5 amhrán ón Taobh Tuathail

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image


Slow Moving Clouds – Hiljainen Suru

‘Os’ a thugann an grúpa Slow Moving Clouds, bunaithe i mBaile Átha Cliath, ar a gcéad albam.  Cloisimid Kevin Murphy (ón ngrúpa Seti The First) ar an dordveidhl, Danny Diamond ar an bhfidil i dteannta Aki, ealaíontóir ón bhFionnlainn, atá le clos ag amhrán ar an albam is ag casadh an nyckelharpa.

Ceol nuachumtha ar fad atá le clos ar an fadcheirnín, idir fhuaimrianta saibhre a shamhlófá le scannáin is rianta fuinniúla damhsa, gan trácht ar amhráin mhaorga canta as Fionnlannais, cosúil leis an gceann seo.


 

King Midas Sound / Fennesz – We Walk Together

Roinnt seachtainí ó shin, sheol lipéad Ninja Tune blaiseadh chugham den albam ‘Editions 1’ i bhfoirm riain a luaigh mé sa cholún seo. Ó shin i leith, táim tar éis am a chaitheamh leis an albam ar leith seo atá curtha i gcomhar a chéile ag banna dub-eolaí Kevin Martin (King Midas Sound), i dteannta an léiritheora aimbiaigh ón Ostair, Christian Fennesz.

Ní dóigh liom go bhfuil oiread is port lag amháin ar an albam agus táim go mór fhaoi gheasa ag an iarracht seo, canta ag Kiki Hitomi ó King Midas Sound.


 

Of Norway – Running Lights II

Tá cáil ar an mbeirt léiritheoirí a bhíonn ag taifeadadh mar ‘Of Norway’ ina mbaile dúchais Oslo le blianta anois, ach le tamall anuas, tá aird á dhíriú orthu ar bhonn idirnáisiúnta, tar éis singilí a eisiúint ar lipéid mar Connaisseur Recordings, Darkroom Dubs agus My Favorite Robot. Aon uair a chasaim an ceann seo, cibé ar an raidió nó sa chlub, bíonn daoine ag fiosrú mar gheall air. Cad ina thaobh? Is deacair an dord álainn te, teolaí a shárú.


 

Robert Aiki Aubrey Lowe & Ariel Kalma – Strange Dreams

‘We Know Each Other Somehow’ is ea an teideal ar albam eisithe níos luaithe i mbliana ag beirt cheannródaithe ar na sintéiseoirí; Ariel Kalma, de bhunadh na Fraince, a d’eisigh a chéad albam daichead bliain ó shin, agus Robert Aiki Aubrey Lowe, a bhíonn ag ceol le grúpaí cosúil le Om, Lichens agus Nurse With Wound.  Trí sheans a bhuaileadar le chéile i San Francisco agus bheartaíodar ar hseal a chaitheamh ag taifeadadh i stiúideo tuaithe Kalma i Mullimbimby na hAstráile.

As san a d’eascair an ceol, mall, taibhsiúl atá ar a saothar agus is minic an rogha seo uathu casta agam ar an raidió le seachtainí anuas.


 

Ceann ón gCartlann

The Boo Radleys – Lazarus

Seans go bhfuil aithne ag an domhan mór ar cheol an bhanna seo tríd an singil ‘Wake Up Boo!’ a eisíodh nuair a bhí amhráin Britpop á gcasadh gan stad ná staonadh ag na stáisiúin tráchtála raidió.  Mar sin féin, b’é seo an chéad amhrán uatha a chuir an éisteoir seo faoi gheasa.

Don gcéad trí nóiméad, níl guth ar bith le clos, díreacha an banna ag leagadh amach bonn dub, sicídéalach an amhráin. Ina dhiaidh sin tagann an amhrán is cloisimíd guth an amhránaí Martin Carr den gcéad uair.  Seo amhrán ná beadh as áit ar ’Sergeant Pepper’s Lonely Hearts Club Band’ le na Beatles agus cosúil le banna cailiúil na seascaidí, b’as ceantair cois Mersey do The Boo Radleys (ainm a sciobadar ó charactar in leabhar Harper Lee ‘To Kill A Mockingbird’)… b’é seo an chéad singil ó albam cailiúil an bhanna ‘Giant Steps’, a eisíodh sa bhliain 1993.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón Taobh Tuathail'