‘Claonadh neamh-chomhfhiosach’ i gcoinne na Gaeilge ina bhac roimh chearta teanga – fear fheachtas an tsíneadh fada

Deir Ciarán Ó Cofaigh an léiritheoir scannáin aitheanta atá i mbun feachtais ar son aitheantas a fháil don síneadh fada go bhfuil claonadh i gcoinne na Gaeilge ag na húdaráis i ngan fhios dóibh féin

‘Claonadh neamh-chomhfhiosach’ i gcoinne na Gaeilge ina bhac roimh chearta teanga – fear fheachtas an tsíneadh fada

Deir an té atá i mbun an fheachtais ar son aitheantas a fháil don síneadh fada go bhfuil ‘claonadh neamh-chomhfhiosach’ i gcoinne na Gaeilge sa státchóras atá ina bhac roimh chearta teanga.

Bhunaigh an léiritheoir scannáin aitheanta Ciarán Ó Cofaigh an feachtas Faigh do ‘fada’ mí Dheireadh Fómhair seo caite chun Gaeil á spreagadh le héileamh a dhéanamh go litreodh comhlachtaí príobháideacha agus eagrais stáit a gcuid ainmneacha go cruinn agus go gcuirfidís na sínte fada isteach.

Mar chuid dá fheachtas dhein Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir Um Chosaint Sonraí faoina ainm a bheith á litriú mícheart ag an HSE agus Bank of Ireland.

I gcás an HSE, chinn an Coimisiún mí Aibreáin nach ceart absalóideach é ag an duine a bhfuil síneadh fada ina ainm an t-ainm sin a bheith litrithe go cruinn agus an síneadh fada ann.

Ach tá Ó Cofaigh fós ag fanacht ar chinneadh faoina ghearán faoi Bank of Ireland agus é míshásta leis an easpa dul chun cinn, dar leis, atá á dhéanamh ag an gCoimisiún Um Chosaint Sonraí faoina chás.

Tá breis is seacht mí caite ó dhein Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisiún agus tá sé den tuairim anois gur ‘claonadh neamh-chomhfhiosach’ i gcoinne na Gaeilge is cúis leis an easpa dul chun cinn.

Deir Ó Cofaigh go bhfuiltear ag fiosrú an bhfuil córas ríomhaireachta na gcomhlachtaí in ann síneadh fada a láimhseáil seachas déileáil “le croí na ceiste”, ar chóir go gceartódh na comhlachtaí aon sonraí pearsanta míchruinne atá á gcoinneáil acu.

“Tá dhá theanga oifigiúil sa tír seo agus tá an Ghaeilge ar cheann acu. Ní féidir m’ainmse ná mo sheoladh a litriú gan ‘síneadh fada’ na Gaeilge. Dá bharr sin, tá mo chuid sonraí míchruinn ag Banc na hÉireann. Sin tús agus deireadh an scéil dar liomsa,” a deir Ó Cofaigh sa litir is déanaí atá seolta aige go dtí an Coimisiún Um Chosaint Sonraí.

Deir Ó Cofaigh chomh maith gur theip ar an gCoimisiún duine le Gaeilge a chur ar fáil dó chun a chás a phlé.

Deir sé go bhfuil “freagra simplí” á lorg aige “ar cheist an-simplí”, is é sin an bhfuil nó nach bhfuil dualgas ar chomhlachtaí faoin GDPR ainmneacha le síneadh fada na Gaeilge a litriú ceart agus aon sonraí míchruinne a cheartú.

Tá gearán déanta chomh maith ag Ó Cofaigh le hOifig an Choimisinéara Teanga faoi theip an Choimisiúin Um Chosaint Sonraí duine le Gaeilge a chur ar fáil dó chun a chás a phlé.

Dheimhnigh an Coimisiún Um Chosaint Sonraí go raibh plé déanta ag lucht ardbhainistíochta na heagraíochta faoi mhíshástacht Uí Chofaigh maidir leis an tslí atáthar ag plé lena ghearán.

Ina bhfreagra ar litir Uí Chofaigh inar chuir sé ‘claonadh neamh-chomhfhiosach’ i gcoinne na Gaeilge ina leith, dúradh go ndéanann an Coimisiún gach cás a mheas bunaithe ar dhintiúir an cháis áirithe sin.

Dúradh gur annamh a bhuaileann Coimisiún le gearánaigh aonair agus go leanfar le scrúdú a ghearán.

Dúradh go gcuirfear chuig Ciarán Ó Cofaigh an t-eolas is déanaí faoina ghearáin “a luaithe is féidir”.

Fág freagra ar '‘Claonadh neamh-chomhfhiosach’ i gcoinne na Gaeilge ina bhac roimh chearta teanga – fear fheachtas an tsíneadh fada'