Dhá scoil Ghaeltachta agus dhá scoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna is mó a sholáthraíonn mic léinn don tríú leibhéal

De réir táblaí nua, tá Coláiste Chroí Mhuire gan Smál sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara sa cheathrú háit ar liosta náisiúnta na scoileanna gan táille is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal

Dhá scoil Ghaeltachta agus dhá scoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna is mó a sholáthraíonn mic léinn don tríú leibhéal

Tá dhá iarbhunscoil Ghaeltachta agus dhá iarbhunscoil lán-Ghaeilge i measc na ndeich scoil gan táille sa stát is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal.

De réir liosta a d’fhoilsigh an Irish Times ar maidin, tá Coláiste Chroí Mhuire gan Smál sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara sa cheathrú háit ar liosta náisiúnta na scoileanna gan táille is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal. 

Bhí Coláiste na Coiribe, scoil i nGaeltacht chathair na Gaillimhe, sa seachtú háit ar liosta na scoileanna gan táille is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal. Bhí Coláiste Chnoc na Labhras, meánscoil lán-Ghaeilge do chailíní i Luimneach, san ochtú háit agus bhí Coláiste Íosagáin, scoil cailíní i mBaile Átha Cliath sa 10ú háit.

Bhí Coláiste Íosagáin ar an scoil gan táille is mó sa stát a sholáthair daltaí do chúrsaí ‘ardphointí’ tríú leibhéal.

Bhí Gaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór i gCill Mhantáin sa 16ú háit maidir le soláthar mac léinn nuair a fhágtar scoileanna príobháideacha as an áireamh agus bhí Gaelcholáiste Luimnigh sa 21ú háit.

Bhí Gaelcholáiste na Mara sa cheathrú háit sa stát ar liosta na scoileanna is mó a dhein feabhas le cúig bliana anuas maidir le céatadán na mac léinn a sholáthraítear don tríú leibhéal. 

Bhí an scoil i gCill Mhantáin sa séú háit ar liosta na scoileanna gan táille is mó sa stát a sholáthair daltaí do chúrsaí ‘ardphointí’. 

Bhí Gaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde i mBaile Átha Cliath sa séú háit ar liosta na scoileanna is mó a dhein feabhas le cúig bliana anuas maidir le céatadán na mac léinn a sholáthraítear,

114% de scoláirí Choláiste Chroí Mhuire gan Smál ar an Spideál a chuaigh ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Bhí an scoil Ghaeltachta san ochtú háit sa stát nuair a chuirtear scoileanna príobháideacha san áireamh.

As an 32 dalta a bhí i gceist i gcás scoil an Spidéil, 17 acu a chuaigh go dtí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus 12 a chuaigh go dtí Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.

De réir liostaí an nuachtáin, tugtar le fios go dtéann níos mó ná 100% de dhaltaí i scoileanna áirithe ar aghaidh go dtí institiúidí tríú leibhéal mar go gcuirtear san áireamh iardhaltaí, daoine a rinne cúrsaí iar-Ardteiste agus daoine a d’éirigh as cúrsa tríú leibhéal amháin le freastal ar cheann eile. 

Níor chuir an Irish Times san áireamh ar a liosta náisiúnta scoileanna inar dhein níos lú ná 20 duine an Ardteist i mbliana nó scoileanna inar tháinig laghdú 15% nó níos mó ar líon na ndaltaí a dhein an Ardteist in 2019 i gcomparáid le 2018.

D’fhág sin go raibh neart scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a bhí ard go maith ar liostaí na gcontaetha, ach nach raibh áirithe i measc na scoileanna is airde ar an liosta náisiúnta.

Bhí Coláiste Cholmcille in Indreabhán (117%)  i nGaeltacht Chonamara sa dara háit i gcontae na Gaillimhe agus bhí Pobalscoil Ghaoth Dobhair (102%). sa chéad áit i gcontae Dhún na nGall. 

Bhí Scoil Phobail Mic Dara i gCarna (100%) sa naoú háit sa Ghaillimh agus bhí Gaelcholáiste Thrá Lí (107%) sa cheathrú háit i gCiarraí. 

Bhí Gaelcholáiste Reachrann (116%) i nDomhnach Míde sa chéad áit i mBaile Átha Cliath 13 agus í i measc na scoileanna is fearr a chruthaigh san ardchathair. Bhí Coláiste Oiriall sa chéad áit i gcontae Muineacháin, bhí Meánscoil Garman sa chéad áit i Loch Garman agus bhí bhí Gaelcholáiste Phort Láirge i mBaile Gunnair sa tríú háit i bPort Láirge.

Bíonn roinnt conspóide i gcónaí faoi liostaí na scoileanna ‘feeder’ nó freastail. Dar le go leor saineolaithe nach dtugann liostaí dá leithéid léargas cruinn ar fheabhas scoile mar gheall ar a chúinge is atá na critéir agus an dearcadh a léirítear iontu ar cad is oideachas ann.

Dar leis an Irish Times go léiríonn na liostaí is déanaí atá acu deighilt mhór sa tsochaí sa mhéid is go bhfuil na scoileanna príobháideacha go mór chun tosaigh i gcónaí maidir le soláthar mic léinn don triú leibhéal.

Bhí seacht scoil lán-Ghaeilge i measc an 50 iarbhunscoil ‘is fearr’ sa stát, de réir rangú an Sunday Times i mbliana.

De réir figiúirí nua a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc.ie i mbliana is beag méadú atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.

58,333 dalta scoile atá cláraithe le scoileanna ina bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á chur orthu.

Fágann sin gur 6% de dhaltaí an Stáit, idir dhaltaí bunscoile agus dhaltaí iarbhunscoile, atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair. 8% de dhaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ach níl oideachas lán-Ghaeilge á chur ach ar 3.5% de dhaltaí iarbhunscoile an Stáit.

Tá níos lú ná 10,000 dalta iarbhunscoile ag fáil oideachas lán-Ghaeilge i scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Dhá scoil Ghaeltachta agus dhá scoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna is mó a sholáthraíonn mic léinn don tríú leibhéal'