40 post nua le cruthú i gcomhlacht i nGaeltacht Chonamara

Tá conradh nua ar fiú na milliúin euro é sínithe ag ÉireComposites le ceann de na comhlachtaí is mó ar domhan a chuireann páirteanna ar fáil d’eitleáin

40 post nua le cruthú i gcomhlacht i nGaeltacht Chonamara

Tá comhlacht i nGaeltacht Chonamara ag súil le 40 post nua a chruthú as seo go ceann trí bliana agus conradh nua le síniú ag an gcomhlacht.

Tá conradh ar fiú na milliúin euro é sínithe ag ÉireComposites, atá lonnaithe in Indreabhán i gCois Fharraige, le ceann de na comhlachtaí is mó ar domhan a chuireann páirteanna ar fáil d’eitleáin.

60 duine atá fostaithe cheana ag Éire Composites, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, agus táthar ag súil gur 100 duine a bheidh ag obair ann de thoradh an chonartha nua leis an mórchomhlacht Spirit AeroSystems.

Mar chuid den chonradh cuirfidh an comhlacht Gaeltachta seirbhísí déantúsaíochta agus tástála ar fáil d’eitleáin nua.

Dúirt Príomhfheidhmeannach ÉireComposites, Tom Flanagan, go raibh sé “an-bhródúil” as an dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag an gcomhlacht agus as an bhfoireann “dhílis agus ardoilte”. Ghabh sé buíochas chomh maith le Údarás na Gaeltachta agus le Fiontraíocht Éireann.

Fógraíodh níos túisce i mbliana go raibh conradh eile sínithe ag ÉireComposites chun páirteanna a dhéanamh do shatailít de chuid Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa.

Chuir Aire na Gaeltachta Catherine Martin fáilte roimh an gconradh is déanaí atá sínithe ag an gcomhlacht i nGaeltacht Chonamara.

“Léiríonn díograis, scileanna agus cruthaitheacht na foirne chomh maith lena gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta agus eagrais eile gur féidir fostaíocht luachmhar ar ardchaighdeán a chur ar fáil sna Gaeltachtaí agus tograí domhanda á gcur i gcrích,” arsa an tAire Martin.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers gurfógra suntasach” do Ghaeltacht Chonamara a bhí ann.

“Léiríonn sé go bhfuil an Ghaeltacht in ann feidhmiú ar bhonn domhanda ach an tacaíocht, an tallann agus an t-infreastruchtúr cuí a bheith acu,” a dúirt Jack Chambers.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, thar ceann an Bhoird gur “údar misnigh” é tionscadail nuálacha a bheith á mbunú i gceantair Ghaeltachta.

“Is vóta muiníne é dul chun cinn ÉireComposites agus an cruthú fostaíochta i muintir Ghaeltacht Chonamara.  Is mór an t-ugach é freisin dhá chomhlacht a fheiceáil ag teacht le chéile chun constaicí an Bhreatimeachta a shárú agus dul i ngleic le dúshláin lóistíochta agus riaracháin chun dhá chomhlacht agus aerthaisteal a chur chun cinn chomh maith.”

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, gur “cinnte” go gcuirfeadh an conradh borradh faoin gcomhlacht.

Fág freagra ar '40 post nua le cruthú i gcomhlacht i nGaeltacht Chonamara'