Cén fáth nach bhfreagraíonn polaiteoirí ceisteanna réasúnta, ar nós ‘did you ever ask for a debt writedown?’

Sheachain Enda Kenny go leor ceisteanna a chuir Miriam O'Callaghan aréir air, ach chuir sé béim ar phríomhchúis dóchais an rialtais in Olltoghchán 2016 – 
‘Cad eile a bheadh ann ach an eacnamaíocht, a amadáin!’

endakenny

Níor thuig mé riamh an fáth nach bhfreagraíonn polaiteoirí ceisteanna réasúnta. A leithéid seo, mar shampla: “did you ever ask for a debt writedown?

Chuir Miriam O’Callaghan an cheist trí huaire le linn an agallaimh ar ‘Primetime’ a craoladh Deardaoin, ach freagra ní bhfuair sí. Ar ndóigh, rinne Enda Kenny cur síos ar na hathruithe éagsúla a laghdóidh an costas a bhaineann le glanadh ár bhfiacha – laghdú ar fiú €50bn é, dar leis.

Ach sheachain sé an bhuncheist, cé go mbeadh ár bhformhór ábalta smaoineamh gan stró ar fhreagra a d’fhéadfaí a thabhairt. Freagra mar seo, abair:

“Níor iarramar céalú fiacha toisc go raibh sé soiléir nach raibh seans ar bith ann go nglacfadh rialtais eile an AE lena leithéid, agus toisc gur léir go bhféadfaí an bille aisíoctha a laghdú sa bhfadthéarma ar bhealaí éagsúla. Mar atá bainte amach againn…”

An amhlaidh, meas tú, agus freagra dá leitheid á sheachaint ag Enda Kenny, gurb ionann a thost agus a admháil go bhfuil náire air nár iarr sé cealú fiacha? Cibé cúis a bhí lena thost, ní bheidh aon amhras faoin gcúis ar Gerry Adams ná ar mhórán eile.

Ar ndóigh, sheachain an Taoiseach go leor ceisteanna eile (féach ‘Caint Gan Chiall?’ thíos) le linn an agallaimh. Ach ba léir óna chuid cainte an cás a chuirfidh sé féin agus a rialtas faoinár mbráid idir seo agus olltoghchán na bliana seo chugainn.

‘The economy, stupid’ a bhí mar mhana ag James Carville, a bhí ina chomhalta sinsearach den fhoireann tacaíochta a bhí ag Bill Clinton sa toghchán i 1992 inar toghadh mar uachtarán é den chéad uair. Chuimhnigh Clinton agus a fhoireann ar an mana céanna i 1996 nuair a toghadh arís é, ainneoin iliomad fadhbanna pearsanta agus polaitíochta.

Níl aon tairbhe rómhór bainte ag mórán as neartú eacnamaíoch na hÉireann go fóill, ach is léir dár bhformhór é. Má leantar leis, neartóidh an cás go n-ath-thoghfar an rialtas dá réir.

An cás, i mbeagán focal: ‘Féach an dul chun cinn atá á dhéanamh. Ná cuir i mbaol é le héiginnteacht pholaitiúil, le polasaithe gan chiall, ná le deis eile i mbun rialtais ag an dream a scrios an tír’.

Is léir laige chás dá leithéid ach is cosúil é ar go leor bealaí leis na ráitis roimh olltoghchán 2007 a chuidigh le Bertie Ahern agus Fianna Fáil dul i mbun rialtais arís.

CAINT AGUS CIALL?

Chuir Miriam O’Callaghan ceist an-símplí ar Enda Kenny. Chuir sí i gcuimhne dó gur ghabh sé leithscéal anuraidh nuair a fuarthas amach go raibh iarracht leibideach déanta ag duine anaithnid cabhrú le John McNulty suíochán a fháil sa Seanad.

D’fhiafraigh Miriam de céard faoi ar ghabh sé leithscéal? Seo a leanas an freagra a thug Enda Kenny uirthi:

I apologized for the perception between politics and state boards.

Mura féidir leat brí shoiléir a bhaint as briathra an Taoisigh, tuigim do chás. Ní léir dom aon chiall iontu ach oiread. Ach is féidir an méid seo a rá faoi:

  1. Leithscéal dá leithéid a sheachnaíonn fáth an leithscéil, ní leithscéal é in aon chor.
  2. Leithscéal dá leithéid ina bhfuil tagairt do léargas (‘perception’) daoine eile, ní leithscéal é dáiríre ach seachaint freagracht phearsanta.
  3. Is sampla breá é ráiméis mar seo den ardchaighdeán doiléire atá bainte amach ag Enda Kenny. Tá sé cruthaithe aige le tamall go bhfuil sé ar aon chéim le Bertie Ahern fad is a bhaineann sé lena chumas caint a dhéanamh gan aon rud soiléir a rá.

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Cén fáth nach bhfreagraíonn polaiteoirí ceisteanna réasúnta, ar nós ‘did you ever ask for a debt writedown?’'

  • padraig o donnchu

    An raibh na ceisteanna tugtha do roimh re? Cen fath nar fhiafraigh si dhe: ‘
    Cen fath a ndiultaionn tu an cheist a fhreagairt?’
    ‘Cen fath nach ndearna tu beart d’reir do bhriathair?’
    ‘Bhfuil aon bhriathar agat?’
    ‘Cen fath a mbeadh aon iontaoibh ag einne asat feasta no go brach aris?’
    ‘An measann tu go leirionn tu drochmheas ar mhuintir na hEireann nuair a dhiultaionn tu aon cheist a fhreagairt, laistigh den Dail no lasmuigh di?’
    ‘An iad muintir na hEireann is mo is cas leat no piardai mora na hEorpa, Davos no Deins O Brien?’
    ‘An do’ leat go bhfuil do chairdeas le Denis O Brien slaintiuil, fonta, tredhearcach, cuntasach?’