Maíonn Trump go gcuirfidh sé deireadh le ceart saoránachta daoine a shaolaítear i SAM

De réir an 14ú leasú ar Bhunreacht Stáit Aontaithe Mheiriceá, is saoránach de chuid na Stát Aontaithe aon duine a shaolaítear sna Stáit nó a mbronntar saoránacht orthu

Maíonn Trump go gcuirfidh sé deireadh le ceart saoránachta daoine a shaolaítear i SAM

Tá ráite ag Donald Trump go gcuirfidh sé deireadh leis an gceart atá ag daoine a shaolaítear i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar shaoránacht na tíre sin.

Mhaígh Trump go minic le linn a fheachtais uachtaránachta go bhfaigheadh sé réidh leis an gceart chun saoránachta atá ag leanaí a shaolaítear i Meiriceá do dhaoine nach saoránaigh de chuid Mheiriceá iad, ceart a bhfuil cosaint aige sa 14ú leasú ar Bhunreacht SAM.

Is beag saineolaí dlí a aontaíonn go n-éireodh le hUachtarán SAM a leithéid a dhéanamh gan a dhúshlán a bheith tugtha sna cúirteanna, agus meastar go bhfuil an méid a dúirt sé ina chuid den iarracht atá ar bun aige daoine a ghríosú chun vótála sna toghcháin lár téarma le caint atá naimhdeach i leith inimirceach.

“Is sinne an t-aon tír ar domhan go dtagann daoine isteach, go mbíonn leanbh acu, agus go bunúsach go mbíonn an leanbh sin ina shaoránach de chuid na Stát Aontaithe ar feadh 85 bliain, agus na buntáistí sin go léir aige.

“Tá sé áiféiseach. Tá sé áiféiseach, agus caithfear deireadh a chur leis,” arsa Trump agus é faoi agallamh ag suíomh idirlín nuachta.

De réir an 14ú leasú ar Bhunreacht Stáit Aontaithe Mheiriceá, is saoránach de chuid na Stát Aontaithe aon duine a shaolaítear sna Stáit nó a mbronntar saoránacht orthu.

In ainneoin a ndeir an tUachtarán Trump is iomaí sin tír a mbíonn ceart saoránachta ag aon duine a shaolaítear iontu, nó  jus soli mar a thugtar sa dlí air.

Tá coinníollacha ag baint leis an gceart sin in Éirinn. Ar an 1 Eanáir 2005 leasaíodh dlí na tíre seo chun go mbeadh an jus soli teoranta do leanbh a mbeadh ar a laghad tuismitheoir amháin aige a bheadh ina shaoránach nó a bheadh i dteideal saoránachta.

Ba í Éire an tír dheireanach san Eoraip inar cuireadh deireadh leis an jus soli gan srian.

Fág freagra ar 'Maíonn Trump go gcuirfidh sé deireadh le ceart saoránachta daoine a shaolaítear i SAM'