Ó, dá mbeadh muinín agam as an eagarthóir liteartha …!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ní haon chabhair d’úrscéalaí a bheith ina fhoirfeoir

Ó, dá mbeadh muinín agam as an eagarthóir liteartha …!

Dhúisigh mé ar maidin agus bhí litreacha ag damhsa os comhair mo chuid súl.

Bhuel, ní ag damhsa a bhí siad go díreach – bhí siad ag sleamhnú siar is aniar ina línte, cosúil leis na línte ar leathanach téacs. Ní litreacha aonair a bhí iontu ach oiread ach leathfhocail nach raibh aon bhrí leo, cé gur aithin mé an teanga: schie, vuu, raa – siollaí a dhéanfadh focail san Ísiltíris, an teanga ina bhfuil úrscéal á thabhairt chun críche agam faoi láthair.

Rith sé liom go mb’fhéidir gur chóir dom cuairt a thabhairt ar dhochtúir na súl, cé nach bhfuil bliain ann fós ó fuair mé spéaclaí nua. Ach ansin chuimhnigh mé gur tharla sé seo dom cheana an uair dheireanach go raibh mé i mbun dianeagarthóireachta ar an úrscéal céanna, ag breathnú ar théacs dubh ar scáileán bán ó mhaidin go hoíche. An uair sin, d’imigh feiniméan na litreacha a shleamhnaigh siar is aniar os comhair mo chuid súl as a stuaim féin, a luaithe is a tháinig deireadh leis an mbabhta eagarthóireachta sin.

Bíodh sin mar atá, is cinnte go bhfuil an iomarca ama á chaitheamh os comhair an scáileáin agam (mar bharr ar an donas, fiú tar éis lá crua eagarthóireachta, is nós liom uair an chloig nó dhó a mheilt ar shuíomhanna nuachta, ar na meáin shóisialta, ag freagairt teachtaireachtaí ríomhphoist nó ag cur físghlaonna ar dhaoine.)

Faoin am seo, tá triail bainte agam as chuile chleas a dhéanfadh obair na súl níos éasca. Mhéadaigh mé an téacs, d’athraigh mé an chlófhoireann, laghdaigh mé gile an scáileáin. Ithim cairéidí. Téim ar shiúlóidí. Déanaim dreasa codlata. Cheannaigh mé braonta súl.

Ach tuigim nach bhfuil cath á chur agam ach ar na siomptóim. An té a bhfuil a chuid súl ag cur as dó toisc go bhfuil barraíocht ama á chaitheamh os comhair an scáileáin aige, ba chóir dó níos lú ama a chaitheamh os comhair an scáileáin.

Agus mé ag déanamh mo mhachnaimh faoi sin tháinig mé ar thuiscint fúm féin. Foirfeoir cruthanta atá ionam, sin í an bhunfhadhb. Ó, dá mbeadh muinín agam as pé eagarthóir liteartha amach anseo a rachaidh trí chuile líne i m’úrscéal nuair a bheidh an diabhal rud críochnaithe … ach ó mhúin mo thuismitheoirí an dóigh le mo chuid fiacla a scuabadh dom tá mé ar an gcaoi céanna: tá mé ag iarraidh é a dhéanamh mé féin! 

Fág freagra ar 'Ó, dá mbeadh muinín agam as an eagarthóir liteartha …!'

  • Dymphna Lonergan

    Is breá liom do scríbhneoireacht, a Alex. Tá comhbhá agam leat maidir leis an gcruinneas agus tú ag scríobh in iargúltacht mar mise i mo chónaí san Astráil Theas. Braithim go mór ar an súil iontach atá ag Gaelgram na sínte fada a aimsiú atá san áit ceart, nó atá ar iarraidh ar fad. Molaim an app sin, cé nach bhfuil sé foirfe. Deirim liom féin ‘táim ag déanamh mo dhícheall’.

  • Seán mac Ceoinín

    Ní féidir an phrofáil a dhéanamh ar scáileán. Clóigh do chuid ar pháipéar agus ceartaigh mar sin é.