5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

SlowPlaceLikeHome – Cesare’s Principle

Bhí leagan uirlise den gceann seo ar an gcéad leagan den albam Romola, a d’eisigh an cumadóir/léiritheoir Keith Mannion ó Bhéal Átha Seanaidh anuraidh. Tá an t-albam céanna atheisithe aige le leaganacha nua de na hamhráin a bhí le clos ar an gcéad eisiúint, taobh le cúpla rian nua.

Theastaigh ón gcumadóir cló nua a chur ar ‘Cesare’s Principle’ agus rith sé leis ceist a chur ar thriúr deirfiúr focail a chanadh dó. Mar sin, ní hionann is an bunleagan, cloiseann tú glór na dtriúr deirfiúr anseo, gearrchailí óga nach bhfuil ina ndéagóirí go fóill ach atá anois le clos ar cheann de na hamhráin is áille a cruthaíodh ar an oileán seo i mbliana. Tá an t-albam ar fáil anois ar slowplacelikehome.bandcamp.com


SOPHIE – Just Like We Never Said Goodbye

Níl meas ag a lán daoine ar an bpopcheol, milis, leictreonach a chumann Samuel Long faoin ainm SOPHIE (stíl atá fréamhaithe go mór sa cheol a eisíonn lipéad PC Music), ach is breá liomsa é. Seo an singil is déanaí óna chéad albam Product, a bheidh ag teacht amach ag deireadh na míosa. Glór mná is cumha uirthi i ndiaidh a hóige, ag canadh i stíl popcheol raidió tráchtála na Seapáine is í á tionlacadh ag sintiséirí. Níl aon dord i láthair ach éiríonn leis an amhrán splanc a chruthú dá cheal.


Dean Blunt – On Wine, Hashish & Molly

Anuraidh, d’eisigh Bruno Pronsato an t-albam The Bedroom Slant faoin ainm Archangel. Anois, tá EP nua curtha le chéile le leaganacha nua ó léiritheoirí éagsúla de rianta a bhí le clos ar an albam san. Seo léamh le Dean Blunt ar an amhrán ‘Julia’. Baineann sé leas as taifead de bhean ag eachtraí mar gheall ar oíche i gclub ag tógáint drugaí difriúla den gcéad uair os cionn foinsí ceoil ón mbunleagan atá curtha as a riocht aige. Tá leagan 9 nóiméad ar an EP úr ar Foom Music ach seo an ceann ar chóir éisteacht leis: nach mór 22 nóiméad ar fhaid is ní bhraithfidh tú na noimintí sin ag sleamhnú uait in aon chor.


Beach House – Days Of Candy

Tá amhráin den gcéad scoth á n-eisiúint ag Victoria Legrand agus Alex Scally ó Mharyland le blianta fada anois. Seo an rogha deireanach ar a n-albam is déanaí, Depression Cherry. Ní leor a rá ach go bhfuil sé gleoite, searbhmhilis, taibhsiúil agus ábhairín brónach in éineacht.

‘I know it comes too soon / The universe is riding off with you’.


Ceann ón gCartlann

Thomas Leer – Private Plan

Bhí an ceann seo le clos ar an gcéad singil a d’eisigh Thomas Leer, ceannródaí ceoil leictreonach ó Phort Glaschú sa bhleán 1978. Dhein sé na liricí a chogarnaíl go macánta is an t-amhrán á thaifeadadh aige siar amach san oíche, toisc go raibh a ghrá gheal ina coladh i seomra béal dorais ina n-árasán beag i bPáirc Finsbury, Londain. Bhronn an iris NME gradam singil na seachtaine air agus ní fada gur díoladh gach cóip den 650 ceirnín a cruthaíodh de ar dtúis. Tá sé le clos anois, i measc 16 rian nótála eile ar an gcnuasach ceoil [Cease & Desist] DIY (Cult Classics from the Post-Punk era 1978-82)’, cnuasach ar leith atá curtha i dtoil a chéile ag an dioscmharcach JD Twitch ó Optimo.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'