An stát go léir ag Leibhéal 2 i bplean nua Covid-19, ach srianta breise do Bhaile Átha Cliath

Beidh cead ag suas le 200 duine freastal ar ócáidí spóirt áirithe beidh cead oscailte an tseachtain seo chugainn ag na tithe tábhairne go léir seachas iadsan atá san ardchathair

An stát go léir ag Leibhéal 2 i bplean nua Covid-19, ach srianta breise do Bhaile Átha Cliath

Tá an stát go léir curtha ag leibhéal 2 i bplean nua an rialtais chun dul i ngleic leis an Covid-19, ach tá srianta breise le tabhairt isteach i gcás Bhaile Átha Cliath.

Ciallaíonn sin go mbeidh cead ag suas le 200 duine freastal ar ócáidí spóirt áirithe agus go mbeidh cead oscailte an tseachtain seo chugainn ag na tithe tábhairne go léir, seachas tithe óil Bhaile Átha Cliath.

Cé go bhfuil Baile Átha Cliath ag Leibhéal 2 de réir an phlean, dúradh go raibh sé níos gaire do Leibhéal 3.

D’fhógair an Rialtas inniu Living with Covid-19, an plean nua meántéarmach chun dul i ngleic leis an bpaindéim. Leagtar amach sa phlean an saol a bheidh againn agus an coróinvíreas faoi réim.

Agus an plean nua á sheoladh aige, dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, nach raibh ar ár gcumas fós an phaindéim “a chur dínn ar fad” ach go mbeadh sé níos “soiléire” feasta conas a d’fhéadfaí é sin a dhéanamh.

Dúirt an Taoiseach chomh maith gur plean atá ann maidir le conas a éireoidh linn “maireachtáil agus obair a dhéanamh in éineacht leis an víreas”.

Tiocfaidh an plean nua i bhfeidhm ag meán oíche anocht.

Cúig leibhéal atá sa phlean agus srianta éagsúla ag baint le gach leibhéal ag brath ar conas mar a bhíonn an víreas ag scaipeadh in áit.

Ag Leibhéal a Cúig is measa a bheidh cúrsaí agus dá mbeadh an scéal chomh dona sin, chuirfí dianghlasáil agus srianta taistil i bhfeidhm go náisiúnta.

Ag leibhéal 2, an leibhéal a fógraíodh don stát go léir inniu, osclófar na tithe tábhairne nach bhfuil bia ar fáil iontu an tseachtain seo chugainn i ngach áit seachas Baile Átha Cliath.

Tiocfaidh deireadh leis an gcosc ar lucht féachana ag imeachtaí spóirt faoin aer. Bhíodh cead ag 200 duine freastal ar chluichí faoin aer go dtí gur cuireadh cosc air sin i dtús mhí Lúnasa agus ní raibh aon lucht féachana ag cluichí ó shin.

Faoin bplean nua beidh cead ag 100 duine freastal ar chluichí in ionaid bheaga agus beidh cead ag 200 duine freastal ar chluichí in áiteanna a bhfuil slí ann do 5,000 duine nó níos mó.

Táthar ag súil líon na ndaoine a fhreastalaíonn ar imeachtaí spóirt sna páirceanna móra, Páirc an Chrócaigh, an Aviva agus a leithéid, a ardú de réir a chéile.

Ag leibhéal 2 beidh cead ag seisear cuairteoirí ó thrí theaghlach teacht chun an tí, mar atá faoi láthair. 15 cuairteoir a bheidh ceadaithe ag teacht le chéile taobh amuigh sa ghairdín.

Ach  ó mheán oíche anocht, ní bheidh cead ag daoine i mBaile Átha Cliath bualadh ach le teaghlach amháin eile, bíodh sin taobh istigh nó amuigh sa ghairdín.

Táthar fós ag moladh do dhaoine obair ón mbaile más féidir.

Ní ardódh an líon daoine a gceadaítear dóibh freastal ar phósadh nó sochraid – 50 duine – go dtí go mbainfear leibhéal 1 amach. Bheadh 100 duine ceadaithe ag an leibhéal sin.

50 duine atá i gceist chomh maith ag Leibhéal 2 d’imeachtaí taobh istigh, in áiteanna amhail pictiúrlanna agus amharclanna. Beidh cead ag daoine fanacht le chéile i ngrúpaí de sheisear ag imeachtaí mar sin.

Beidh cead ag 100 duine freastal ar imeachtaí in ionaid níos mó, ionaid inar féidir an scaradh sóisialta dhá mhéadar a chur i bhfeidhm go docht.

Cé go bhfuil an-imní ann faoin ardú mór ar líon na gcásanna i mBaile Átha Cliath le tamall, chinn an Rialtas Baile Átha Cliath a fhágáil ag Leibhéal a 2 agus roinnt srianta breise a thabhairt isteach dó. Dúirt an Taoiseach gur cinneadh “an-tromchúiseach” a bheadh ann  an contae a bhogadh go dtí Leibhéal 3.

D’fhógair an Taoiseach chomh maith go mbeadh athrú á dhéanamh ar an gcóras faoina ndéantar cinntí faoi bheartais i leith an víris. Bheadh NPHET ann i gcónaí chun comhairle faoin tsláinte phoiblí a chur ar an Rialtas ach bunófar grúpa nua a leagfaidh síos moltaí faoi na beartais a chur i bhfeidhm, arsa an Taoiseach.

 

Fág freagra ar 'An stát go léir ag Leibhéal 2 i bplean nua Covid-19, ach srianta breise do Bhaile Átha Cliath'