Trí faoin gcéad den bhreis is 11,000 duine a chuir isteach ar áit sa nGarda Síochána i mbliana a rinne an t-iarratas trí shruth earcaíochta Gaeilge na heagraíochta.
D’fhógair na Gardaí an tseachtain seo gur chuir 11,118 duine isteach ar an dá chomórtas earcaíochta a reáchtáladh in 2025 agus an eagraíocht ag iarraidh cur le baill an fhórsa.
De réir figiúirí a cuireadh ar fáil do Tuairisc, 370 iarrthóir ar fad a chuir isteach ar Shruth na Gaeilge, scéim a bhunaigh na Gardaí in 2013 mar iarracht cur le líon na gcainteoirí líofa Gaeilge san eagraíocht. Coinnítear suas le 10% de spásanna i ngach babhta oiliúna do chainteoirí líofa Gaeilge.
Dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána le Tuairisc gur 128 duine a chuir isteach ar an sruth Gaeilge sa gcomórtas earcaíochta is déanaí, a chríochnaigh ag tús na míosa seo. 242 iarrthóir a chur isteach ar Shruth na Gaeilge sa gcomórtas eile a reáchtáladh i mí Feabhra.
In 2022 rinne breis is 450 duine iarratas ar an sruth Gaeilge i gcomórtas earcaíochta an Gharda Síochána, ach níor éirigh ach le 24 acu dul tríd an chéad bhabhta scrúduithe.
Níor earcaíodh ach 55 Garda tríd an sruth Gaeilge idir 2013 agus 2019.
Cuirtear baill den Gharda Síochána a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge ar phainéal na nGardaí atá in ann a ndualgas a dhéanamh trí Ghaeilge.
Faoi Acht an Gharda Síochána 2005, tá dualgas reachtúil ar Choimisinéir an Gharda Síochána Gardaí atá líofa i nGaeilge a chur ar dualgas sa nGaeltacht a oiread agus atá sin indéanta.
Léirigh figiúirí a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur cainteoirí líofa Gaeilge iad 47% de na Gardaí atá lonnaithe i stáisiúin sa nGaeltacht.
Maidir le líon na n-iarrthóirí a chuir isteach ar chomórtais earcaíochta an Gharda Síochána in 2025, deir na Gardaí go raibh 40% de na hiarrthóirí 30 bliain d’aois nó níos sine. Mná a bhí i 32% de na hiarrthóirí.
Chuir 23% de na hiarrthóirí in iúl nárbh Éireannaigh den chine geal iad.
Meastar go rachaidh na hiarrthóirí a mbeidh rath orthu sa gcomórtas is deireanaí isteach i gColáiste na nGardaí in 2026. 564 Garda faoi oiliúint atá sa gcoláiste i láthair na huaire agus 14,325 Gardaí ar fad atá san eagraíocht.
Fág freagra ar '3% d’iarrthóirí ar na Gardaí a chuir isteach ar shruth na Gaeilge'