Leithscéal ó Royal Mail as moill a bheith ar litreacha a bhfuil seoltaí Gaeilge orthu

Deir Royal Mail go mbíonn siad ag plé le postas i nGaeilge ‘ar bhonn laethúil’ agus go dtugtar a bhformhór go ceann scríbe ‘gan aon deacracht’

Leithscéal ó Royal Mail as moill a bheith ar litreacha a bhfuil seoltaí Gaeilge orthu

Tá leithscéal gafa ag an Royal Mail as moill a bheith ar aon phostas a raibh an seoladh i nGaeilge air tar éis conspóid ar líne faoi litir nár bhain ceann scríbe amach.

I ráiteas a d’iarr Tuairisc.ie ar an Royal Mail faoin cheist agus faoi pholasaí teanga na seirbhíse poist, dúradh go raibh leithscéal á ghabháil acu leis na daoine sin as na deacrachtaí a bhí acu déileáil le postas i nGaeilge.

“Gabhaimid ár leithscéal sa chás gur cuireadh moill ar phostas roinnt dár gcustaiméirí ar a raibh an seoladh i nGaeilge. Tuigimid go maith gur údar imní é sin dóibh agus tá na gearáin a rinne siad á bhfiosrú againn.”

Dúradh sa ráiteas go raibh “tábhacht ag baint le gach cuid” de phostas an Royal Mail  agus go bhfuiltear “an-bhródúil as ardchaighdeán ár seirbhíse de ghnáth”.

Dúirt an t-urlabhraí go n-aithníonn siad “an tábhacht chultúrtha atá le teangacha na Gaeilge agus na hUltaise agus go bhfuiltear “tiomanta” de na dualgais agus na freagrachtaí atá orthu “mar atá leagtha amach i gcomhaontuithe náisiúnta agus Eorpacha” a chomhlíonadh.

“Aithníonn an Royal Mail gur gá déileáil go cothrom le riachtanais ár gcustaiméirí agus luach ar airgead a chur ar fáil ach ag an am céanna, ár ndualgas mar eagraíocht mhór atá ag feidhmiú i sochaí ina bhfuil cultúir éagsúla a chomhlíonadh. Is é sin an cur chuige a bhíonn againne agus a bhí riamh,” a dúradh sa ráiteas.

Mhaígh an t-urlabhraí go mbíonn an Royal Mail ag láimhseáil postas ar a bhfuil na seoltaí i nGaeilge gach lá agus go seachadtar an chuid is mó díobh sin “gan aon deacracht”.

“Bíonn sin indéanta má bhíonn uimhir an tí nó an árais agus an cód poist scríofa go cruinn ar an bpostas. I gcásanna áirithe d’fhéadfadh go mbeadh an postas marcáilte mar go ndéanaimid an seoladh a aistriú. Beimid ag meabhrú ár bpolasaí dár bhfoireann arís agus cuirfimid socruithe ar bun chun a leithéid seo a sheachaint,” a dúirt urlabhraí an Royal Mail.

Tagann an leithscéal sna sála ar rabhadh a thug an Royal Mail an tseachtain seo do dhaoine go bhféadfadh go mbeadh moill ar litreacha a mbíonn seoltaí Gaeilge orthu.

Tugadh an méid sin le fios don ghníomhaí teanga Padaí Ó Tiarnaigh agus ceisteanna á bhfreagairt acu ar Twitter faoi litir eile a raibh seoladh Gaeilge i mBéal Feirste uirthi nár bhain ceann scríbe amach toisc, a dúradh, nárbh ann don seoladh.

An mhí seo caite, rinne Ó Tiarnaigh, atá ina Fheidhmeannach Cumarsáide, Cosaint Teanga agus Ionadaíochta le Conradh na Gaeilge, gearán leis an tseirbhís poist ó thuaidh mar gheall ar an mhoill mhór a bhí ar litir a seoladh i nGaeilge.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie an tráth sin, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh nach raibh “aon leithscéal” ag an Royal Mail gan an litir a bhí i gceist a sheoladh go ceann scríbe in am réasúnta, go háirithe nuair a bhí cód poist agus uimhir an tí ar an chlúdach litreach.

Dúirt Ó Tiarnaigh gur léiriú eile atá sa chás seo ar an ghá le “treoir shoiléir ón rialtas agus reachtaíocht don Ghaeilge”.

Fág freagra ar 'Leithscéal ó Royal Mail as moill a bheith ar litreacha a bhfuil seoltaí Gaeilge orthu'