50 bliain ó shin a rinne an RUC ionsaí ar léirsitheoirí síochánta a bhí ag éileamh cearta sibhialta…

Níl leagan aontaithe fós ann de gach gné de stair na gcearta sibhialta agus is fíor an áiteamh go raibh ‘dolly mixture brigade’ i gceist leis an ngluaiseacht

50 bliain ó shin a rinne an RUC ionsaí ar léirsitheoirí síochánta a bhí ag éileamh cearta sibhialta…

An deireadh seachtaine seo i nDoire, cothrom an ama 50 bliain ó shin a ndearna an RUC ionsaí ar léirsitheoirí síochánta a bhí ag éileamh cearta sibhialta, déanfar scrúdú ar an imeacht stairiúil sin agus na hiarmhairtí a bhain leis.

Tá ‘féile idirnáisiúnta chearta sibhialta’ á reáchtáil sa chathair ag Coiste Comórtha an Leathchéid a d’eagraigh sraith imeachtaí i gcaitheamh na bliana. Bhí ócáidí speisialta acu in oirthear, iarthar agus lár Bhéal Feirste, in Ard Mhacha agus i nDún Geanainn, ach is í an fhéile i gcuimhne ar mháirseáil Shráid an Diúic i nDoire an sméar mhullaigh agus beidh an tUachtarán, Micheál D Ó hUigínn ansin mar aoichainteoir speisialta.

Deirtear gurbh í an mháirseáil sin tús na dTrioblóidí. Ní baileach gurbh é sin lomchlár na fírinne ach gan dabht ar bith, spreag scliúchas an lae sin athruithe ó bhonn ar chúrsa an tuaiscirt agus tharraing siad aird na cruinne ar pholaitíocht achrannach Thuaisceart Éireann.

Bhí alltacht ar dhaoine i gcéin agus sa bhaile nuair a chonaic siad an scannán nuachta de chuid RTE a rinne an fear ceamara, Gay O’Brien, nach maireann. Nuair a stop na póilíní an mháirseáil i Sráid an Diúic bhí an íde a tugadh don lucht máirseála scanrúil. Tugadh suntas ar leith, áfach, do na pictiúir de phóilín ag batráil daoine go fíochmhar, an feisire Parlaiminte Gerry Fitt ina measc.

Gortaíodh os cionn trí scór go leith sibhialtach.

(Seans go mbeadh suim ag léitheoirí Tuairisc.ie sa scéala go raibh beirt Ghaeilgeoirí aitheanta ar an mháirseáil sin – an tOllamh Dáithí Ó hUaithne agus Proinsias Mac Aonghusa – agus iad ann mar ionadaithe ar an bhfeachtas ar son ionadaíocht chionmhar).

Eagraíodh an mháirseáil sin ar an 5 Deireadh Fómhair 1968 faoi scáth an NICRA (Northern Ireland Civil Rights Association) mar a rinneadh le léirsithe i nDún Geanainn agus in Ard Mhacha roimhe sin. Ba iad an Derry Housing Action Committee a d’iarr ar an NICRA a n-ainm a chur le hagóid Dhoire. I bhfírinne ba chumainn ghníomhaíochta áitiúla a bhí taobh thiar d’agóidí a gceantar féin, iad ar fad mar a bheadh comhghuaillíocht scaoilte a bhain leas as an NICRA. Mar a dúirt Fionnbarra Ó Dochartaigh, duine díobh sin a bhí gníomhach i nDoire, leis an Derry Journal le gairid “Civil rights did not belong to any particular party. We were a dolly mixture brigade”.

Mar is dual don tuaisceart bíonn an-chuid argóna faoi cén dream atá i dteideal gaisce a dhéanamh gur acu atá seacht suáilce ghluaiseacht na gceart sibhialta. Den chuid ba mhó ba iad na ‘stickies’- mar a tugadh ar na poblachtaithe oifigiúla i ndiaidh na scoilte leis na sealadaigh – a chinn ag cruinniú i 1966 go mbunófaí an NICRA ach bhí an ghluaiseacht i bhfad níos uileghabhálaí ná iadsan. Bhí cumannaigh, ceardchumannaigh, daoine a bhí san SDLP ina dhiaidh sin, mic léinn agus daoine eile a bhí faoi thionchar imeachtaí i Meiriceá agus sa Fhrainc páirteach. Níl leagan aontaithe fós ann de gach gné de stair na gluaiseachta.

Bhí cuid den mheascán nó den ‘dolly mixture brigade’ gníomhach ar son cearta agus comhionannais sular bunaíodh an NICRA i dtús na bliana 1967. Bunaíodh an NICCL (Northern Ireland Council for Civil Liberties) i 1962 agus cé nach raibh rath air spreag sé suim feisirí ó Pháirtí Lucht Oibre na Breataine sa chóras rialacháin abhus. Bhunaigh siad an CDU, An Feachtas um Daonlathas in Ulaidh. Ba é an feisire Paul Rose, ón Lucht Oibre an té ab iomráití san fheachtas sin.

Bhí an Homeless Citizens’ League gníomhach i nDún Geanainn i 1963, iad ag máirseáil agus ag agóidíocht in aghaidh na Comhairle. Ar deireadh rinne siad suiteoireacht i seacht gcinn déag de thithe réamhdhéanta a raibh plean ag an gComhairle iad a dhíol mar chróite cearc nuair a aistríodh aontachtaithe amach astu chuig tithe úra. As sin a d’eascair an Campaign for Social Justice i 1964, feachtas a bunaíodh le tréandúthracht Patricia McCluskey agus a fear céile, an Dr Conn McCluskey. Bhailigh an CSJ staidreamh faoin leatrom i gcúrsaí tithíochta, vótaí, cóir leighis agus oideachais agus sheol iad chuig na húdaráis sa Bhreatain agus i mBaile Átha Cliath.

Tar éis an 5 Deireadh Fómhair bunaíodh Derry Citizens’Action Committee ina dhírigh John Hume agus áitritheoirí eile ar agóidíocht shíochánta ar mhaithe le cearta do phobal na cathrach. Bunaíodh freisin an People’s Democracy, PD nó Daonlathaigh an Phobail. Mic léinn in Ollscoil na Ríona a bhunaigh an grúpa seo agus bhí siad níos radacaí ná formhór na ngrúpaí áitiúla. Comhionannas cearta do gach éinne a theastaigh ón gcuid is mó de na daoine a bhí i mbun feachtais – náisiúnaithe, poblachtánaigh, ceardchumannaigh, cumannaigh, lucht oibre, agus daoine ó chúlra aontachtach. Ach an oiread le náisiúnaithe, ní raibh vóta ag gach duine sa phobal aontachtach – is ag daoine le sealús amháin a bhíodh ceart vótála.

D’éirigh leis an bhfeachtas ar son na gceart deireadh a chur leis an vóta a bhíodh ag comhlachtaí agus vóta amháin an duine a bhaint amach chomh maith le hathrú ar leithdháileadh na tithíochta. Bunaíodh oifig an Ombudsman, cuireadh samhailchomhartha an leithcheala, Comhairle Dhoire, ar neamhní agus ceapadh Coimisiún ina hionad. Níor shuarach an méid é san achar gearr sular chuir lucht foréigin an feachtas de dhroim seoil. Éacht ab ea é i gcomparáid leis an slad a rinneadh leis an lámh láidir. Ach maíonn daoine áirithe fós gur chomhcheilg phoblachtánach in aghaidh an stáit í an ghluaiseacht nó na gluaiseachtaí cearta sibhialta.

Le linn na féile i nDoire déanfar cíoradh ar oidhreacht na bhfeachtas a eagraíodh 50 bliain ó shin, ar na ceachtanna atá iontu sa lá inniu d’aon ghluaiseacht nua, agus ar an gciall a ceannaíodh go daor.

Fág freagra ar '50 bliain ó shin a rinne an RUC ionsaí ar léirsitheoirí síochánta a bhí ag éileamh cearta sibhialta…'