Níos mó básaithe de dheasca an fhéinmharaithe ná a maraíodh le linn na dTrioblóidí

I sochaí a bhí suaite cheana féin ag na Trioblóidí tá práinn thar na bearta tabhairt faoi fhadhb an fhéinmharaithe

Níos mó básaithe de dheasca an fhéinmharaithe ná a maraíodh le linn na dTrioblóidí

Maraíodh breis is 3,700 le linn na dTrioblóidí, sciar uafásach ard de dhaonra 1.6 milliún. Tá sé scanrúil go bhfuil líon na ndaoine a chuir lámh ina mbás féin i dTuaisceart Éireann ó 1998 níos airde ná sin, seisear ar an meán in aghaidh na seachtaine.

Rinne iar-aire i Stormont, Mark H Durkan achainí ar an Roinn Sláinte tascfhórsa a bhunú chun a dhul i ngleic leis an bhfadhb atá chomh forleathan sin gur eipidéim í, dar leis. Tá taithí ag Durkan, ball tofa tionóil an SDLP i nDoire, ar an mbris. Chuir a dheirfiúr lámh ina bás féin in 2011.

Scríobh Mark H Durkan ag Ard-Rúnaí na Roinne ag iarraidh air meitheal a chur i mbun oibre chun déileáil leis an tsáinn i nDoire. Tá an fhadhb coitianta sa chathair, mar a mbánn daoine iad féin san Fheabhal. Cúig bliana fichead ó shin bunaíodh Foyle Search and Rescue, eagraíocht dheonach, chun daoine a tharrtháil ón abhainn. An mhí seo caite láimhseáil siad 60 eachtra; thug siad aon duine dhéag slán as an uisce, thugadar 22 siar ó ráillí an droichid nó ó bhruach na habhann, tugadh 26 a bhí trína chéile chun tearmainn agus cailleadh duine amháin.

Údar mór imní é 60 eachtra i gceantar beag in aon mhí amháin. Gan dabht tá fadhbanna sóisialta i gceantar Chomhairle Dhoire agus an tSratha Bháin, mar a bhfuil ráta an-ard dífhostaíochta. ’Sé an scéal céanna é sna háiteanna eile ina bhfuil féinmharú coitianta, tuaisceart agus iarthar Bhéal Feirste, an tIúr agus Múrna, agus Aontroim agus Baile Nua na Mainistreach. Idir 2014 agus 2016 is i mBéal Feirste a chuir an líon ba mhó daoine lámh ina mbás féin agus bhí an ráta ab airde sna comharsanachtaí is boichte in iarthar agus i dtuaisceart na cathrach. Is léir ón staidreamh gur 7 in aghaidh a 2 an coibhneas idir ceantair bhochta agus áiteanna atá níos fearr as; ’sé sin go maraíonn seachtar as ceantair thearcfhorbartha iad féin in aghaidh gach beirt as áiteanna rachmasacha a dhéanann amhlaidh.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, chuir 305 lámh ina mbás féin anuraidh, 297 an bhliain roimhe sin agus 318 in 2015. Fir ab ea a bhformhór. Faoi shamhradh 2015 bhí níos mó marbh ó 1998 ná an líon a maraíodh le linn na dTrioblóidí.

Ar ndóigh, tá an fhadhb forleathan san domhan thiar trí chéile agus gá le leigheas ar scála idirnáisiúnta. Ar an mbonn logánta, áfach, is léir nach raibh straitéis ar bith a cumadh go dtí seo éifeachtach. Caitear £7 milliún punt sa bhliain i dTuaisceart Éireann ar scéimeanna chun a dhul i ngleic le féinmharú ach is léir go bhfuil beartais eile riachtanach. I measc na scéimeanna tá oiliúint do lucht leighis, feachtais eolais don bpobal, seirbhísí do dhaoine a d’fhulaing drochíde, líne chabhrach 24 uair an chloig agus clárlann do dhaoine a dhéanann féindochar.

Tá brú ar sheirbhísí, áfach. Is minic daoine le meabhairghalar, galar dubhach nó daoine a ghortaíonn iad féin ag fanacht rófhada le saineolaí a fheiceáil, gan trácht ar chóir leighis.

Bíonn brú ama ar dhochtúirí teaghlaigh chomh maith le speisialtóirí. Rinneadh comhairliúchán poiblí faoi conas ab fhéidir srian a chur leis an bhféinmharú tamall gearr sular thit Stormont anuraidh. Thug an Roinn Sláinte an tuairisc ar láimh don Ghníomhaireacht Sláinte Poiblí. Chuirfí plean nua i bhfeidhm dá mbeadh aire Sláinte i Stormont chun an plean a cheadú.

Anois tá Mark H Durkan ag éileamh go nglacfadh Ard-Rúnaí na Roinne, Richard Pengelly, freagracht as straitéis phráinneach. Chomh maith le seirbhísí leighis, breis foirne agus tacaíocht d’eagraíochtaí tarrthála, molann Durkan go gcuirfí oideachas ar dhaoine.

Teastaíonn uaidh go mbeadh oiliúint le fáil ag daoine óga ar scoil ionas go dtuigfidís strus agus dúlagar agus go mbeidís níos ábalta a dhul i ngleic leo.

Chuideodh sé sin go cinnte mar chuid de ghréasán níos leithne. Níor mhór na heasnaimh eacnamaíochta a cheartú freisin, fadhbanna nár deineadh tada fúthu sna ceantair is boichte le fiche bliain. Maidir le cúrsaí sláinte, tá gá leis an saineolas is fearr atá le fáil agus samhlaíocht chun deireadh a chur leis an eipidéim seo ar geall le tromluí í. Glactar leis go mbaineann bás aon duine creathadh mór as seisear ar a laghad. Nuair is bás tragóideach é bíonn an líon daoine a mbaintear creathadh mór astu i bhfad níos mó. I sochaí a bhí suaite cheana féin ag na Trioblóidí tá práinn thar na bearta tabhairt faoi fhadhb an fhéinmharaithe.

Fág freagra ar 'Níos mó básaithe de dheasca an fhéinmharaithe ná a maraíodh le linn na dTrioblóidí'

  • leitheoir

    Lamh a chur i do bas fein? Ni fiu an tairbhe an triobloid. Mair an fhaid a fheadfair is mura bhfeadfair ni fheadfair. Taimid go leir in umar na haimleise, sa bhfaopach, san eadochas. Beidh an bas chugainn luath no mall. Ta se deacair an meid sin a thogaint ar bord go huile is go hiomlan. Ghaibh muintir an tuaiscirt trina bpeiriacha, chonaic siad Murchadh, agus bhiothas ag suil is docha go dtiocfadh an gealas i ndiaidh na leithe. Ni mar sin a tharla is leir ach a mhalairt i gcas an-chuid daoine. Bhi suil in airde acu le rud eigin nuair a comhaontaiodh siochain eatarthu ach nior chuir an tsiochain sin aon mhaise puinn ar shaol scata, is baolach. An rabhthas no an mbimid ag suil leis an iomarca? Cad a shasaionn sinn? Nach deacair sinn a shasamh.? Cuirfidh rogaire an bhais fios ar an uile dhuine againn, nil aon ealo uaidh, na ni feidir dul i bhfolach uaidh. Bainimis faisceadh no croitheadh as an saol. Is mo la a bheidh ag an gcill orainn. Ag deireadh thiar thall is e an deireadh thiar THALL againn e!