51 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn, 36 duine ó theas agus 15 ó thuaidh

2,739 cás de Covid-19 atá deimhnithe anois in Éirinn, 2,415 cás ó dheas agus 324 ó thuaidh. Deimhníodh tráthnóna go raibh 14 duine eile básaithe ó dheas de bharr na paindéime

51 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn, 36 duine ó theas agus 15 ó thuaidh

51 duine atá básaithe in Éirinn de thoradh Covid-19, 36 duine ó dheas agus 15 duine ó thuaidh.

Bunaithe ar líon na gcásanna deimhnithe, thuaidh agus theas, is ionann sin agus ráta báis 1.8% in Éirinn.

Deimhníodh tráthnóna go raibh 14 duine eile básaithe ó dheas de bharr na paindéime. Ba in oirthear na tíre a bhí gach duine de na daoine is déanaí a bhásaigh agus 81 bliain d’aois a bhí siad ar an meán. 294 cás nua den choróinvíreas a deimhníodh ó dheas.

2,739 cás de Covid-19 atá deimhnithe anois in Éirinn, 2,415 cás ó dheas den teorainn agus 324 cás ó thuaidh di.

Tuairscíodh níos túisce inniu go raibh beirt eile leis an ngalar básaithe sa Tuaisceart. 49 cás nua de Covid-19 a tuairiscíodh ó thuaidh inniu.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte, 67 duine a bhí curtha in aonaid dianchúraim de dheasca Covid-19 faoi mheán oíche Déardaoin seo caite. Is ionann sin agus 3.5% de na cásanna iomlán a bhí deimhnithe ag an am.

Údar imní ar leith líon na ndaoine atá in aonaid dianchúraim de bharr an ghalair. Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna inné go bhféadfadh go mbeidh aonaid dianchúraim na seirbhíse sláinte lán taobh istigh de roinnt laethanta.

De réir an eolais is déanaí sin:

  • Fir a bhí i gceist le 53% de na cásanna agus mná iad 46%
  • Bhí 91 braisle i gceist ar bhain 351 cás leo
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 46 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 489 duine, nó 26%
  • As na daoine sin, cuireadh 67 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 445 cás, nó 23%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 1,070 cás, nó 56%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 184 cás, nó 10%
  • 63 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe, 47 a bhí i gcontae Chiarraí, 15 cás bhí i nDún na nGall, 29 cás a bhí i bPort Láirge agus 41 cás a bhí i gcontae na Mí
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 52% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 23% agus taisteal thar lear ba chúis le 25%

Inniu an chéad lá de na srianta is déanaí atá tugtha isteach ó dheas chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair agus ordú ‘fan ag baile’ i bhfeidhm go ceann coícíse, seachas i gcásanna eisceachtúla.

Tá na t-eolas is déanaí maidir leis na srianta agus an liosta nua de sheirbhísí agus oibrithe riachtanacha foilsithe anseo.

De réir an áirimh is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, os cionn 620,000 cás den choróinvíreas atá deimhnithe ar fud an domhain agus nach mór 30,000 duine curtha den saol aige.

Os cionn 135,000 duine a bhí buailte ag an ngalar atá tagtha chucu féin ar fad. I Stáit Aontaithe Mheiriceá atá an líon is mó cásanna ar domhan mar a bhfuil breis is 105,000.

Tá os cionn leath acusan i Nua-Eabhrac agus tuairiscítear go bhfuil an tUachtarán Donald Trump ag smaoineamh ar choraintín a thabhairt isteach sa chathair sin.

Idir an dá linn, níl aon stad leis an uafás san Iodáil agus 889 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe ansin.

Os cionn 10,000 duine ar fad atá curtha den saol ag an ngalar san Iodáil, an líon is mó básanna in aon tír ar domhan, 92,472 cás den ghalar a deimhníodh sa tír sin.

832 duine le Covid-19 a bhásaigh sa Spáinn le lá anuas, an líon is mó daoine a fuair bás den ghalar in aon lá amháin sa tír sin. 5,690 duine ar fad atá básaithe de thoradh na paindéime sa Spáinn agus 72,248 cás atá deimhnithe ann. Táthar ag súil go bhfuil buaic an chuair nach mór bainte amach ag an Spáinn maidir le líon na gcásanna agus feabhas ar chúrsaí i gceantair áirithe cheana féin.

Bhásaigh os cionn míle duine a bhí buailte ag an ngalar sa Ríocht Aontaithe go dtí seo. Dúirt Stiúrthóir Leighis an NHS i Sasana, an tOllamh Stephen Powi, go mbeadh déanta go maith ag an Ríocht Aontaithe dá gcoinneofaí líon na mbásanna faoi bhun 20,000.

In Wuhan, an chathair sa tSín inar thosaigh an víreas anuraidh, tá deireadh curtha le cuid de na srianta a bhí curtha I bhfeidhm ag na húdaráis agus mháigh na húdaráis sa Chóiré Theas go raibh líon na ndaoine ansin a bhí tagtha chucu féin ón gcoróinvíreas níos lú ná líon na ndaoine a bhí buailte aige den chéad uair.

Fág freagra ar '51 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn, 36 duine ó theas agus 15 ó thuaidh'