‘Fan sa mbaile’ – srianta nua fógartha ag an Rialtas chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19

Tá tuilleadh srianta fógartha tráthnóna ag an Rialtas mar chuid den iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19 agus beidh dianbheartais nua i bhfeidhm go dtí Domhnach Cásca

‘Fan sa mbaile’ – srianta nua fógartha ag an Rialtas chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19

Tá tuilleadh srianta fógartha tráthnóna ag an Rialtas mar chuid den iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19 agus é ráite ag an Taoiseach nár chóir d’aon duine imeacht níos faide ná dhá chiliméadar ón mbaile ach amháin i gcásanna eisceachtúla.

Dúirt an Taoiseach nach bhféadfaidh daoine an baile a fhágáil ar chor ar bith ach amháin le dul ag siopadóireacht d’earraí atá riachtanach, le hobair atá riachtanach a dhéanamh, le dul chuig coinne leighis atá riachtanach nó le ruainne aclaíochta a dhéanamh.

Faoi na srianta nua, a bheidh i bhfeidhm ar feadh coicíse go dtí an 12 Aibreán, Domhnach Cásca, níor chóir bualadh ach oiread le haon duine nach mbaineann le do theaghlach féin ná dul go dtí an obair mura bhfuil sí riachtanach de réir chritéir an Rialtias.

Beidh cosc ar aon teacht le chéile poiblí.

Cuirfear tús chomh maith le cocúnú i gcás daoine atá amach san aois, rud a chiallaíonn go gcaithfidh siad fanacht ag baile ar fad.

Ag labhairt dó i nGaeilge, dúirt an Taoiseach go bhfuil “an domhan iomlán ag fulaingt” agus nach aon eisceacht í Éire. “Fan sa mbaile,” a dúirt sé.

Is d’oibrite riachtanacha amháin a bheidh an córas iompair poiblí agus ní bheidh cead ach ag muintir na n-oileán féin taisteal chun na hoileáin.

Dúirt an Taoiseach go raibh na srianta is déanaí bunaithe ar chomhairle ón bhFoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

2,396 cás de Covid-19 atá deimhnithe anois in Éirinn, 2,121 cás ó dheas agus 275 ó thuaidh.

35 duine atá básaithe anois de thoradh an ghalair, 22 duine ó dheas den teorainn agus 13 duine ó thuaidh di.

Is ionann sin agus ráta báis nach mór 1.5% in Éirinn.

302 cás nua de Covid-19 a deimhníodh ó dheas den teorainn agus tá triúr eile básaithe. Beirt bhan in oirthear na tíre agus duine in iarthuaisceart na tíre a bhí sa triúr is déanaí a bhásaigh. Chomh maith leis sin, tuairiscíodh ar an Irish Times tráthnóna gur altra a bhí i nduine den 22 duine ó dheas a bhásaigh den ghalar.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, 59 duine a bhí curtha in aonaid dianchúraim de dheasca Covid-19 faoi mheán oíche Dé Céadaoin seo caite. B’ionann sin agus 3.8% de na cásanna deimhnithe go léir. Sin méadú 26% ar líon na ndaoine a bhí curtha in aonaid dianchúraim i gcomparáid leis na figiúirí a tugadh aréir.

Dúirt an Taoiseach tráthnóna go bhféadfadh go mbeidh aonaid dianchúraim na seirbhíse sláinte lán taobh istigh de roinnt laethanta.

Údar imní ar leith líon na ndaoine a atá in aonaid dianchúraim de bharr an ghalair.

Dúirt an Taoiseach go raibh iarracht nár facthas a leithéid cheana ar bun ag oibrithe na seirbhíse sláinte agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis an ngéarchéim.

34 cás nua a deimhníodh ó thuaidh tráthnóna agus 275 cás ar fad atá deimhnithe.

Maidir leis na figiúirí is déanaí ón Ronn Sláinte ó dheas:

  • Fir a bhí i gceist le 54% de na cásanna agus mná iad 46%
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 46 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 419 duine, nó 26%
  • As na daoine sin, cuireadh 59 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 375 cás, nó 23%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 922 cás, nó 56%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 171 cás, nó 10%
  • 57 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe, 44 a bhí i gcontae Chiarraí, 15 cás bhí i nDún na nGall, 25 cás a bhí i bPort Láirge agus 33 cás a bhí i gcontae na Mí
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 51% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 23% agus taisteal thar lear ba chúis le 26%

Idir an dá linn, tuairiscíodh an t-ardú laethúil is mó fós san Iodáil inniu agus 919 duine eile básaithe sa tír is measa atá buailte ag an bpaindéim. 9,134 duine atá curtha den saol san Iodáil ag an ngalar.

Tá breis is 4,800 duine le Covid-19 básaithe sa Spáinn agus líon níos airde básanna anois á thuairisciú sa tír sin ná mar atá san Iodáil féin, an tír is measa atá buailte ag an ngalar a bhfuil an domhan mór ina chíor thuathail aige.

769 duine eile a bhásaigh sa Spáinn le lá anuas, an líon is mó daoine a fuair bás in aon lá amháin sa tír sin. 4,858 duine atá básaithe sa Spáinn go dtí seo de bharr an choróinvíris, an líon is mó in aon tír seachas an Iodáil.

8,000 cás nua den ghalar a fógraíodh sa Spáinn, ach dealraíonn sé go bhfuil an ráta fáis maidir le cásanna nua ag ísliú de bheagán.

Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson buailte ag an gcoróinvíreas.

D’fhógair aire sláinte na Breataine Matt Hancock chomh maith inniu go raibh an galar tolgtha aige.

Dúirt Johnson ar maidin go leanfadh sé air “mar cheannaire” ar fheachtas a Rialtais i gcoinne an víris.

Dúirt Johnson go raibh teocht ard aige agus nach raibh stopadh air ach ag casacht.

Fógraíodh ar maidin go raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh ar Johnson do Covid-19, an víreas a bhfuil an saol curtha bunoscionn aige ar fud an domhain.

Dúirt urlabhraí ó Shráid Downing go raibh siomptóim éadroma inné ar Phríomh-Aire na Breataine agus gur cuireadh tástáil air ina dhiaidh sin don choróinvíreas “ar chomhairle phearsanta” Phríomh-Oifigeach Leighis Shasana, an tOllamh  Chris Whitty.

Rinne baill foirne den NHS an tástáil ag Uimh. 10 agus bhí toradh dearfach uirthi.

Dúirt aire sláinte na Breataine Matt Hancock gur siomptóim éadroma a bhí air sin chomh maith agus go raibh sé ag fanacht amach ó dhaoine eile agus ag obair ón mbaile.

De réir na dtreoracha, tá an Príomh-Aire á choinneáil féin amach ó dhaoine i Sráid Downing.

Fág freagra ar '‘Fan sa mbaile’ – srianta nua fógartha ag an Rialtas chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19'

  • Des O Murchu

    Teir abhaile, fan sa bhaile, Mary! etc