5 amhrán ón taobh tuathail…

Gach seachtain feasta ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnóidh Cian Ó Cíobháin cúig cinn d’amhráin atá á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image


Rae & Christian feat. Jake Ellyn – Favourite Game (Mang Dynasty Remix)

Agus é ar fáil ar cheirnín 12” den gcéad uair le gairid, tugann athmheascán Mang Dynasty (sin iad Ray Mang agus Bill Brewster) ar ‘Favourite Game’ tús áite do ghuth Gita Langley.  Tá a glór folaithe sa chúlra sa bhunleagan ach éiríonn le léamh Mang Dynasty a cheart a thabhairt dá bhinneas.  Tá splanc an phoirt dioscó comhaimseartha sa leagan nua seo agus samhlaím mar ‘Lost In Music’ le Sister Sledge, ach cló nua buailte air don ghlúin atá anois ann.


Wax Stag – Night Trek (Bibio Remix)

Creideann Rob Lee – Wax Stag – gur minic rud tábhachtach in easnamh ar cheol na linne seo – is é sin, foinn tharraingteacha. Ón méid atá cloiste agam dá albam nua, tá beart déanta de réir a bhriathair aige agus foinn nua thaithneamhacha cumtha aige féin dúinn. Fear eile atá meallta ag a macasamhail d’fhoinn é Bibio agus doirteann sé breis meala anuas ar a athmheascán nua gleoite.


Nick Hook / Jaco feat. Todd Edwards & Kilo Kush

Ar EP úr Nick Hook ‘Collage v.1’, tá rianta le clos a chum sé agus é i mbun tionscnaimh ceoil is scannáin leis an gcomhlacht earraí DJ Serato agus an lipéad Ninja Tune anuraidh.  Seo é an t-amhrán is tarraingtí ar an EP, sampla den stíl r’n’b chomaimseartha atá á brú chunn cinn ag leithéidí Junior Boys agus Jessy Lanza.


Kaytranda – Drive Me Crazy (ft. Vic Mensa)

Is breá liom an obair léirithe atá déanta ag Kaytranda ó Cheanada ar an singil nua hip-hop seo. Samhlaím gur sciob sé na fuaimeanna ó phort techno sicidéalach éigin, ach gur chuir sé moill le luas an phoirt chun earra nua, lonrach a chruthú as.  Is é Vic Mensa, fear óg ó Chicago atá i mbun rap-fhonnadóirechta.  Táim ag tnúth le chéad albam Kaytranda a bheidh ar an margadh an samhradh seo chughainn.


Luca Cazal – Maya

Seo port mór i gclubanna na hEorpa faoi láthair ó Luca Cazal, fear go bhfuil aithne air de bharr a cheangail leis an ngrúpa Hot Natured.  Is deacair gan a bheith tiomáinte le gealaigh ag na drumaí troma, rif mhilis an phianó agus an clabhsúr gan choinne a chuirtear leis an iomlán. Scuabtar sa deireadh an rinceoir ó úrlár rince chuig coill coimhthíoch éigin, áit atá amhránaí/drumadóir ó threibh aduain ag feitheamh dúinn.


Ceann ón gCartlann

White Noise – Your Hidden Dreams

‘An Electric Storm’ is teideal do chéadalbam an ghrúpa ceoil leictreónaigh White Noise a eisíodh sa bhliain 1969. Níl aon teorainn leis an dtionchar a bhí – is atá i gcónaí – ag an albam ar an gceoldhreach leictreónach.  Ba cheannródaithe iad na cumadóirí David Vorhaus, Delia Derbyshire agus Brian Hodgson, a nasc fuaimeanna allúracha (go minic ó scannáin uafáis) le hamhráin shicídéalacha agus éifeachtaí aisteacha leictréonacha ar bhealach ná raibh déanta ag mórán ceoltóirí rompu.