£9 milliún le caitheamh sa Bhreatain Bheag chun líon na múinteoirí Breatnaise a mhéadú

Tá iarracht ar bun sa Bhreatain Bheag a chinntiú go mbeidh milliún cainteoir Breatnaise ann faoin mbliain 2050

£9 milliún le caitheamh sa Bhreatain Bheag chun líon na múinteoirí Breatnaise a mhéadú

Tá plean deich mbliana seolta ag rialtas na Breataine Bige chun cur le líon na múinteoirí atá in ann an Bhreatnais a mhúineadh ar scoil.

Tá an plean mar chuid d’iarracht atá ar bun sa Bhreatain Bheag go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise ann faoin mbliain 2050 agus go mbeadh 20% den daonra ina gcainteoirí laethúla Breatnaise faoin am sin, a dhá oiread thar mar atá ann faoi láthair.

Dúirt Aire Oideachais na Breataine Bige Jeremy Miles go raibh céim thábhachtach den obair sin cur le líon na gcainteoirí Breatnaise san earnáil oideachais.

Chun líon na múinteoirí atá in ann an Bhreatnais a mhúineadh agus ábhair eile a mhúineadh trí mheán na Breatnaise a mhéadú, tá sé i gceist sa phlean nua cur le líon na ndaltaí agus na mac léinn ollscoile a bhíonn ag staidéar trí mheán na Breatnaise, bealaí nua a chruthú do dhaoine tabhairt faoin mhúinteoireacht, agus deiseanna a thabhairt do mhúinteoirí agus baill foirne eile a scileanna teanga a fhorbairt.

I measc na mbearta atá luaite sa phlean tá tacaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Breatnaise atá ag staidéar i Sasana chun teacht abhaile agus dul ag múineadh, scéim sparánachtaí a bhunú chun múinteoirí atá in ann múineadh trí mheán na Breatnaise a choinneáil i scoileanna iarbhunscoile agus scéim a bhunú chun deis a thabhairt do dhaoine óga seal a chaitheamh mar chúntóir ranga i scoil lán-Bhreatnaise sula dtéann siad ar an ollscoil.

D’fhógair rialtas na Breataine £1m de mhaoiniú breise chun tacú leis an bplean, rud a chiallaíonn go bhfuil £9 milliún le cur ar fáil chun é a chur i bhfeidhm. Meastar freisin go bhfuil sé i gceist cur leis an maoiniú sin taobh istigh de chúpla bliain.

Rachaidh £500,000 den mhaoiniú díreach chuig scoileanna chun tacú leo cur le cumas Breatnaise a mball foirne.

“Cuirtear an Bhreatnais ag croílár na foghlama sa churaclam nua,” a dúirt Jeremy Miles.

“Ach tá sé riachtanach go mbeadh lucht oibre againn leis na scileanna cuí. Chomh maith le níos mó cainteoirí Breatnaise a mhealladh chun na gairme, caithfidh muid infheistíocht a dhéanamh sa dream atá ann faoi láthair, ní hamháin san earnáil lán-Bhreatnaise agus inár scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla freisin.

“Tá muid ag iarraidh go mbeadh níos mó daoine ag labhairt na Breatnaise, agus á labhairt go laethúil. Céim thábhachtach i dtreo na méine sin atá sa phlean cur le líon na gcainteoirí Breatnaise i measc an lucht saothair san earnáil oideachais.”

Tá obair ar bun cheana féin sa Bhreatain Bheag líon na múinteoirí a bhfuil cumas maith Breatnaise acu a mhéadú.

Faoin scéim Iaith Athrawon Yfory, cuirtear suas le £5,000 ar fáil do mhic léinn a thugann faoin Bhreatnais a mhúineadh nó ábhair eile trí mheán na Breatnaise a mhúineadh.

Cuireadh tús leis an scéim in 2018 agus, de réir figiúirí ó rialtas na Breataine Bige, bhí breis is dhá oiread mac léinn ag tabhairt faoin mhúinteoireacht trí mheán na Breatnaise in 2020/21 ná mar a bhí in 2018/2019. Bhí 455 ábhar oidí ag staidéar trí mheán na Breatnaise in 2020/21, suas ó 175 in 2018/19. Is ag titim a bhí na huimhreacha sna cúig bliana roimhe sin.

Fógraíodh freisin níos luaithe i mbliana go mbeadh ranganna Breatnaise le cur ar fáil saor in aisce do gach múinteoir sa Bhreatain Bheag ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh.

Fág freagra ar '£9 milliún le caitheamh sa Bhreatain Bheag chun líon na múinteoirí Breatnaise a mhéadú'