanais

Teastaíonn rialtas nua údarásach ar chúiseanna práinneacha sna seachtainí corraitheacha atá romhainn ach tá deacrachtaí le sárú ar dtús

Is fusa rialtas nua a mholadh ná a bhunú, in ainneoin an riachtanais

Bíonn focal dóchais ag an bPríomh-Oifigeach Sláinte Tony Holohan gach lá agus na figiúirí a léiríonn leathadh an choróinvíris á bhfógairt aige in oifigí na Roinne Sláinte.

Tá an Dr Holohan sásta le comhoibriú an phobail leis na toirmisc a d’fhógair an rialtas go dtí seo. Tá sé dóchasach mar sin go maolóidh síorleathadh an ghalair i gceann 7-10 lá. Is ag an bpointe sin a léireofar lántionchar dhúnadh na scoileanna ar an 13 Márta agus na mbeartas frithghalair eile a cuireadh i bhfeidhm ó shin.

Ní foláir a bheith muiníneach as taithí agus saineolas an Dr Holohan agus na foirne atá ag obair ina theannta. Ní foláir cuimhneamh freisin gur saineolaithe iad agus go bhfuil siad go léir ag ullmhú agus ag pleanáil le fada i gcomhair an chineál géarchéime atá romhainn anois.

Sin ráite, ní féidir claonadh na bhfigiúirí ó deimhníodh an chéad chás den ghalar in Éirinn ar an 29 Feabhra a ligean i ndearmad. Tá ardú breis agus 300% tagtha le seachtain anuas ar líon iomlán na gcásanna deimhnithe den ghalar sa Phoblacht.

Mura bhfuil athrú ag teacht ar nósanna laethúla an phobail, nó thromlach an phobail, beidh roghanna uafásacha dosheachanta le déanamh sna hospidéil agus daoine ag fáil bháis nuair nár ghá sin.

Faoi láthair, mar atá á léiriú ag taighde staidrimh atá á dhéanamh go leanúnach ag an Ollamh Liam Glynn agus an Dr Mike O’Callaghan in Ollscoil Luimnigh, ní scéal dóchais ach a mhalairt atá le léamh sna figiúirí. Dar leo go bhfuil leathadh an choróinvíris sa Phoblacht ar aon dul lenar tharla san Iodáil thart ar choícís ó shin.

Ní hionann sin agus a rá go bhfuil an bheirt éadóchasach, ná gur chóir do léitheoir ar bith a bheith éadóchasach mar gheall ar chlaonadh na bhfigiúirí abhus. Is féidir le muintir na hÉireann tubaiste as cuimse na hIodáile a sheachaint, ach ní léir fós an bhfuil an gníomh (nó an easpa gnímh) a theastaíonn á dhéanamh ag ár bhformhór.

Is fiú an chomhairle oifigiúil a scaipeadh i gcónaí:

FAN SA BHAILE!

NIGH NA LÁMHA!

NÁ CUIR DO LÁMH AR D’AGHAIDH!

SEACHAIN DAOINE EILE!

MÁ CHASTAR DUINE EILE ORT, COINNIGH FAD DHÁ MHÉADAR EADRAIBH!

Beidh mór-riachtanas eile soiléir faoi dheireadh na seachtaine. Teastaíonn rialtas nua údarásach ar chúiseanna práinneacha sna seachtainí corraitheacha atá romhainn, ach tá cúis imní ar leith á meá ag mórán i dTeach Laighean le cúpla lá.

Glactar leis anois ar chaon taobh nach mbeidh an tOireachtas, a phléifidh reachtaíocht phráinneach inniu agus amárach, ábalta reachtaíocht ar bith eile a rith ina dhiaidh sin – go dtí go mbeidh Seanad nua roghnaithe go hiomlán. Ní féidir Seanad iomlán a chur i mbun oibre go mbeidh aon Seanadóir déag ainmnithe ag an Taoiseach, rud nach féidir le Taoiseach a dhéanamh go mbeidh rialtas nua curtha ar bun.

Ní leigheasfaidh comhthuscint sa Dáil faoin ngéarghá le reachtaíocht phráinneach an fhadhb.

Is é bun agus barr an scéil nach mbeifear ábalta athrú reachtúil ar bith a chur i bhfeidhm go dtoghfar agus go n-ainmneofar Seanad iomlán – rud nach féidir a dhéanamh cheal rialtais nua.

Ainneoin an riachtanais agus ainneoin na gcainteanna atá ar bun i gcónaí idir Fianna Fáil agus Fine Gael, níltear i bhfoisceacht teacht ar réiteach maidir le bunú rialtais nua a mbeadh móramh láidir aige. Léiríonn ráitis cheannairí an dá pháirtí freisin a neamhthoil rialtas aontaithe a phlé ina dtabharfaí deis ar a laghad do gach páirtí/grúpa a bheith páirteach.

Neosfar go luath cumas Theachtaí na Dála nua aghaidh in éineacht a thabhairt ar ghéarchéim an choróinvíris. Tá an galar ag cur isteach orthu cheana féin agus cosc ar a bhformhór suí i seomra na Dála.

Chaithfí faoi láthair deis a thabhart dóibh uilig a bheith i láthair ar ndóigh dá mbeadh Taoiseach le toghadh agus rialtas nua á bhunú. Ach d’fhéadfaí an fhadhb sin a leigheas agus cruinniú eile a reachtáil sa seomra ciorclach i dTeach an Ard-Mhéara – áit ar tháinig Teachtaí Dála le chéile den chéad uair i 1919 – toisc go bhfuil an seomra sin níos mó ná seomra na Dála i dTeach Laighean.

Faraor, in ainneoin an ghéar-riachtanais, caithfear fadhbanna níos achrannaí a réiteach sula mbeidh vótáil fhiúntach riachtanach agus sula mbeidh rialtas nua ag dul i mbun oibre.

Fág freagra ar 'Is fusa rialtas nua a mholadh ná a bhunú, in ainneoin an riachtanais'