Larmour tagtha faoi bhláth, obair fós le déanamh ag Sexton agus ceachtanna eile

Caitheann tuairisc.ie súil siar ar bhua na hÉireann ar Albain ag Corn Rugbaí an Domhain sa tSeapáin

Larmour tagtha faoi bhláth, obair fós le déanamh ag Sexton agus ceachtanna eile

Larmour tagtha faoi bhláth

Cluiche tábhachtach ab ea ceann an Domhnaigh do Jordan Larmour agus taispeántas maith tugtha aige d’Éirinn i gcoinne na hAlban. Agus gortú ag cur as do Rob Kearney, ba é Larmour a thosaigh mar lánchúlaí agus ní dhearna sé mórán as bealach.

Níl aon dabht ach go bhfuil fear chúige Laighean cumasach nuair a bhíonn an liathróid ina sheilbh aige ach measadh roimh an gcluiche go mbeadh na hAlbanaigh ag iarraidh Larmour a chur faoi bhrú agus ciceanna arda a chur ina threo. Agus an bháisteach ag titim go trom in Yokohama le linn an chluiche, ba dheacra fós rudaí do Larmour ach d’éirigh go hiontach leis.

Anuraidh a d’imir Larmour a chéad chluiche d’Éirinn i gcraobh na Sé Náisiún ach bhí sé soiléir go maith nach raibh de mhuinín ag Joe Schmidt é a thosú sna cluichí ba thábhachtaí. Tar éis dó teacht slán ó chluiche mór i gCorn an Domhain, seans gur léir do Schmidt anois go bhfuil Larmour tagtha faoi bhláth.

Best tagtha chuige féin arís

Tubaiste cheart a bhí sa chluiche a chaill Éire i gcoinne Shasana an mhí seo caite. Bua 42 pointe a bhí ag na Sasanaigh agus cé go raibh Éire go holc ar fud na páirce, bhí taispeántas Rory Best ar cheann de na cúiseanna imní ba mhó.  Chlis go hiomlán ar shíneadh amach na hÉireann an lá sin agus cheap daoine go mb’fhéidir go raibh a áit ar an bhfoireann caillte ag fear Uladh.

Tá Best tagtha ar ais go láidir ón gcluiche sin, áfach. Bhí cluiche iontach aige i gcoinne na Breataine Bige sa chluiche deireanach a d’imir Éire sular thug siad aghaidh ar an tSeapáin agus bhí sé ar fheabhas arís inné.

Bhuaigh Éire gach ceann den 12 síneadh amach a bhí acu i gcoinne na hAlban agus bhuaigh siad na 10 gclibirt a bronnadh orthu. Ní hamháin sin ach d’aimsigh Best úd sa chéad leath. Ní hé Best an t-imreoir is mó scil ar an bhfoireann ach déanann sé an-chuid oibre agus b’amhlaidh a bhí aige inné.

Andrew Conway le Conor Murray agus Jonathan Sexton. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Obair fós le déanamh ag Sexton

Nuair a bhí foireann na hÉireann i mbarr a réime anuraidh, ba iad Conor Murray agus Jonathan Sexton a bhí ag stiúradh rudaí den chuid is mó. Ní raibh an bheirt i mbarr a maitheasa i mbliana áfach agus b’in ceann de na príomhchúiseanna nár éirigh rómhaith le hÉirinn i gCraobh na Sé Náisiún.

Ábhar dóchais a bhí i dtaispeántas Murray i gcoinne na hAlban áfach. Ní raibh an leathchúlaí clibirte ar an bpáirc ach ar feadh uair an chloig ach bhí sé ar fheabhas sa tréimhse sin. Bhí a chuid ciceála an-chruinn agus thug sé spreagadh don fhoireann.

Ní raibh an tionchar céanna ag Sexton ar an imirt, faraor. Is léir go raibh gortú ag cur as dó agus ba é Murray a thóg an chuid is mó de na ciceanna éirice agus na hiarrachtaí ar phointí breise sa chluiche.

Más le hÉirinn an cluiche ceathrú ceannais i gcoinne na hAfraice Theas a bhuachan, beidh géarghá le taispeántais den scoth ó Murray agus ó Sexton. Bhí an chuma ar Murray inné go bhfuil sé tagtha chuige féin ach tá obair fós le déanamh ag Sexton.

Ní féidir gortuithe a sheachaint

Cé go mbeidh Joe Schmidt an-sásta leis an tús atá curtha ag Éirinn le Corn an Domhain, ní dea-scéala ar fad a bhí ann d’Éirinn. Baineadh Peter O’Mahony agus Bundee Aki den pháirc sa gcéad leath i gcoinne na hAlban agus gortú cloiginn ag cur as don bheirt acu.

Tháinig siad slán ó thástáil na maidine inniu ach feicfimid linn an mbeidh siad tagtha chucu féin roimh an gcluiche i gcoinne na Seapáine Dé Sathairn seo chugainn. Bheadh sé i gceist ag Schmidt athruithe a dhéanamh roimh an gcluiche sin ar aon nós ach ní bheidh sé ag iarraidh imreoirí a chailleadh de bharr gortuithe.

Ar an dea-uair, bh Jack Conan agus Chris Farrell, a tháinig isteach in áit O’Mahony agus Aki,agus bhí na hionadaithe ar fheabhas, Farrell go háirithe. Tá seans ann anois go dtosóidh Farrell i gcoinne na Seapáine ach beidh Schmidt ag iarraidh go mbeidh gach duine ar fáil dó arís agus cluichí níos deacra amach rompu.

Fág freagra ar 'Larmour tagtha faoi bhláth, obair fós le déanamh ag Sexton agus ceachtanna eile'