432 cás eile den choróinvíreas fógartha, duine amháin eile básaithe

Deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go bhfuil sé ‘riachtanach’ go ndéanfadh an ‘tsochaí go léir’ iarracht ‘níos mó’ srian a chur le scaipeadh an ghalair sna seachtainí romhainn

432 cás eile den choróinvíreas fógartha, duine amháin eile básaithe

432 cás eile den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

D’fhógair an Roinn chomh maith go raibh duine amháin eile a raibh an galar tolgtha aige básaithe.

Bhain 51 den 432 cás nua le Dún na nGall agus bhain 41 acu le Corcaigh. 111 de chásanna an lae inniu a bhain le Baile Átha Cliath agus 32 cás a bhí i gcontae an Chláir.

Bhain an 197 cás eile le 20 contae éagsúil.

150 duine a bhfuil sé deimhnithe go bhfuil an víreas orthu atá sna hospidéil agus 24 acusan atá sna haonaid dianchúraim. 117 in aghaidh gach 100,000 duine ráta an ghalair le coicís, i gcomparáid le 89 Dé Máirt seo caite.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, tráthnóna go raibh sé “riachtanach” go ndéanfadh an “tsochaí go léir” iarracht “níos mó” srian a chur le scaipeadh an ghalair sna seachtainí romhainn.

669 cás nua den víreas a deimhníodh ó thuaidh le lá anuas agus cuireadh bás amháin eile de thoradh an ghalair ar an taifead.

Cuireadh tástáil ar 4,571 duine le 24 uair an chloig anuas.

Tá a thuilleadh srianta ar na bacáin sa Tuaisceart agus dúirt an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill go raibh “gach aon ní san áireamh” sa phlé atá ar bun faoin scéal.

Dúirt sí gur dócha go mbeadh ‘scoradán ciorcaid’, tréimhse ghairid diansrianta le scaipeadh an Covid-19 a mhaolú, ag teastáil.

Scríobh O’Neill agus an Chéad-Aire Arlene Foster litir chuig daoine san iarthuaisceart ag impí orthu cloí leis na rialacha níos déine atá i bhfeidhm ansin.

4,005 cás den víreas a deimhníodh ó thuaidh le seachtain anuas.

54,332 cás den víreas atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 38,973 cás ó dheas den teorainn agus 15,359 cás ó thuaidh di.

2,396 duine atá curtha den saol ag an ngalar ó thús na paindéime, 1,811 duine ó dheas agus 585 duine ó thuaidh.

Deimhníodh níos túisce tráthnóna go raibh toradh deimhneach ar an tástáil don Covid-19 a cuireadh ar 31 duine i dteach altranais i gcontae Laoise, Kilminchy Lodge.

Baineann 21 cás den víreas le daoine atá ina gcónaí sa teach altranais agus baineann 10 gcás le daoine atá ag obair ann.

Tá na daoine a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh orthu ag féinleithlisiú ina seomraí, a dúradh i ráiteas ón teach altranais.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil tráthnóna go bhfuil sé d’acmhainn ag na hospidéil déileáil leis an ardú ar líon na gcásanna Covid-19.

Rinne sé cosaint ar chinneadh an Rialtais diúltú do chomhairle NPHET agus srianta Leibhéal 3 seachas Leibhéal 5 a chur i bhfeidhm.

Cháin ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald an rialtas agus chaith sí amhras ar an maíomh go raibh dóthain acmhainní ag na hospidéil chun dul i ngleic leis an mbrúisc i líon na gcásanna.

Dúirt sí gur tubaiste a bheadh ann dá rachfaí go dtí Leibhéal 5 ó tharla go raibh ciorruithe déanta ag an Rialtas ar na híocaíochtaí tacaíochta atá ar fáil do dhaoine.

Cháin sí go háirithe an cáineadh a rinne an Tánaiste Leo Varadkar aréir faoi chur chuige NPHET maidir lena moladh go gcuirfí srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm.

Mhaígh an Tánaiste gur tháinig an scéal aniar aduaidh ar an Rialtas agus chuir sé i leith NPHET nach raibh machnamh ceart déanta acu faoina bplean.

Dúirt Mary Lou McDonald gur chuir caint an Tánaiste alltacht uirthi, gur “ionsaí thar fóir” a bhí ann agus gur léirigh sé easpa aibíochta agus béasa.

I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá ráite ag an Uachtarán Donald Trump go bhfuil sé chun dul i mbun dísopóireachta le hiarrthóir na nDaonlathach Joe Biden Déardaoin na seachtaine seo chugainn, in ainneoin é a bheith buailte ag an gcoróinvíreas faoi láthair.

Dúirt Trump an méid sin tráth go bhfuair Facebook réidh le teachtaireacht dá chuid toisc gur sháraigh sé a bpolasaí maidir le scaipeadh mí-eolais.

Mhaígh Trump ina theachtaireacht go gcuireann an fliú níos mó daoine den saol ná mar a dhéanann an Covid-19.

Ó fógraíodh go raibh toradh deimhneach ar thástáil don víreas a cuireadh ar Trump, lean sé lena nós beag is fiú a dhéanamh den ghalar.

“Ná lig dó an lámh in uachtar a fháil ort i do shaol. Ná bíodh eagla ort roimh Covid. Éireoidh leat an ceann is fearr a fháil air. Againne atá an trealamh leighis is fearr. Againne atá na cógais is fearr, agus le déanaí a forbraíodh iad go léir,” a dúirt sé i bhfíseán a chuir sé amach aréir.

Rinneadh cáineadh air chomh maith as a mhasc a bhaint de i gcomhair pictiúir nuair a d’fhill sé ar an dTeach Bán ón ospideál míleata ina raibh cóir leighis á cur air ag meitheal dochtúirí.

Fág freagra ar '432 cás eile den choróinvíreas fógartha, duine amháin eile básaithe'