50 bliain ó shin chuireamar Saor-Raidió Chonamara ar an aer i gcarbhán i Ros Muc

‘The Radio that could not be heard,’ a thug nuachtán amháin ar an stáisiún bradach Gaeilge a bunaíodh i gConamara 50 bliain ó shin, ach tá lorg a ghlóir le cloisteáil i gcónaí

50 bliain ó shin chuireamar Saor-Raidió Chonamara ar an aer i gcarbhán i Ros Muc

Murach an víreas damanta sin bheadh comóradh againn an deireadh seachtaine seo caite ar Shaor-Raidió Chonamara a chuaigh ar an aer i Ros Muc 50 bliain agus an Satharn seo caite. Bhí sé i gceist leacht cuimhneacháin a chur suas i Ros Muc, teacht le chéile a bheith in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh agus bailiúchán grianghraf agus blúirí as nuachtáin a bheith ar taispeáint san Ionad freisin.

Nuair a chuir muid an t-éileamh ar son stáisiúin raidió ar an gclár oibre agus muid ag bunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ní go ró-mhaith a chreid cuid den ghrúpa gur rud a bhí ann a d’fhéadfadh tarlú.

Go deimhin ba í an argóint ba mhó a cuireadh i láthair gur cheart díriú ar obair sa mbaile agus ar sholáthar gnáthsheirbhísí seachas a bheith ag déanamh caisleáin óir ar an gcaoi sin.

Ach lean mionlach againn orainn ag iarraidh an smaoineamh a chur i ngníomh. I nDoire Cholm Cille dom féin an oíche tar éis Chath Thaobh an Bhogaigh chuala mé raidió bradach an cheantair sin ag craoladh –Radio Free Derry, mar a thug siad air. Scríobh mé alt ar an nuachtán Inniu agus ceann eile ar an Curadh Connachtach ag rá gur cheart dúinne a leithéid de raidió a chur ar an aer i gConamara.

Níl a fhios agam ar ceann de na haltanna sin a léigh teicneoir óg cumasach i gCorcaigh, Mícheál Ó hÉalaí. nó ar duine eicínt eile a chuir ar an eolas é, ach nuair a thug sé cuairt ar Ghaillimh tamall ina dhiaidh sin chuir sé tuairisc faoin dream seo a raibh an smaoineamh faoin raidió acu.

Dúirt sé go mbeadh sé féin in ann aire a thabhairt don taobh teicniúil den scéal.

Theastaigh teach ansin le dhul ag craoladh as. Bhí mise ag iarraidh é a chur i dTeach an Phiarsaigh ach ní aontódh mo chol cúigear Piaras Ó Gaora liom. Bhí aithne phearsanta ag a athair agus ag a sheanathair ar an bPiarsach agus mheas sé gur mhór an masla a bheadh ann briseadh isteach sa teachín.

Chuaigh an bheirt againn ar fud Ros Muc ag iarraidh teach feiliúnach a aimsiú. Bhí an margadh beagnach déanta againn faoi theach amháin nuair a bhuail amhras bean an tí go bhféadfadh sé gur dream mídhleathach eicínt a bhí fúinn a thabhairt isteach.

Bhuail muid isteach sa teach tábhairne, Tí Chlarke, leis an gcéad chéim eile a bheartú. Chonaic mé féin carbhán taobh amuigh den fhuinneog—carbhán a ligfí ar cíos.

‘Cinnte,’ a dúirt Tom Clarke, ‘deich bpunt an costas.’

Tharraing muid an carbhán siar chomh fada le Tí Phiarais Uí Ghaora, rinneadh ceangal leis an gcóras leictreachais agus níorbh fhada ina dhiaidh sin go raibh muid ar an aer.

D’fhiafraigh duine de lucht na gCearta Sibhialta lá céard a tharlódh dá dtiocfadh na Gardaí. Cuimhneoidh mé go deo ar an bhfreagra a thug Piaras Ó Gaora air: ‘Scread mhaidne ort,’ a dúirt sé, ‘dhóigh na Black and Tans an teach sin go talamh agus tá imní ortsa faoi chúpla Garda suarach nach bhfuil ach dhá lá amuigh as ionad traenála an Teampaill Mhóir.’

Rinne an Curadh Connachtach beag is fiú de scéal an Raidió. ‘The Radio that could not be heard,’ a thug siad air. Is fíor nach raibh sé le cloisteáil i gcathair na Gaillimhe ach shroich a ghlór chomh fada le Árainn.

Fuair mé féin litir ó sheandochtúir de mhuintir Uí Bhriain a bhí ar an leaba le tinneas in Árainn nuair a chuala sé Saor-raidió Chonamara.

‘Léim mé amach ar an urlár le teann bróid as,’ a dúirt sé.

Bhí Jim Fahy ag obair don Tuam Herald ag an am. Thug sé grianghrafadóir go Ros Muc agus cuireadh an scéal ar an gcéad leathanach den nuachtán sin!

Foilsíodh grianghraif i nuachtán náisiúnta freisin. Ón gcúl a tógadh é ar fhaitíos go n-aithneofaí aon duine. Bhí compánach as Corcaigh, Máirtín Ó Duibhir, in éineacht le Mícheál Ó hÉalaí. Bhí sé ráite aige lena mháthair gur ag campáil go Corca Dhuibhne a bhí siad ag dul.

‘Níl sé chomh héasca sin an dallamullog a chur orm,’ a dúirt sise leis i dteachtaireacht a chuir sí chuige, ‘d’aithin mé an geansaí cniotáilte.’

Chaithfeadh sé gur bhuail muid an tairne ar an mullach ag an am ceart nuair a chuir muid an raidió bradach ar an aer. Tamall roimhe sin bhí cruinniú agam féin agus ag Máire Fennell le hArd-Stiúrthóir RTÉ, Tom Hardiman agus lena thánaiste, John Irvine.

Cé nár thug siad aon ghealltanas b’fhacthas dúinn nach raibh siad glan in aghaidh a leithéid de stáisiún a bheith ann.

‘Mura gcuirfidh sibh ar bun é cuirfidh muid féin ar bun é,’ arsa mise le Hardiman.

‘Cén aois thú?’ ar seisean.

‘Bliain agus fiche,’ arsa mise.

‘Tá an-mhisneach agat, ‘ ar seisean.

Misneach nó baois na hóige?

Is deacair a rá.

Tháinig an lá ar chuma ar bith a raibh mé féin agus Tom Hardiman ar Bhord Stiúrtha Telegael. Bhí céim mhór eile tugtha chun cinn an uair sin i seirbhís chumarsáide na Gaeltachta agus na Gaeilge

Fág freagra ar '50 bliain ó shin chuireamar Saor-Raidió Chonamara ar an aer i gcarbhán i Ros Muc'

  • Eibhlín de Bhailís

    Sé an trua nach raibh an comóradh dearfach sin ann an deireadh seachtaine seo caite ach tá súil agam agus tá mé cinnte go mbeidh a leitheide ann chomh luath agus a bheas rudaí socraithe sios aríst.

    Beidh éagrán speisialta den chlár ‘Tobar na Cartlainne’ a bhreathnaíonn siar ar an ócáid stairiúil seo, á chraoladh ar Raidió na Gaeltachta tráthnóna amárach Dé Céadaoin ag 2pm? 15/4/20

    Cloisfear go leor de na glórtha a cloiseadb ar an lá stairiúil sin agus tá muid go mór faoi chomaoin ag na laochra sin a leag an bunchloch do Raidió na Gaeltachta.
    Is fiú aird a thabhairt ar dhaoine a bhíonn ag brionglóidí faoi chaisleáin óir, nár laga Dia sibh a Joe agus Beannacht Dé le anam na marbh a bhí libh an uair úd.

  • Gabriel Rosenstock

    Níl an carbhán ann i gcónaí, an bhfuil? Má tá – nó aon iarsma de – ba cheart é a bheith i Músaem nó, níos fearr fós, lasmuigh de cheannáras Virgin Media.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    B’é an trua nach raibh an comóradh ann. Comóradh simplí a bhí beartaithe againn, murach an víreas. ACH tugann sé seo deis dhúinn comóradh groíúil a eagrú mí na Samhna, 50 bliain ó chuaigh an Saor-raidió ar ais ar an aer. Níl a fhios agam an bhfuil an carbhán ar fáil, a Gabriel, ach tá cuid de na daoine a chuir an Saor-raidió ar an aer ann i gcónaí agus ba dheas iad a thabhairt le chéile le buíochas a ghabháil leo agus aitheantas a thabhairt chomh maith dóibh siúd atá imithe ar Shlí na Fírinne.

  • Larry Phelan

    An-fhear a Joe, níor thuig mé go raibh baint ag muintir Chorcaí leis an scéal, beidh ceiliúradh cuí ar an ócáid agaibh fós le cúnamh Dé.

  • Padraig

    Chuir bhur saothar ar ar gcumas (mo léan nach bhfuil sinithe fada na Gaeilge uilig ar mo mhéarchlar) teacht nios moille ar RnaG mar a dhéanaim fos chuile la beo anseo sa Fhrainc, a bhui do Shaor-Raidio Chonamara agus don Idirlion. Nios moille bhailigh scata againn le chéile i 1996 i dtéatar in UCG an oiche a lainsealadh TnaG agus léim muid le teann broid. Ceann de na buntaisti is mo ata ag RnaG? Na hiriseoiri duchasacha! Nil aon fhograiocht ann! Agus tagann siad ar Ghaelgeoiri ar fud an domhain mhoir chun tubaisti an tsaoil a mhiniu do na héisteoiri i dteanga an lae. Maith sibh!

  • Diane Brennan

    Congratulations Seosamh and friends:
    for having the wisdom and tenacity to make this radio station happen
    ” When a language is lost, a way of understanding the world dies with it;
    a way of looking at the world ” George Steiner
    Many thanks indeed
    Diane Brennan