57,000 foghlaimeoir Gaeilge cláraithe le cúrsaí ‘Fáilte ar Líne’

Tá cúrsaí ollscoile ‘Fáilte ar Líne’ dírithe ar aon duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge nó sa chultúr Gaelach

57,000 foghlaimeoir Gaeilge cláraithe le cúrsaí ‘Fáilte ar Líne’

Tá beagnach 57,000 duine as 140 tír éagsúil cláraithe le cúrsaí Gaeilge d’fhoghlaimeoirí ‘Fáilte ar Líne’ ó bunaíodh é mí Eanáir 2018.

Fiontar i Scoil na Gaeilge agus Institiúid Náisiúnta na Foghlama Digití in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a chuireann na cúrsaí ar fáil atá dírithe ar aon duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge nó sa chultúr Gaelach.

Is ar an diaspóra, ar an bpobal ‘Éireannach nua’ agus ar dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil agus a bhfuil fonn orthu filleadh ar staidéar a dhéanamh uirthi arís is mó atá na cúrsaí dírithe.

Tá na cúrsaí, atá bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CRET) agus Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG), dírithe ar Éireannaigh nó daoine de shliocht na hÉireann ar fud na cruinne ar mian leo Gaeilge a fhoghlaim agus tuiscint a fháil ar an chultúr Gaelach.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Mairéad Nic Giolla Mhichíl, comhollamh sa Teicneolaíocht Faisnéise i bhFiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go bhfuil go bhfuil “an-éileamh” ar na cúrsaí Gaeilge ar líne.

“Tá na cúrsaí dírithe ar ghlantosaitheoirí timpeall na cruinne agus tá saineolas cultúrtha ar fáil sna cúrsaí mar aon le hábhar foghlama agus ceachtanna faoi logainmneacha, ceol Gaelach agus spórt Gaelach mar shampla,” a dúirt sí.

Tá nach mór 57,000 duine ó 140 tír ag tabhairt faoi na cúrsaí anois. Is as Stáit Aontaithe Mheiriceá, Sasana, Albain agus Éire is mó a thagann foghlaimeoirí a chláraíonn do chúrsaí ‘Fáilte ar Líne’.

Dúirt Mairéad Nic Giolla Mhichíl go bhfuil “gach cineál duine ag tabhairt faoi na cúrsaí”.

“Táimid ag tacú go mór leis an bhfoghlaim fadsaoil agus tá daoine ó aois a hocht déag go haois a nócha ag tabhairt faoi na cúrsaí,” a dúirt sí.

Thug Nic Giolla Mhichíl le fios go bhfuil taighde idir lámha ag lucht ‘Fáilte ar Líne’ maidir lena lucht foghlama agus na fáthanna a dtugann siad faoin chúrsa.

“Tá an iliomad fáthanna acu ach an fáth is coitianta de réir an staidéir seo ná go bhfuil an-spéis ag na foghlaimeoirí i gcultúr agus in oidhreacht na tíre,” a dúirt  Mairéad Nic Giolla Mhichíl, stiúrthóir Fáilte ar Líne.

Tá rún ann ‘Fáilte ar Líne’, atá á chómhaoiniú ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Crannchur Náisiúnta, a fhorbairt mar chuid de chúrsa céime amach anseo.

Fág freagra ar '57,000 foghlaimeoir Gaeilge cláraithe le cúrsaí ‘Fáilte ar Líne’'