An coróinvíreas tolgtha ag 31 duine i dteach altranais i gcontae Laoise

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil tráthnóna go bhfuil sé d’acmhainn ag na hospidéil déileáil leis an ardú ar líon na gcásanna Covid-19

An coróinvíreas tolgtha ag 31 duine i dteach altranais i gcontae Laoise

Tá sé deimhnithe tráthnóna go raibh toradh deimhneach ar an tástáil don Covid-19 a cuireadh ar 31 duine i dteach altranais i gcontae Laoise, Kilminchy Lodge.

Baineann 21 cás den víreas le daoine atá ina gcónaí sa teach altranais agus baineann 10 gcás le daoine atá ag obair ann.

Tá na daoine a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh orthu ag féinleithlisiú ina seomraí, a dúradh i ráiteas ón teach altranais.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil tráthnóna go bhfuil sé d’acmhainn ag na hospidéil déileáil leis an ardú ar líon na gcásanna Covid-19.

Rinne an Taoiseach cosaint sa Dáil tráthnóna ar chinneadh an Rialtais diúltú do chomhairle NPHET agus srianta Leibhéal 3 seachas Leibhéal 5 a chur i bhfeidhm.

Cháin ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald an rialtas agus chaith sí amhras ar an maíomh go raibh dóthain acmhainní ag na hospidéil chun dul i ngleic leis an mbrúisc i líon na gcásanna.

Dúirt sí gur tubaiste a bheadh ann dá rachfaí go dtí Leibhéal 5 ó tharla go raibh ciorruithe déanta ag an Rialtas ar na híocaíochtaí tacaíochta atá ar fáil do dhaoine.

Cháin sí go háirithe an cáineadh a rinne an Tánaiste Leo Varadkar aréir faoi chur chuige NPHET maidir lena moladh go gcuirfí srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm.

Mhaígh an Tánaiste gur tháinig an scéal aniar aduaidh ar an Rialtas agus chuir sé i leith NPHET nach raibh machnamh ceart déanta acu faoina bplean.

Mary Lou McDonald TD. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Dúirt Mary Lou McDonald gur chuir caint an Tánaiste alltacht uirthi, gur “ionsaí thar fóir” a bhí ann gur léirigh sé easpa aibíochta agus béasa.

Dúirt sí go raibh 289 leaba ICU ann in 2009 agus nach raibh anois ann ach 280, toradh, dar léi, ar shiléig Fhine Gael agus Fhianna Fáil.

Mhaígh sí nach raibh an Taoiseach sásta geallúint a thabhairt di inné go raibh an córas sláinte ullamh don gheimhreadh, rud a shéan an Taoiseach go láidir.

Dúirt Micheál Martin nach cur síos cruinn a bhí ansin ar an méid a dúirt sé sa chomhrá fóin a bhí aige le ceannaire Shinn Féin inné.

Dúirt sé gur aontaigh Mary Lou McDonald leis an gcinneadh gan dul go dtí Leibhéal 5. Dúirt Martin go mbeadh sé an-dian ar an-chuid daoine dá rachfaí go dtí Leibhéal 5, go háirithe daoine faoi mhíbhuntáiste.

Dúirt sé gur cur chuige aontaithe a theastaigh agus chuir sé i leith Mary Lou McDonald gurb amhlaidh go raibh an bonn á bhaint aici d’iarrachtaí an rialtais agus an HSE dul i ngleic leis an bpaindéim.

Dúirt an Taoiseach go raibh ardmheas aige ar an bPríomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, agus ar an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí agus go raibh muinín aige astu.

Dúirt sé go raibh 282 leaba dianchúraim anois ann i gcomparáid le 225 mí an Mhárta. Bheadh 17 leaba ICU breise ann mar chuid den phlean don gheimhreadh, a gheall sé.

Idir an dá linn, tá 669 cás nua den choróinvíreas deimhnithe ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna. Duine amháin eile a bhásaigh de dheasca an ghalair ó thuaidh.

Maidir leis na srianta Leibhéal 3, dheimhnigh an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee nach mbeadh aon chumhachtaí breise ag na Gardaí chun iad a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'An coróinvíreas tolgtha ag 31 duine i dteach altranais i gcontae Laoise'