Scór sa tóir ar an deis dúshlán Trump a thabhairt

Is léir go bhfuil na Daonlathaigh deighilte agus gan mórán de thuairim ag aon duine go fóill cén cineál iarrthóra is fearr a thabharfadh dúshlán Donald Trump

Scór sa tóir ar an deis dúshlán Trump a thabhairt

Tá scór anois sa tóir ar ainmniúchán na nDaonlathach sna Stát Aontaithe. Idir fhir agus mhná, óg agus sean tá siad ag taisteal ar fud na tíre ag stocaireacht do na réamhthoghcháin a thosóidh i mí Eanáir seo chugainn.

An insíonn sin a scéal féin faoin bpáirtí? Tá na Stáit Aontaithe deighilte go polaitiúil faoi láthair. Is léir go bhfuil na Daonlathaigh deighilte freisin agus gan mórán de thuairim ag aon duine go fóill cén cineál iarrthóra is fearr a thabharfadh dúshlán Donald Trump. Agus má leanann an scéal mar sin, níl mórán seans go n-éireoidh leo an tUachtarán reatha a chur amach as an Teach Bán an bhliain seo chugainn.

Thosaigh Joe Biden ag feachtasaíocht go hoifigiúil an tseachtain seo. Tá sé fógartha ag a fheachtas gur bhailigh sé $6.3 milliún dollar sna ceithre huaire fichead tar éis dó a fhógairt Déardaoin seo caite go mbeadh sé san iomaíocht. Sin níos mó ná mar atá cruinnithe ag an naonúr déag eile ar fad le chéile. Léargas tábhachtach ar sheansanna iarrthóirí toghchánaíochta sna Stát Aontaithe i gcónaí a gcumas bailithe airgid.

Tá Biden ag díriú ar stáit ar leith an tseachtain seo. Stáit atá tábhachtach don phróiseas ainmniúcháin agus stáit a chaithfidh na Daonlathaigh a mhealladh ar ais chucu féin má fúthu seans ar bith a bheith acu an Teach Bán a bhaint de na Poblachtánaigh. Pittsburgh, Pennsylvania a roghnaigh sé don chéad slógadh an tseachtain seo. Tá Pennsylvania ar cheann de dhosaen Stát sna Stát Aontaithe a bhíonn cinniúnach i dtoghcháin uachtaránachta agus a bhíonn idir dhá cheann na meá go minic. Thug na Daonlathaigh leo an Stát sna sé thoghchán a bhí ann roimh 2016 ach d’éirigh le Donald Trump an Stát a ghnóthachtáil le farasbarr 0.7% sa toghchán sin. Ba é an Stát seo, chomh maith le Wisconsin agus Michigan, a bhí cinniúnach i gcás Trump agus a thug an bua dó.

Ina chuid cainte go dtí seo tá an-bhéim á chur ag Biden bhéim ar an meánaicme a mhealladh chuige. Tá ag éirí go maith le heacnamaíocht na Stát Aontaithe faoi Donald Trump. Tá geallúintí go leor déanta aige faoi thionscail atá láidir in Pennsylvania, cruach agus gual agus déantúsaíocht. Chuaigh na geallúintí i bhfeidhm ar an lucht oibre ansin in 2016. Ach tá sé de cháil ar Joe Biden go bhfuil dáimh aige le hoibrithe agus daoine nach bhfuil an oiread sin de mhaoin an tsaoil acu. Seachas geallúintí faoi airgead, tá sé le tuiscint óna bhfuil á rá aige go dtí seo go dteastaíonn uaidh dul i gcion ar dhaoine lena theachtaireacht faoi ‘luachanna traidisiúnta’. An ghráin a thabhairt don chiníochas agus don fhuath. An daonlathas a chosaint.

Beidh Biden in Iowa agus in Carolina Theas an tseachtain seo freisin. Cé go mbeidh súil ag daoine ar an nglacadh a bheidh leis sa dá stát sin, is é Pittsburgh is tábhachtaí an tseachtain seo, Is beag an baol nach mbeidh Bernie Sanders, Elizabeth Warren, Kamala Harris, Pete Buttigieg, Beta O’Rourke agus an ceathrar déag eile ag faire ar imeachtaí na seachtaine seo go géar.

Tá Biden anois mar chéad rogha lucht páirte na nDaonlathach de réir na bpobalbhreitheanna is déanaí ach seans gur iomaí casadh a bheidh sa bhfeachtas seo idir seo agus coinbhinsiún an pháirtí mí Iúil na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar 'Scór sa tóir ar an deis dúshlán Trump a thabhairt'