’60 Minutes’ sa Ghaeltacht – clár cáiliúil teilifíse as Meiriceá tugtha go Corca Dhuibhne ag Cillian Murphy

Thug '60 Minutes’ cuairt ar Thigh an tSaorsaigh i mBaile an Fheirtéaraigh agus ar thrá Fhionntrá mar chuid d’agallamh a craoladh ar an gclár iomráiteach

’60 Minutes’ sa Ghaeltacht – clár cáiliúil teilifíse as Meiriceá tugtha go Corca Dhuibhne ag Cillian Murphy

Bhí Corca Dhuibhne le feiceáil ag na milliúin Meiriceánach ag an deireadh seachtaine agus an t-aisteoir Cillian Murphy faoi agallamh ar an gclár teilifíse cáiliúil 60 Minutes.

Bhuaigh an t-aisteoir Corcaíoch gradam BAFTA ag an deireadh seachtaine as an taispeántas a thug sé sa scannán Oppenheimer agus tá sé ainmnithe do ghradam Oscar don ról sin freisin. Ach bhí sé le feiceáil agus é ar a sháimhín só in iarthar Chiarraí oíche Dé Domhnaigh ar 60 Minutes, irischlár nuachta atá á chraoladh ar CBS le breis is leathchéad bliain.

Taispeánadh radharc de Chillian Murphy ag ól pionta i dTigh an tSaorsaigh i mBaile an Fheirtéaraigh agus é ag éisteacht le Muireann Mhic Amhlaoibh i mbun amhráin le ceol ó Bhilly Mag Fhloinn agus Gerry O’Beirn agus rinneadh cuid den agallamh leis freisin agus é ag siúl ar thrá Fhionntrá ar an leithinis.

Tá teach saoire ag muintir Murphy i gCorca Dhuibhne le blianta fada agus chaith an t-aisteoir go leor ama ana ina óige agus tá teach saoire ag an aisteoir féin chomh maith i gceantar Fhionntrá.

Rinne athair Chillian, Breandán, agallamh spraíúil ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an mhí seo caite tar éis dá mhac a bheith ainmnithe do ghradam Oscar.

Ba é Cillian Murphy an chéad Éireannach a bhuaigh gradam BAFTA don aisteoir is fearr i scannán nuair a thug sé leis an gradam ón searmanas bronnta i Londain ag an deireadh seachtaine.

Beidh súil aige deilbhín eile a thabhairt leis an mhí seo chugainn ó na ghradaim Oscar a bheidh ar siúl ar an 10 Márta.

Fág freagra ar '’60 Minutes’ sa Ghaeltacht – clár cáiliúil teilifíse as Meiriceá tugtha go Corca Dhuibhne ag Cillian Murphy'