Tá 70 Palaistíneach eile ar a laghad maraithe in ionsaithe a rinne Iosrael ar fud Gaza, a deir Aireacht Sláinte na Palaistíne.
Comhartha iad na hionsaithe is déanaí seo go bhfuil Iosrael ag géarú ar an mbuamáil tráth a bhfuil Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ar chuairt oifigiúil sa Mheánoirthear.
Deir lucht leighis gur maraíodh formhór na ndaoine seo, mná agus páistí ina measc, nuair a rinne arm Iosrael baráiste ionsaithe aeir ar thithe i gceantar Jabalia, i dtuaisceart Gaza.
“Tá cuid de na daoine a ionsaíodh fós ina luí ar an mbóthar is clúdaithe ag smionagar mar níl na seirbhísí éigeandála sibhialta in ann dul chomh fada leo,” a dúradh sa ráiteas ón aireacht sláinte.
D’impigh ceannasaí gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe inné ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe beart a dhéanamh go beo chun “an cinedhíothú” i nGaza a chosc.
I Nua-Eabhrac a rinne Tom Fletcher a chuid cainte inar chuir sé i leith Iosrael go raibh an tír sin “ag cur drochbhail mhídhaonna ar shibhialtaigh d’aon turas, gan náire ná cás”.
D’iarr Fletcher ar Iosrael deireadh a chur leis an léigear atá á chur aige ar Gaza le 10 seachtaine. Cháin sé an plean atá ag Iosrael agus na Stáit Aontaithe ceannas a ghlacadh ar dháileadh cúnamh daonnúil agus comhlachtaí príobháideacha a chur ina bhun. Dar leis ní raibh sa bplean sin ach “duilleog fige ar thuilleadh den fhoréigean agus an díláithriú” ar mhuintir na Palaistíne.
Líomhaintí “áiféiseacha gan bhunús” a thug Danny Danon, toscaire Iosrael chuig na Náisiúin Aontaithe, ar cháineadh Fletcher.
D’áitigh Danon go raibh an córas cúnaimh a bhí ann roimhe seo “briste” mar go raibh sé á úsáid chun cuidiú le feachtas cogaíochta Hamas – líomhain atá séanta ag na Náisiúin Aontaithe agus ag Hamas
Mhaígh údaráis mhíleata Iosrael go raibh na tuairiscí is déanaí faoina gcuid ionsaithe ar Gaza á bhfiosrú acu. D’áitigh siad gur thug siad rabhadh do na daoine a bhí ina gcónaí i Jabalia agus sna ceantair máguaird Dé Máirt imeacht as an áit sin tar éis do ghrúpa armtha Palaistíneach roicéad a scaoileadh le hIosrael.
Dé Céadaoin bhí cruinniú ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump le Ahmed al-Shara, Uachtarán nua na Siria. Dúirt Trump inné go raibh na Stáit Aontaithe ag cur deireadh leis na smachtbhannaí a bhí acu ar an tSiria, athrú mór ar pholasaí a thíre.
Cruinniú eisceachtúil a bhí sa gcruinniú seo mar is é sin an chéad uair le 25 bliain a chas ceannaire an dá thír sin ar a chéile.
Comhartha eile é go bhfuil deireadh á chur leis an leithlisiú taidhleoireachta ar Shiria.
Seán
Iomlán an chirt ag Tom Fletcher: ‘Dídhaonrú’ agus ‘zónanna maraithe’ na téarmaí is déanaí ag Iosrael anois ar an sléacht.
Dearg-éithigh gan stad, faisnéis bhréige agus barbarthacht gan trócaire. Mharaigh siad oibrithe leighis as fhuil fhuar, rud a cruthaíodh a bhuíochas le taifead fóin a fuarthas ar chorp oibrí leighis amháin.
Bhréagnaigh Sky news a ndúirt siad faoin ionsaí is deireannaí acu ar Óispidéal na hEorpa i nGaza freisin. Fuath, fuath agus tuilleadh fuatha.
An dtiocfaidh deireadh leis go deo?
Dónall Mór Mac Billing(s)
Dá mbeadh cúpla milliún Palaistíneach curtha ón Shaol seo ag na Iosraelaigh ba chuma sa tsioc le lucht an Rachmais agus an Córas Caipitileach a fhad is go bhfuil a gcuid pócaí lán agus trádáil ar siúl idir aicmí caipitealacha an Domhain.
Ní shílim go raibh Trump, na hArabaigh shaibhre, a gcoimhleachaithe agus iad i mbun a mbolg a líonadh ag síleadh na ndeor faoi na páistí faoin smiongar i nGaza.
Caithfear na hIosraelaigh a chur faoi chos agus Stát a chintiú do Mhuintir Gaza !!!
Dónall Mór Mac Billing(s)
https://eu.jotform.com/app/231832401769861
https://www.amazon.co.uk/dp/B0DWBKX1YS
https://free-5604017.webadorsite.com/
http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome…
Facebook Don MacBill
Twitter @DonallMacBill
YouTube DonallMacBillings@DonallMacB