Ré an bhithiúnaigh thart agus rás lucht na calaoise geall leis a bheith rite

Tugann an cárta dubh agus an tréimhse aithrí atá le déanamh ar an dtaobhlíne breis cothromaíochta do chur i bhfeidhm na rialacha seachas mar a bhíodh go dtí seo

Ré an bhithiúnaigh thart agus rás lucht na calaoise geall leis a bheith rite

Bhí éirí croí orm ag fágaint Thrá Lí dom oíche Dé Sathairn seo caite, Lá Fhéile Bhríde. Ní toisc go raibh an t-earrach tagtha, ná toisc an áit a bheith ina bheathaigh le faobhar agus fuadar caide, ná, go deimhin, toisc go raibh buaite ag Ciarraí.

Fág go rabhas breá sásta leis an uile ní acusan, ba é fáth mo ghiodaim an uair seo ná go dtaibhsíodh Dé Sathairn dom, mar a taibhsíodh an Satharn roimis sin i bPáirc a’ Chrócaigh go bhfuil ré an bhithiúnaigh thart agus rás lucht na calaoise geall leis a bheith rite.

Táim ag tagairt go díreach don gcárta dubh agus don rian atá á fhágaint anois ar an imirt ag an gcárta céanna.

Tá, don gcéad uair le tamall, pionós ceart le gearradh ar an té a thógfaidh air féin gníomh gránna a chur dó agus ní hé fear na calaoise amháin atá thíos leis ach a chomhghleacaithe go léir.

Táthar tagtha suas leis an bhfeall ar deireadh thiar thall.

Dé Sathairn seo caite dob é Cillian McDaid a dhein an chalaois agus ba iad a leathbhádóirí ar fhoireann na Gaillimhe a chaill cluiche caide in éagmais imreora. An Satharn roimis sin, ach a ndíbríodh Graham O’Sullivan na Dromad, bhí uisce á thógaint ar bord ag Ciarraí ach, ní hionann agus foireann an Gaillimhe, choimeádadar a ngreim más ar éigean féin é. Tá ceachtanna le foghlaim uaidh.

Tá sé ráite go neamhbhalbh ag Cumann Lúthchleas Gael gurb í an aidhm a bhí leis an gcárta dubh agus leis an dtréimhse aithrí a lean, ná go dtiocfadh maolú ar imirt shoiniciúil, go mbeadh pionós deimhnitheach ag gabháil leis agus go n-athródh iompar na n-imreoirí dá réir.

Nuair a bhí na húdaráis ag iarraidh suáilcí na gcártaí dubha  a chur ar ár súile dúinn, cuireadh fianaise ó fheachtas sraithe na bliana 2019 i láthair a thug le fios go n-aimsigh an fhoireann leis an imreoir breise 2-9 cúilín ar an meán i gcomparáid le cúilín amháin ar an meán a d’aimsigh a gcéilí comhraic le linn d’imreoir bheith díbeartha den bpáirc acu siúd.

Deineadh scagadh ar thríocha cluiche sraithe ar fad anuraidh agus bunaithe ar an bhfianaise, bhí, ar an meán, an chaid féin ins an imirt ar feadh 5 nóiméad is cúig shoicind déag le linn na tréimhse go raibh an t-imreoir ag déanamh aithrí ar an dtaobhlíne. Bhí an tréimhse seo ag teacht le figiúirí ó thréimhsí deich nóimeataí eile i gcaitheamh an chluiche. Glactar leis anois tar éis roinnt cluichí bheith feicthe againn agus tar éis d’fhoirne áirithe dul amach ar an gcárta dubh agus ar an dtréimhse a leanann é, go dtiocfaidh laghdú ar an am imeartha sin de réir mar a thosnaíonn imreoirí ar an ngort ag ligint orthu féin go bhfuilid gortaithe agus ag tarrac cleasanna eile chuchu féin in iarrachtaí am a chur i bhfaighid.

Tugann an cárta dubh agus an tréimhse aithrí atá le déanamh ar an dtaobhlíne breis cothromaíochta do chur i bhfeidhm na rialacha seachas mar a bhíodh go dtí seo. Roimis seo, d’fhéadfaí ionadaí a chur isteach geall leis lom díreach (tar éis an chéad stad san imirt) agus, dá réir, bhí buntáiste éagórach ag na foirne sin go raibh painéal domhain acu le bheith ag taoscadh as. Anois, nuair a dhíbrítear imreoir ar chárta dubh, ní féidir ionadaí a chur ina áit agus níl aon bhuntáiste ann d’aon fhoireann. Nuair ná fuil aon bhuntáiste sa chalaois, ní fiú é a dhéanamh agus nuair nach fiú calaois a dhéanamh ba chóir go mbeadh cluiche níos fearr le feiscint againn dá bharra.

Gan dabht, thuig na mná agus lucht riartha Chumann Peile na mBan é seo i bhfad romhainn. Nach mór deich mbliana ó shin, bhí sárfhoireann na linne, Corcaigh sa tóir ar a séú craobh as a chéile agus iad ag tabhairt aghaidh ar Thír Eoghain i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann in 2010. Bhí Corcaigh 0-11 le 0-5 chun cinn ag leath ama ach chríochnaíodar an cluiche le trí dhuine dhéag ar an ngort. Díbríodh Bríd Stack agus Aisling Barrett ar chártaí buí agus, dála na gcártaí dubha i gcluiche na bhfear, bhí tréimhse deich nóimeataí ar an dtaobhlíne ag dul leis na cártaí seo. Le beirt imreoirí sa bhreis ag Tír Eoghain, d’aimsíodar dhá bháide ins na nóimeataí déanacha agus ceileadh sé chraobh as a chéile ar Chorcaigh. Ba dhaor agus ba dhoilíosach na cártaí ar Chorcaigh iad.   

Tuigeann an uile imreoir, muna dtuig cheana, go bhfuil scóladh ceart ag baint leis an gcárta dubh anois. Ba dhóigh leat go mbeadh leisce cheart ar aon imreoir calaois shoiniciúil a dhéanamh feasta mar tuigeann siad go mbeidh praghas an-dhaor le híoc aisti. Beidh an Ghaillimh ag cáiseamh místuaim McDaid a cheil an dá phointe sraithe i dTrá Lí orthu ach beidh ceacht luachmhar tugtha leis ag McDaid má aithníonn sé gur dhána an mhaise dhó a leithéid a dhéanamh arís.    

Thosnaigh an ealaíon seo go léir le calaois Sheán Cavanagh ar Conor McManus i gcraobh na bliana 2013 agus le rámhaillí Joe Brolly ar an dteilifís ina dhiaidh sin. Thug Cavanagh na cosa leis an uair úd agus dúradh ag an am go ndéanfadh aon imreoir an rud céanna sa chás céanna. Ní dóigh liom gur mar sin atá inniu. Tá dul chun cinn déanta. Más mall féin, is mithid.   

Fág freagra ar 'Ré an bhithiúnaigh thart agus rás lucht na calaoise geall leis a bheith rite'