Níos Gaelaí ná na Gaeil féin! As Gaeilge a bhí ceiliúradh Twickenham…a bhuíochas de Bundee Aki

As Gaeilge a bhí na gártha gaisce nuair a bhailigh foireann na hÉireann le chéile i lár pháirc Twickenham chun an ‘Grand Slam’ a cheiliúradh

Níos Gaelaí ná na Gaeil féin! As Gaeilge a bhí ceiliúradh Twickenham…a bhuíochas de Bundee Aki

Bíonn roinnt conspóide i gcónaí ann faoi na rialacha a cheadaíonn d’imreoirí nach de bhunadh na hÉireann iad imirt don fhoireann náisiúnta rugbaí, ach is cosúil gur níos Gaelaí ná na Gaeil féin a bhí Bundee Aki i Staid Twickenham Lá Fhéile Pádraig.

As Gaeilge a bhí na gártha gaisce ar chuir an t-imreoir as an Nua-Shéalainn tús leo nuair a bhailigh foireann na hÉireann le chéile i lár pháirc Twickenham chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mbua stairiúil a bhí acu in aghaidh Shasana.

Ag labhairt dó le TV3, dúirt Aki nár thug sé aon aird ar lucht a cháinte nuair a roghnaíodh d’Éirinn é agus thug sé le fios chomh maith gur i nGaeilge a chuir sé tús le ceiliúradh na hilchraoibhe in Twickenham.

“Féar plé dóibh as glacadh leis an méid a thug mé don fhoireann. Anseo i gCúige Chonnacht, rinne mé é [na gártha gaisce] an bhliain ar bhuamar [an PRO12 in 2016], ach ba i dteanga Shamó a rinne mé é.

“Ach i gcás an fheachtais áirithe seo, rinneamar as Gaeilge é. Go deimhin, is leaideanna iontacha iad. Bhí a gcroí istigh ann. Bhain mise an-sult as, pé scéal é. Ba léir an ceangal eadrainn. B’iontach an bealach é le clabhsúr a chur ar an bhfeachtas.”

Dúirt Aki nár shíl sé riamh go dtiocfadh an lá go mbeadh sé ag ceiliúradh Grand Slam.

“Níor cheap mé riamh go mbuafainn an Grand Slam. Táim buíoch den deis a thug Joe [Schmidt] agus na leaideanna dom, sin uile.

“Ba rud speisialta é Grand Slam a bhuachan leis na himreoirí mór le rá sin ar fad agus ní dhéanfaidh mé dearmad go deo air.”

Bhuaigh Éire an ilchraobh den tríú huair riamh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Shasana in Twickenham Lá Fhéile Pádraig. Beidh Aki ag imirt dá chúige an deireadh seachtaine seo chugainn nuair a thabharfaidh na Connachtaigh aghaidh ar Gloucester sa bhabhta ceathrú ceannais den Chorn Dúshláin ar an mBóthar Beag sa Ghaillimh.

Ráineodh gur lena chúige a fuair Aki tuiscint ar bhuntáiste na Gaeilge.

Dúirt iarbhainisteoir Chúige Chonnacht Pat Lam, an té a mheall Aki chun na hÉireann, gur bhain a fhoireann leas as an teanga chun “ceangal a dhéanamh le chéile agus leis an bpobal a ndéanaimid ionadaíocht air”.

Le linn a thréimhse le Cúige Chonnacht, rinne Lam iarracht mhór spiorad a chothú i measc a chuid imreoirí agus mhothaigh sé gur bealach iontach ab ea an Ghaeilge chun é sin a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Níos Gaelaí ná na Gaeil féin! As Gaeilge a bhí ceiliúradh Twickenham…a bhuíochas de Bundee Aki'