Na 10 ngaelcholáiste agus na 10 n-iarbhunscoil Ghaeltachta ‘is fearr’

Tá ocht scoil lán-Ghaeilge i measc an 50 scoil ‘is fearr’ sa Stát i dtáblaí nuachtáin

Na 10 ngaelcholáiste agus na 10 n-iarbhunscoil Ghaeltachta ‘is fearr’

Tá seacht scoil lán-Ghaeilge i measc an 50 iarbhunscoil ‘is fearr’ sa stát, de réir rangú an Sunday Times.

Dhá scoil lán-Ghaeilge do chailíní atá sa dá scoil is airde ar an liosta.

Tá an scoil lán-Ghaeilge Coláiste Chnoc na Labhras i Luimneach ar an iarbhunscoil ‘is fearr’ sa stát den séú bliain as a chéile, de réir rangú The Sunday Times, agus tá Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath sa dara háit ar an liosta 400 scoil. 

Is iad na scoileanna lán-Ghaeilge eile atá áirithe i measc an 50 scoil ‘is fearr’ sa Stát ná Coláiste na Coiribe, Gaillimh, atá sa 10ú háit, Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath, atá san 16ú háit, Coláiste Íde sa Daingean atá sa 37ú háit, Gaelcholáiste Luimnigh atá sa 41ú háit, Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath, atá sa 46ú háit, agus Coláiste Pobail Osraí atá sa 50ú háit.

Gaelcholáistí

Scoil Contae Rangú Náisiúnta
Coláiste Chnoc na Labhras Luimneach 1
Coláiste Íosagáin BÁC 2
Coláiste na Coiribe Gaillimh 10
Coláiste Eoin BÁC 16
Coláiste Íde Ciarraí 37
Gaelcholáiste Luimnigh Luimneach 41
Coláiste Cois Life BÁC 46
Coláiste Pobail Osraí Cill Chainnigh 50
Gaelcholáiste Ciarraí Ciarraí 69
Gaelcholáiste Cheatharlach Ceatharlach 78

Tá scagadh déanta ag Tuairisc.ie ar an tábla agus liosta de na 10 ngaelcholáiste agus na 10 iar-bhunscoil Ghaeltachta is fearr sa stát curtha i dtoll a chéile againn bunaithe ar an eolas a foilsíodh in The Sunday Times.

De réir, an eolais sin, tá Coláiste na Coiribe i nGaillimh sa chéad áit i gCúige Chonnacht maidir le soláthar daltaí d’institiúidí tríú leibhéal. Tá ceithre scoil Ghaeltachta eile i measc an 20 scoil ‘is fearr’ i gConnachta: Coláiste Gobnait, Inis Oírr; Scoil Phobail Mhic Dara, Carna; Coláiste Chroí Mhuire, an Spidéal; agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, an Cheathrú Rua. Tá Coláiste Íde sa Daingean sa tríú háit i gCúige Mumhan agus tá Pobalscoil Chorca Dhuibhne san 18ú háit. Tá Pobalscoil Ghaoth Dobhair sa séú háit i gCúige Uladh.

Bunaíodh na staitisticí ar eolas a bailíodh faoi líon na ndaltaí in iarbhunscoileanna uile na tíre a chuaigh ar aghaidh go dtí 32 institiúid tríú leibhéal thuaidh agus theas. 

Baineann conspóid i gcónaí le foilsiú leithéidí na dtáblaí seo agus go leor saineolaithe oideachais den tuairim gur róchúng an tslat tomhais iad chun breithiúnas a thabhairt ar chaighdeán an oideachais a chuirtear ar fáil i scoileanna na tíre.

Scoileanna Gaeltachta

Scoil Contae Rangú Náisiúnta
Coláiste na Coiribe Gaillimh 10
Coláiste Íde Ciarraí 37
Coláiste Ghobnait, Inis Oírr Gaillimh 79
Scoil Mhuire, Béal Átha an Ghaorthaidh Corcaigh 107
Pobalscoil Chorca Dhuibhne Ciarraí 116
Scoil Pobal Mhic Dara, Carna Gaillimh 124
Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal Gaillimh 137
Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua Gaillimh 144
Pobalscoil Ghaoth Dobhair Dún na nGall 189
Coláiste Pobail Ráth Chairn Co na Mí 270

 

Fág freagra ar 'Na 10 ngaelcholáiste agus na 10 n-iarbhunscoil Ghaeltachta ‘is fearr’'

  • Sibéal

    Smál dubh os cionn scoileanna na tíre is ea na táblaí seo. Léiríonn an ómós a tugtar dóibh an drochstaid ina bhfuil ár dtuiscint ar oideachas.