Tráth na gceisteanna do Delaney agus Cumann Peile na hÉireann i dTithe an Oireachtais

Is iomaí cor agus casadh i scéal an FAI agus John Delaney ó tuairiscíodh an mhí seo caite go raibh iasacht idirlinne €100,000 tugtha ag an iar-phríomhfheidhmeannach don chumann

Tráth na gceisteanna do Delaney agus Cumann Peile na hÉireann i dTithe an Oireachtais

John Delaney. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tráth na gceisteanna é do John Delaney agus Cumann Peile na hÉireann i dTithe an Oireachtais inniu agus an t-iar-phríomhfheidhmeannach agus baill de bhord an FAI os comhair Choiste Spóirt an Oireachtais.

Sa ráiteas tosaigh a dhéanfaidh Donal Conway, Uachtarán an FAI, ag an gcoiste, déarfaidh sé gur sháraigh an cumann rialacha Spórt Éireann nuair nár chuireadar ar an eolas iad faoin iasacht idirlinne €100,000 a thug an t-iar-phríomhfheidhmeannach John Delaney don chumann in 2017.

“Tagraím do Chlásal 4.3 den alt a bhaineann le ‘Tuairisciú Breise’ inár dtéarmaí agus coinníollacha bliantúla. Éilítear sa chlásal sin go gcuirfí Spórt Éireann ar an eolas i scríbhinn sa chás go rachadh cúrsaí airgeadais an chumainn in olcas,” a déarfaidh an tUasal Conway ina ráiteas.

“Glacaimid leis gur tharla rudaí áirithe in Aibreán 2017 agus nár cuireadh Spórt Éireann ar an eolas fúthu. Oibreoimid le Spórt Éireann chun próiseas a chur ar bun a chinnteoidh go gcloífidh an FAI go daingean le clásal 4.3 feasta.” 

Sa ráiteas tosaigh seo gabhfaidh an tUasal Conway a leithscéal le Spórt Éireann agus le Coiste Spóirt an Oireachtais, agus déarfaidh sé “nach raibh aon easurraim i gceist” leis an moill a bhí ar an gcomhfhreagras gonta a sheol an FAI go dtí Spórt Éireann an tseachtain seo caite faoin iasacht €100,000 sin.

“Tá brón orm agus glacaim leis go gcuideodh breis eolais le Spórt Éireann agus leis an gCoiste,” a déarfaidh Conway ina ráiteas.

Is iomaí cor agus casadh a bhí sa scéal ó tuairiscíodh an mhí seo caite go raibh iasacht idirlinne €100,000 tugtha ag Delaney don FAI in 2017.

Go luath tar éis don scéal teacht chun solais, d’éirigh Delaney as a phost mar phríomhfheidhmeannach ar an FAI. Ceapadh é i ról nua mar leasuachtarán feidhmiúcháin, ach deir an FAI nach raibh aon bhaint ag an gconspóid atá ann faoi láthair leis an athrú sin.

D’fhógair Spórt Éireann inné go raibh siad chun maoiniú a choinneáil siar ón FAI. Tugann Spórt Éireann maoiniú thart ar €2.7 milliún don FAI in aghaidh na bliana.

Dúirt siad go gcuirfí an maoiniú ar fáil arís a luaithe is a bheadh na tuarascálacha uile atá coimisiúnaithe ag an FAI faoin gconspóid críochnaithe agus moltaí na dtuarascálacha sin curtha i bhfeidhm.

Tá iniúchóirí tugtha isteach ag an FAI le seachtain anuas chun athbhreithniú a dhéanamh ar chuntais an chumainn. D’fhógair an FAI ag deireadh na míosa seo caite chomh maith go raibh an comhlacht comhairleoireachta Mazars fostaithe acu chun athbhreithniú a dhéanamh ar an méid atá tarlaithe.

Tiocfaidh cúigear d’fheidhmeannaigh an FAI os comhair Choiste Spóirt an Oireachtais ar maidin: John Delaney; Uachtarán an FAI, Donal Conway; an cisteoir Eddie Murray; cathaoirleach choiste ghnóthaí dlí agus corparáideacha an FAI Páraic Treanor; agus an príomhfheidhmeannach eatramhach nua Rea Walshe.

Ceann de na ceisteanna a bheidh ag baill an Choiste inniu ná cén chaoi gur tharla sé go raibh cúrsaí airgeadais an FAI chomh holc sin in 2017 go raibh iasacht ag teastáil uathu agus cén fáth gur ó phríomhfheidhmeannach an chumainn a tháinig an t-iasacht sin.

Is eol go raibh deacrachtaí airgid ag cur as don FAI le roinnt blianta anuas agus gur iarr siad réamhíocaíocht ar a maoiniú ó Spórt Éireann gach bliain le cúig bliana anuas.

Tuarastal €360,000 sa bhliain a bhí ag Príomhfheidhmeannach an FAI le linn an ama seo agus tháinig sé chun solais an mhí seo caite go raibh an FAI ag íoc €36,000 cíosa sa bhliain ar theach ina raibh Delaney ina chónaí.

Fág freagra ar 'Tráth na gceisteanna do Delaney agus Cumann Peile na hÉireann i dTithe an Oireachtais'