35 bliain ag stocaireacht, ag fáil geallúintí nár comhlíonadh, ag dul chun cúirte arís agus arís, ag diúltú as éadan do cheilt agus cinsireacht rialtaisí na Breataine. Cén t-iontas gur tháinig an scéal aniar aduaidh ar Geraldine Finucane nuair a neos Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Hilary Benn di go mbunófar fiosrú poiblí neamhspleách faoi dhúnmharú a fir, an dlíodóir Pat Finucane.
Bua do mhuintir Finucane a dúirt i gcónaí nárbh fhéidir an scéal iomlán faoin gclaonpháirteachas san marú a nochtadh d’uireasa fiosrú poiblí neamhspleách. Sceith bhéil ab ea an t-ionsaí as ról áisíneachtaí agus gníomhairí stáit. D’admhaigh rialtas na Breataine é sa Pharlaimint in 2012.Ghabh an Príomh-Aire, David Cameron leithscéal as “frankly shocking levels of State collusion”.
Bhí Pat Finucane 39, a bhean Geraldine agus a dtriúr páistí, Michael, John agus Katherine, sa bhaile ar an 12 Feabhra 1989 nuair a bhris fir ghunna ón UDA/UFF an doras le hord. Scaoil siad 14 piléar le Pat in ionsaí fíochmhar agus ghoin siad Geraldine.
Bhí cáil ar Pat Finucane sna hochtóidí mar dhlíodóir a raibh paraimíleataigh i measc a chuid cliant. Ba mhinic poblachtánaithe a ceistíodh in ionaid choinneála an RUC ag líomhain gur bhagair póilíní go mbainfeadh míthapa dá ndlíodóir Finucane, a raibh daoine muinteartha leis luaite leis an IRA.
Tamall roimh an ionsaí rinne aire sóisearach Caomhach in Westminster gearán faoi dhlíodóirí a bheith báúil leis an IRA. Cáineadh a ráiteas go géar ar an mbonn gur thug sé leithscéal do dhílseoirí chun dlíodóirí a ionsaí.
I ndiaidh an ionsaithe fuarthas amach go raibh baint ag gníomhairí dílseacha de chuid an RUC agus aonaid faisnéise Arm na Breataine le pleanáil na heachtra, leis an lámhach féin agus gur tháinig siad salach ar fhiosrú an dúnmharaithe. Bhí a fhios ag MI5 faoin ionsaí roimh ré ach níor deineadh tada chun é a chosc. Séantar comhcheilg oifigiúil ach bhí amhras faoi cé chomh sinsearach is a bhí daoine a bhí ar an eolas.
Tá sé breis is scór bliain ó gealladh fiosrú poiblí faoin marú, i measc eachtraí eile. Ritheadh na fiosruithe eile thuaidh agus theas ach theip ar iarracht chun binse Finucane a bhunú in 2005/2006.
Ní raibh muintir Finucane sásta go soláthrófaí gach eolas a bhí riachtanach sa bhfiosrú a tairgeadh dóibh; (dúirt Bertie Ahern ar raidió RTÉ nach raibh MI5 toilteanach comhoibriú). Is faoin Acht céanna a rithfear an fiosrú a thairg Hilary Benn ach is cosúil go gcreidtear nach gceilfear faisnéis an uair seo.
Údar mór conspóide ab ea ceilt faisnéise ar ionchoisní ar mhaithe le slándáil náisiúnta. Bhí brú chun bailchríoch a chur go heifeachtach ar na hionchoisní sula gcuirfeadh an tAcht Oidhreachta conspóideach stop leo. Rialaigh cróinéirí gur fiosrú poiblí amháin a bheadh in ann a dhul i ngleic leis an bhfaisnéis fholaithe i gcásanna ar nós Kingsmills nó marú Sheán Browne, cuir i gcás.
An údar dóchais do na daoine nach bhfuair an chóir sna gnóthaí sin é an cinneadh fiosrú poiblí Finucane a cheadú ar deireadh? B’fhéidir, ach ní móide.
Ní mór a rá nach raibh an dara rogha ag rialtas na Breataine ach fiosrú a bheadh ag teacht le hAirteagail a Dó den Choinbhinsiún um Chearta an Duine a bhunú faoi chás Finucane. D’ordaigh an chúirt dó é a dhéanamh agus cinneadh a fhógairt an mhí seo; rinne an Ard-Chúirt abhus an t-ordú chun feidhm a thabhairt do rialú na dtiarnaí sa Chúirt Uachtarach in 2019.
Leag an Státrúnaí Benn béim air sa Pharlaimint nuair a d’fhógair sé an fiosrú poiblí gur ar chúis ‘eisceachtúil’ a bhí sé á dhéanamh. Bhain coinníollacha sainiúla leis an gcás, ar sé – breithiúnais sna cúirteanna gan dabht, chomh maith leis na geallúintí a thug rialtas Lucht Oibre Tony Blair in 2001 agus 2004.
Mhaígh Benn áfach go raibh an rogha aige cásanna a chur faoi bhráid an Choimisiúin Neamhspleách um Athmhuintearas agus Faisnéise, an ICRIR conspóideach a bhfuil formhór na n-íobartach dubh dóite ina choinne. Ba chosúil gurb é sin an bóthar a bheadh mar rogha aige do gach éinne eile; beidh a chúrsa corrach.
Dé hAoine dhiúltaigh sé an fiosrú poiblí a d’ordaigh cróinéir faoi mharú Shean Brown agus an chlaonpháirteachas ann. Ta achomharc cúirte a dhéanamh ag an teaghlach.
Níor fháiltigh gach éinne roimh an gcinneadh fiosrú poiblí a cheadú; ‘fabhar’ speisialta do mhuintir Finucane é dar le roinnt aontachtaithe. Faoiseamh ab ea é dá lán, súil acu go bhfaighidh muintir Finucane an t-eolas atá dlite dóibh. Tá súil freisin go nochtfar an brocamas faoi chlaonpháirteachas os comhair an tsaoil; is tábhachtaí cearta saoránaigh ná cosaint d’éinne a chuir an dlí as a riocht cuma más uasal nó íseal é nó í.
Pádraig O'hEipicín
Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.