4,022 cás nua den víreas fógartha, sé chás den chineál Omicron deimhnithe

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, gur dócha gurb é an cineál Omicron atá i gceist i roinnt cásanna eile den víreas atá á scrúdú i láthair na huaire

4,022 cás nua den víreas fógartha, sé chás den chineál Omicron deimhnithe

4,022 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Sé chás ar fad den chineál Omicron den víreas atá deimhnithe anois de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, gur dócha gurb é an cineál Omicron atá i gceist i roinnt cásanna eile atá á fhiosrú i láthair na huaire. Dúirt sé, áfach, go rabhthas muiníneach ag an bpointe seo go dtabharfadh teanndáileog den vacsaín “cosaint mhaith” in aghaidh na gcineálacha Omicron agus Delta.

530 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 13 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 115 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos lú ná mar a bhí inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 1,819 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

338 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 38 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '4,022 cás nua den víreas fógartha, sé chás den chineál Omicron deimhnithe'