Éire V AN tSEAPÁIN: Scíth do scata agus deis do dhaoine eile ag Corn an Domhain

Deis iontach an dara cluiche ag corn an domhain do Joe Schmidt seans imeartha a thabhairt don chuid eile dá phainéal

Éire V AN tSEAPÁIN: Scíth do scata agus deis do dhaoine eile ag Corn an Domhain

Ní raibh ach cúig nóiméad imeartha sa gcluiche i gcoinne na hAlban nuair a thrasnaigh James Ryan na hÉireann líne an úid. Ba léir láithreach nach go raibh fir Joe Schmidt agus gan ach misean amháin acu sa tSeapáin. Faoin am ar shéid an réiteoir an fheadóg leath-ama bhí dhá úd eile aimsithe ag foireann na tíre seo agus gan ach trí phointe slánaithe ag foireann na hAlban.

Bhí imirt na hÉireann chomh cumasach sin gurbh léir nárbh fhada go mbeadh an ceathrú húd agus an pointe bónais sa mhála acu, rud a tharla luath go maith sa dara leath. Go deimhin, ba mhó imní a bhí ar dhaoine le linn an dara leath faoi ghortú a d’fhéadfadh tarlú ná faoi thoradh an chluiche. Ach ar chríochnaigh an cluiche bhí Johnny Sexton, Peter O’Mahony agus Josh Van Der Flier faoi chúram an dochtúra. Ní dóigh go raibh rún ag Joe Schmidt iad a chur chun páirce an Satharn seo i gcoinne fhoireann na Seapáine, fiú dá mbeidís i mbarr a maitheasa, ach b’fhearr gan imreoir ar bith a bheith ar liosta na ngortuithe.

Tugann an dara cluiche i gcoinne na Seapáine deis iontach do Schmidt seans imeartha a thabhairt don chuid eile dá phainéal. Go deimhin má imríonn siad mar a rinne na hionadaithe nó na himreoirí dara rogha, leithéidí Farrell, Larmour agus Carty, imreoirí a fuair deis an Domhnach seo caite, is deacair bua a thuar d’fhoireann na Seapáine.

Mar sin féin, tá an tSeapáin agus Éire ar comhscór ar thábla Ghrúpa A, cúig phointe an taobh de bharr bua le ceithre úd i mBabhta a hAon.

Ní raibh aon easpa lucht tacaíochta ar cheachtar den dá fhoireann seo i mBabhta a hAon agus beidh Staid Shizuoka lán go béal don chluiche seo. Más tada é, seans gur ag na Seapánaigh is mó a bheas an lucht tacaíochta ach ní dóigh liomsa go gcuirfidh sé sin as do na hÉireannaigh.

Tá a fhios ag na himreoirí a roghnóidh Schmidt an Satharn seo go bhfuil an dúshlán is mó i nGrúpa A sáraithe ag foireann na hÉireann cheana féin agus seachas botún uafásach eicínt go bhfuil áit sna babhtaí ceathrú ceannais cinntithe acu. Ní bheidh maithiúnas ar bith ar fáil d’aon imreoir a chuirfidh an áit sin i mbaol.

Creid uaim é, níl seans ar bith ann go dtarlóidh sé sin, ach mar sin féin is cinnte go mbeidh bua na Seapáine ar an Afraic Theas sa gcomórtas seo in 2015 ina n-intinn ag imreoirí na tíre seo.

Mar a bhí sa dara leath sa gcéad chluiche, is mó imní atá ormsa maidir le himreoirí a thabhairt slán go deireadh an chluiche seachas toradh an chluiche.

Ní gá bua ceithre phointe, cé go mbeadh fáilte roimhe, ach is mó fáilte a bheadh roimh liosta gearr don dochtúir!

Beidh an painéal ar fad uainn don chluiche ceathrú ceannais sin i gcoinne na hAfraice Theas.

Tá Laochra an tSamurai le cloí againn roimhe sin.

Fág freagra ar 'Éire V AN tSEAPÁIN: Scíth do scata agus deis do dhaoine eile ag Corn an Domhain'