An tsraith ag dul i ndéine agus trí chluiche ceathrú ceannais tráthnóna

Bhain Luimneach áit amach i mbabhta leathcheannais na sraithe an tseachtain seo caite agus líonfar na trí áit eile tráthnóna

An tsraith ag dul i ndéine agus trí chluiche ceathrú ceannais tráthnóna

INPHO/Tommy Dickson

Gaillimh v Loch Garman – Staid an Phiarsaigh, 1.30pm (Beo ar TG4)

Agus iad ag treabhadh leo i Roinn 1B ní raibh mórán airde á tabhairt ar iománaithe na Gaillimhe ó thús an earraigh ach caithfear súil níos géire orthu an deireadh seachtaine seo agus iad ag imirt i gcluiche ceathrú ceannais na sraithe.

Seans gurb í an t-aon laige a bhí i nGaillimh anuraidh ná nach raibh a bpainéal sách láidir. Ba iad an cúigear déag céanna nach mór a chuir Micheál Donoghue chun páirce i ngach cluiche agus seachas Jason Flynn agus Niall Burke, níor tugadh mórán deiseanna d’ionadaithe eile.

Thapaigh Donoghue an deis i mbliana seans a thabhairt d’imreoirí eile agus thapaigh leithéidí Jack Grealish, Kevin Hussey agus Brian Concannon an deis a thug sé dóibh. Beidh imreoirí Naomh Tomás ar fáil arís go luath, rud a fhágann gur cluiche mór é ceann an lae inniu dóibh siúd atá ar gá dóibh dul i bhfeidhm ar an mbainisteoir.

Is cinnte go mbeidh Loch Garman lán de mhuinín i Staid an Phiarsaigh. Tá trí bhua faighte sna cheithre chluiche dheireanacha atá imeartha acu agus an ceann is fearr faighte acu ar Chill Chainnigh, Tiobraid Árann agus Corcaigh. Tá meon iontach léirithe ag foireann seo Davy Fitzgerald chomh maith agus teacht aniar iontach déanta acu i gcuid de na cluichí sin.

Cúpla bliain ó shin, chas na foirne seo ar a chéile i gcluiche sraithe tábhachtach i Staid an Phiarsaigh agus ba iad Loch Garman a thug an lá leo, bua a chinntigh ardú céime dóibh. Gach seans go mbeidh an díocas céanna ar fhoireann Fitzgerald tráthnóna agus teastóidh taispeántas fíormhaith ó imreoirí óga na Gaillimhe más leo na Carmannaigh a chloí.

Rogha Tuairisc.ie: Loch Garman

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Port Láirge v An Clár – Páirc an Bhreathnaigh, 3.00pm (Beo ar TG4)

Beidh Pádraic Fanning sásta go maith le tús a ré mar bhainisteoir ar iománaithe na nDéise. Cé gur chaill siad in aghaidh Átha Cliath sa tsraith, fuair siad an ceann is fearr ar Ghaillimh an tseachtain seo caite, cluiche inar imir a gcuid tosaithe, go háirithe, ar fheabhas.

Beidh a mbainisteoir buíoch as na cluichí breise, go háirithe agus imreoirí Bhaile Gunnair ar tí filleadh ar an bhfoireann tar éis dóibh a bheith gafa le Craobh na hÉireann.

Thuas seal thíos seal a bhí contae an an Chláir go dtí seo. Bhí bua maith acu ar Chill Chainnigh agus ar Loch Garman i bPáirc Uí Chíosóg, agus chríochnaigh an cluiche in aghaidh Luimnigh in Inis ar comhscór. Ach níl aon chluiche as baile buaite go fóill acu.

Tá gortuithe ag cur as do roinnt d’imreoirí an Chláir, John Conlon, Oisín O’Brien agus Podge Collins ina measc, agus ní rachaidh Dónal Moloney agus Gerry O’Connor sa seans leo roimh thús na craoibhe.

Imreoidh na foirne seo i gcoinne a chéile sa chéad bhabhta de Chraobh na Mumhan ag tús mhí Bealtaine, rud a chiallaíonn nach mbeidh siad ag iarraidh an iomarca a nochtadh tráthnóna faoina gcuid pleananna. Níor cheart go mbeadh mórán eatarthu ach d’fhéadfadh gur mhó an gá a bheadh ag na Déisigh le taispeántas maith a thabhairt agus iad sa bhaile i bPáirc an Bhreathnaigh, go háirithe nuair is ann a bheidh an cluiche craoibhe idir na foirne chomh maith.

Rogha Tuairisc.ie: Port Láirge

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tiobraid Árann v Áth Cliath – Staid Semple, 6.30pm

Díreach fillte abhaile ó champa traenála sa Spáinn a bhí iománaithe Thiobraid Árann nuair a thug siad greadadh do Chorcaigh an deireadh seachtaine seo caite. Dúirt Liam Sheedy go raibh diantraenáil déanta acu in Alicante ach bhí dóthain fuinnimh acu chun a gcéilithe comhraic a chloí i bPáirc Uí Rinn.

D’aimsigh Jason Forde 1-13 agus fuair Michael Breen sé phointe ón imirt, rud a thabharfaidh misneach do Sheedy roimh chluichí móra an tsamhraidh. Cinnte, beidh sé ag súil le hÁth Cliath a shárú i gcluiche ceathrú ceannais an lae inniu, cé go bhfuil cúpla taispeántas maith tugtha ag foireann Mattie Kenny ó tháinig an Gaillimheach isteach mar bhainisteoir ag tús na bliana.

Is é an cluiche i gcoinne Phort Láirge is mó a thabharfadh sásamh do Kenny. Bhí Áth Cliath cúig phointe chun cinn ar na Déisigh agus beagán os cionn 20 nóiméad fágtha agus cé gur lig siad do Phort Láirge teacht aniar a dhéanamh, bhí an mianach iontu teacht slán ar deireadh.

Lig Áth Cliath ceithre chúl isteach sa chluiche sin ach níor ghéill siad aon chúl eile an chuid eile den tsraith. Beidh siad ag déanamh go maith gan aon cheann a ligean isteach tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Tiobraid Árann

Fág freagra ar 'An tsraith ag dul i ndéine agus trí chluiche ceathrú ceannais tráthnóna'