LITIR Ó THÍR NA mBASCACH: An rud is brónaí ná seandaoine ag fáil bháis ina dtithe agus gan aon chúram á fháil acu

Deir Lorea Díez as Iruña i dtuaisceart na Spáinne, an dara tír is measa san Eoraip atá buailte ag an gcoróinvíreas, go bhfuil na dochtúirí ag impí ar na polaiteoirí stop a chur le daoine a bheith ag taisteal sa Spáinn

LITIR Ó THÍR NA mBASCACH: An rud is brónaí ná seandaoine ag fáil bháis ina dtithe agus gan aon chúram á fháil acu

Lorea Díez, (ar dheis) lena deirfiúr Ingeborg in Azparren, Navarra, Tír na mBascach

Tá mé in Azparren, ceantar beag tuaithe gar don chathair Bhascach Iruña, nó Pamplona, mar a thugtar uirthi sa Spáinnis. Tháinig muid anseo ar saoire ón chathair deich lá ó shin sular fógraíodh an t-ordú dianghlasála. Dúirt an rialtas gur cheart gach rud nach raibh ‘géarghá’ leis, nó nach raibh ina sheirbhís bhunúsach a dhúnadh. Ach níor chuir siad síos ar cad iad na seirbhísí sin. Tá daoine trína chéile mar nach bhfuil a fhios acu céard iad na seirbhísí agus na jabanna atá riachtanach agus céard iad na cinn nach bhfuil. Tá na scoileanna, naíolanna agus na hollscoileanna uilig dúnta. Tá bialanna dúnta ach tá tógálaithe ag obair agus tá roinnt monarchana agus gnólachtaí fós ar oscailt. Ceal aon treoir ón rialtas, ba iad na hoibrithe féin i monarcha Volkswagen, ceann de na monarchana is mó in Iruña, a chinn gan dul ar an obair.

Ciallaíonn sin nach bhfaighidh siad aon tuarastal agus nach bhfuil siad i dteideal tacaíocht airgid ón stát. Tá a leithéid sin ag titim amach in áiteanna eile chomh maith, daoine fós ag obair toisc gan aon tacaíocht airgid a bheith ar fáil dóibh. Teip mhór de chuid an rialtais nár tugadh treoir shoiléir do dhaoine maidir le cúrsaí oibre agus nach bhfuil eolas ceart á thabhairt don phobal mar gheall ar an gcoróinvíreas. Tá daoine buartha chomh maith faoin ngéarchéim eacnamaíochta a leanfaidh an coróinvíreas agus cuid acu níos buartha faoi sin ná mar atá faoin víreas féin.

Fadhb eile ná go bhfuil seacht milliún páiste sa Spáinn á gcoimeád sa bhaile agus gan cead acu dul amach ar chor ar bith. Ní dúirt Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sánchez, oiread agus focal amháin faoi seo. Má tá madra agat, tá cead agat dul amach ach má tá páiste agat ní féidir. Tá daoine sáinnithe ina n-árasáin bheaga, cuid acu an-bheag, cuid acu gan aon bhalcóin, agus páistí á gcóiméad acu sa bhaile.

Tá múinteoirí, ar mo chuma féin, ag obair ar líne sa bhaile. An fhadhb atá ann nach bhfuil idirlíon ag na daltaí ar fad. Is iad na páistí a bhfuil ganntanas airgid orthu na páistí céanna nach mbíonn idirlíon sa teach acu agus iadsan is mó a chaillfidh amach. Faoi láthair tá mé ag úsáid Watsapp mar uirlis teagaisc agus chumarsáide mar go bhfuil fáil ag na daltaí ar ghuthán ach is dúshlán mór é teacht ar bhealaí le mata a theagasc do dhéagóirí ar na gutháin. Tá mé ag déanamh i bhfad níos mó oibre agus mé ag obair sa bhaile. Ag an am céanna, tá an leanbh sa teach agus tá orm aire a thabhairt dó chomh maith mar go bhfuil m’fhear fós ag obair.

Fógraíodh an lá eile go raibh coicís eile á cur leis an tréimhse dhianghlasála sa Spáinn, rud a chiallaíonn go leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 11 Aibreán. Sílim gur gá don rialtas stop a chur le daoine sa Spáinn a bheith ag bogadh thart. Rinneadh sin in Gasteiz, cathair Bhascach sa Tuaisceart, áit ar scaipeadh an coróinvíreas go tréan sa phobal i measc daoine a d’fhreastail ar shochraid.

Ach i Maidrid – an chathair ina bhfuil an líon is mó daoine a bhfuil an galar tolgtha acu agus ina bhfuil breis agus 1,000 duine marbh de bharr an choróinvíris go dtí seo – tá daoine fós ag teacht agus ag imeacht. An rud is brónaí ar fad go bhfuil seandaoine ag fáil bháis leis an ngalar seo ina dtithe agus gan aon chúram á fháil acu. Tá na dochtúirí ag impí ar na polaiteoirí an chathair a dhúnadh síos agus stop a chur le daoine ag dul amach agus isteach ón chathair. Go leanfaí an chomhairle sin ar fud na hEorpa!

Fág freagra ar 'LITIR Ó THÍR NA mBASCACH: An rud is brónaí ná seandaoine ag fáil bháis ina dtithe agus gan aon chúram á fháil acu'