589 cás nua fógartha, an cineál Delta is cúis le 80% de chásanna sa stát

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 511 cás nua den ghalar deimhnithe ansin

589 cás nua fógartha, an cineál Delta is cúis le 80% de chásanna sa stát

589 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

62 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, beirt níos lú ná inné, agus tá 17 acusan in aonad dianchúraim.

Thug LeasPhríomhoifigeach na Roinne Sláinte, an Dr Ronan Glynn, gurb é an cineál Delta den víreas is cúis le 80% de na cásanna atá in Éirinn faoi láthair.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 511 cás nua den ghalar deimhnithe ansin. Fógraíodh nár bhásaigh aon duine ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.

Níl aon eolas nua maidir le líon na n-othar sna hospidéil tugtha ag an Roinn Sláinte ó thuaidh mar gheall ar an deireadh seachtaine saoire bainc. Dé Céadaoin a dhéanfar uasdátú ar na figiúirí sna hospidéil.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,186,295 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 943,778.

Tá an Rialtas ó dheas ag súil go dtabharfar an reachtaíocht a aontaíodh aréir a thabharfadh deis don earnáil fáilteachais seirbhís bia agus dí faoi dhíon a chur ar fáil arís tugtha isteach roimh an 26 Iúil.

Cuirfear an reachtaíocht sin faoi bhráid na Dála amárach agus tá súil ann go mbeidh sí os comhair an tSeanaid oíche Dé hAoine. Beidh sí le síniú ag an Uachtarán sula bhféadfar feidhm dlí a thabhairt di. Trí mhí a sheasfaidh na srianta nua go dtí an 9 Deireadh Fómhair ach d’fhéadfadh an Dáil agus an Seanad trí mhí eile a chur leis ag an tráth sin ag brath ar chúrsaí sláinte phoiblí sa tír.

Beidh cead ithe agus ól laistigh ag daoine a mbeidh fianaise inbhreithnithe acu go bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu [teastas digiteach Covid an Aontais Eorpaigh agus daoine óga faoi 18 bliain ina gcomhluadar]. Tá na teastais dhigiteacha á seoladh ar ríomhphost nó sa phost agus an Rialtas ag súil go mbeidh siad ag gach duine faoin tseachtain seo chugainn.

Beidh seirbhís faoi dhíon ar fáil freisin ag daoine a bhfuil fianaise inbhreithnithe acu go raibh an víreas orthu le sé mhí agus mar sin go bhfuil imdhíonacht acu [teastas téarnaimh le fáil ach glaoch ar ionad glaonna náisiúnta nach bhfuil a shonraí eisithe faoi go fóill ach i gcás éigeandála is féidir glaoch ar 1800 851 504]. Ní bheidh aon chúram ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoin ionad glaonna sin.

Tabharfar cead ithe agus ól laistigh freisin do dhaoine a mbeidh fianaise inbhreithnithe acu gur vacsaíníodh go hiomlán iad san Aontas Eorpach, i dTuaisceart Éireann, sa Ríocht Aontaithe nó sna Stáit Aontaithe.

Féadfaidh daoine fanacht san ionad fáilteachais ar feadh 105 nóiméad (uair agus 45 nóiméad) ach má bhíonn na boird dhá mhéadar óna chéile ní bheidh aon srianta ama i gceist.

Oibrithe in earnáil an fháilteachais nach bhfuil vacsaín faighte acu beidh cead acu a bheith ag ithe agus ag ól ina n-ionad oibre roimh nó tar éis a seal oibre agus caithfear an scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm chun iadsan agus leanaí a chosaint.

Dúirt an tAire Catherine Martin go bhféadfaí fíneáil suas le €2,500 a ghearradh ar dhuine a úsáideann cáipéisí bréige nó ar úinéirí gnóthaí nach seiceálann na teastais.

Fág freagra ar '589 cás nua fógartha, an cineál Delta is cúis le 80% de chásanna sa stát'