357 cás nua den choróinvíreas deimhnithe agus an Rialtas ag féinleithlisiú

Breis agus 40,000 cás atá deimhnithe go n-uige seo in Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas

357 cás nua den choróinvíreas deimhnithe agus an Rialtas ag féinleithlisiú

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil triúr eile básaithe de dheasca an Covid-19 agus deimhníodh 357 cás nua sa stát.

Is é seo an líon cásanna is mó a fógraíodh in aon lá amháin ó mhí na Bealtaine.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil an Rialtas ag fanacht glan ar dhaoine eile mar gheall go bhfuil ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly tástáil a fháil don Covid-19.

Breis agus 40,000 cás atá deimhnithe anois in Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas.

Ní raibh an tAire Donnelly ar fónamh tráthnóna agus dhein sé teagmháil lena dhochtúir chun tástáil don Covid-19 a lorg.

An Ceann Comhairle a d’fhógair sa Dáil go raibh scéal ‘tromchúiseach’ aige agus go raibh ar bhaill uile an Rialtais féinleithlisiú a dhéanamh. Cuireadh an Dáil ar athlá agus airí sóisearacha a bheidh i mbun ceisteanna a fhreagairt nuair a fhillfidh sí tráthnóna.

Bhain 218 den 357 cás nua a fógraíodh inniu le Baile Átha Cliath, nó 61%.

Fógraíodh cásanna i ngach ceann de na contaetha Gaeltachta. Bhain 12 de na cásanna le Port Láirge, naoi gcás a bhí i gCorcaigh, ocht gcás a bhí i gCiarraí, ocht gcás eile i gcontae na Mí agus cúig chás a bhí i Maigh Eo. Bhí ar a laghad cás amháin i nGaillimh agus i nDún na nGall chomh maith.

Bhain 18 den 357 cás le contae an Lú, 11 cás a bhí i gCill Dara, ocht gcás a bhí i Luimneach, seacht gcás a bhí san Iarmhí, sé chás a bhí i gCill Mhantáin, cúig chás a bhí in Uíbh Fhailí, cúig chás a bhí i Ros Comáin agus cúig chás a bhí i dTiobraid Árann.

Tá sé deimhnithe gur bhain 38% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air. Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 60 cás.

Bhí 63% de na daoine a buaileadh faoi bhun 45 bliain d’aois.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go raibh duine amháin eile básaithe de dheasca an Covid-19 agus fógraíodh go raibh 79 cás nua deimhnithe acu.

40,051 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 31,549 cás ó dheas den teorainn agus 8,502 cás ó thuaidh di.

2,358 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,787 duine ó dheas agus 571 ó thuaidh.

Níos luaithe inniu, d’fhógair an Rialtas Living with Covid-19, an plean nua meántéarmach chun dul i ngleic leis an bpaindéim. Leagtar amach sa phlean an saol a bheidh againn agus an coróinvíreas faoi réim.

Agus an plean nua á sheoladh aige, dúirt an Taoiseach Micheál Martin, nach raibh ar ár gcumas fós an phaindéim “a chur dínn ar fad” ach go mbeadh sé níos “soiléire” feasta conas a d’fhéadfaí é sin a dhéanamh.

Tiocfaidh an plean nua i bhfeidhm ag meán oíche anocht.

Cúig leibhéal atá sa phlean agus srianta éagsúla ag baint le gach leibhéal ag brath ar conas mar a bhíonn an víreas ag scaipeadh in áit.

Tá an stát go léir curtha ag leibhéal 2 i bplean nua an rialtais chun dul i ngleic leis an Covid-19, ach tá srianta breise le tabhairt isteach i gcás Bhaile Átha Cliath.

Ciallaíonn sin go mbeidh cead ag suas le 200 duine freastal ar ócáidí spóirt áirithe agus go mbeidh cead oscailte an tseachtain seo chugainn ag na tithe tábhairne go léir, seachas tithe óil Bhaile Átha Cliath.

Cé go bhfuil Baile Átha Cliath ag Leibhéal 2 de réir an phlean, meastar go bhfuil sé níos gaire do Leibhéal 3.

Ag Leibhéal a Cúig is measa a bheidh cúrsaí agus má bhíonn an scéal chomh dona sin, cuirfear dianghlasáil agus srianta taistil i bhfeidhm.

 

Fág freagra ar '357 cás nua den choróinvíreas deimhnithe agus an Rialtas ag féinleithlisiú'