Comhrialtas nó freasúra réabhlóideach? Rogha Shinn Féin…

Tá Sinn Féin fós ag iarraidh 20% a bhaint amach sna pobalbhreitheanna agus go leor ábhar machnaimh acu roimh an olltoghchán

Comhrialtas nó freasúra réabhlóideach? Rogha Shinn Féin…

Is cosúil nach bhfuil aon rud ar domhan is mó a chuireann imní ar pholaiteoirí na linne seo ná toghchán nó caint faoi thoghchán.

I Sasana, cé gur léir go bhfuil an pharlaimint in aimhréidh ar fad, fós tá drogall ar pholaiteoirí an fhreasúra toghchán a tharraingt. Ar fhaitíos go mbeadh an bua acu siúd a sheasann leis an mBreatimeacht, an ea?

Tá an freasúra anois ag rá, i bhfocail a chuireann Naomh Agaistín i gcuimhne dom, tabhair dúinn toghchán ach i ndiaidh síneadh eile a fháil ar an mBreatimeacht, ar mhaithe, gan dabht, leis an mBreatimeacht ar fad a chur ar ceal.

Sin díreach an cur chuige a chaillfidh vótaí don Lucht Oibre is a chuirfidh na Caomhaigh ar ais i gcumhacht.

Sa tír seo, is deas an leithscéal é an Breatimeacht gan toghchán a reáchtáil – cé go bhfuil na páirtithe go léir nach mór aontaithe ar chur i gcoinne an Bhreatimeachta agus leas a bhaint as an gcúlstad chuige sin.

I ndáiríre, cé go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag Fianna Fáil – agus seans maith gurb iadsan a bheas chun tosaigh in aon olltoghchán abhus – ní cosúil go mbeidh bua cinnte ag ceachtar den dá pháirtí is mó, Fianna Fáil ná Fine Gael.

Buaileadh buille trom ar an dream atá ar an eite chlé sna toghcháin áitiúla is Eorpacha.  Rinne Comhaontas Glas go maith, ach tá comharthaí le feiceáil sna pobalbhreitheanna go bhfuil an ghaoth ag imeacht as a seolta. Feicfimid linn.

Tá Páirtí an Lucht Oibre thíos ag 5%, agus na páirtithe beaga eile ar an eite chlé imeallach i gcónaí: Daonlathaigh Shóisialta, Solidarity, Pobal Seachas Brabús agus mar sin de.

Fágann sé sin Sinn Féin, atá fós ag iarraidh 20% a bhaint amach sna pobalbhreitheanna.

Gheobhaimid amach sna fothoghcháin – nach féidir leo a sheachaint i ndiaidh na Samhna – an ndéanfaidh siad níos fearr.  Ceapaim go ndéanfaidh, mar i gCorcaigh Lár Thuaidh agus i gCluain Dolcáin tá níos mó vótaí acu nó mar atá ag Fine Gael. Agus níl a fhios cá rachaidh vótaí Mick Wallace agus Clare Daly sna fothoghcháin i Loch Garman agus i bhFine Gall.

Mar is iondúil tá a lán daoine sna páirtithe beaga ag caint faoi theacht le chéile na heite clé. Ach go minic is é an cineál teacht le chéile a bhíonn á mholadh acu ná go nglacfadh na páirtithe ar an eite chlé le dearcadh na mionpháirtithe eile.

Ceist achrannach go maith í an cheist sin gan dabht, agus cheana féin tá ráite ag Paul Murphy, TD, go bhfuil sé ag éirí as Solidarity agus as an bPáirtí Sóisialach toisc nach bhfuil siadsan sásta comhoibriú le grúpaí eile ar an eite chlé, ina measc Sinn Féin.

Bhí sé spéisiúil mar sin a léamh sna meáin go bhfuil Mary Lou McDonald, uachtarán Shinn Féin, ag caint i gcónaí faoi chomhrialtas agus í ullamh le dul i mbun cainteanna i ndiaidh an toghcháin le ceann den dá pháirtí mhóra – Fianna Fáil is dóichí.

Níl mise ar na daoine sin a dhiúltaíonn glan amach do chomhrialtas. Is cuma liomsa cén t-ainm a bhíonn ar pháirtí ar bith. ’Sé an rud is tábhachtaí ná cén clár oibre is féidir a leagan amach agus a chur i gcrích le páirtí ar bith.

I gcás Shinn Féin is léir go bhfuil roinnt’ línte dearga’ nach féidir leis an bpáirtí a thrasnú agus seo ceithre cinn acu. Seasamh teanntásach i dtaobh athaontú na tíre, agus geallúint go dtosófar ar an obair ullmhúcháin don athaontú sin láithreach. Deireadh a chur le géarchéim na tithíochta, agus ciallaíonn sé sin go mbeidh ról an stáit lárnach i dtógáil agus i soláthar tithe. Gníomh soiléir i dtaobh cúrsaí sláinte, agus stop a chur leis an gcóras dhá aicme sna hospidéil. Tabhairt faoi chúrsaí aeráide ar bhealach a chuireann an t-ualach ar chomhlachtaí seachas ar na daoine.

Chaithfeadh Sinn Féin a thaispeáint go mbeadh dul chun cinn dáiríre déanta maidir le saol an ghnáthdhuine a fheabhsú.  Mura féidir leo sin a dhéanamh, agus mura dtabharfaí faoi na géarchéimeanna tithíochta is sláinte a réiteach, is amhlaidh a bheidís ag cur lámh ina mbás féin dá rachaidís i mbun comhrialtais.

I bhfianaise na bpobalbhreitheanna agus thorthaí na dtoghchán is deireanaí, feictear dom go mbeidh Fianna Fáil (agus Fine Gael) rómhuiníneach astu féin le go mbeidís sásta glacadh leis na héilimh a bheadh riachtanach do Shinn Féin sula ngabhfaidís i gcomhrialtas leo.

Is deacair i gcónaí obair in éineacht le páirtithe atá go bunúsach naimhdeach i do choinne (go háirithe maidir leis an gceist náisiúnta), ach mura dtarlaíonn  athrú míorúilteach i ndearcadh Fhianna Fáil ní fheicim gur féidir le Sinn Féin rud ar bith fiúntach a bhaint astu.

Ní shin le rá nach cóir labhairt faoi chomhrialtas, agus na línte dearga sin a mhíniú don phobal, ach ceapaim go mbeadh sé níos tairbhí iarracht a dhéanamh comhoibriú le páirtithe ar na heití clé is leathchlé, le ceardchumainn agus eagraíochtaí pobail, agus seasamh aontaithe a chur os comhair an phobail i gcoinne an rachmais atá ag déanamh an oiread sin díobhála do mhuintir na tíre seo.

Fág freagra ar 'Comhrialtas nó freasúra réabhlóideach? Rogha Shinn Féin…'

  • Sibéal

    Freasúra Réabhlóideach? Céard is brí le sin?