21 bliain á gceiliúradh ag Áras Éanna Inis Oírr le taispeántas 21 ‘Curacha’

Tá saothar le 21 ealaíontóir a mhaisigh curacha le feiceáil anois in áiteanna éagsúla ar fud an oileáin 

21 bliain á gceiliúradh ag Áras Éanna Inis Oírr le taispeántas 21 ‘Curacha’

Tá 21 curach le feiceáil ar Inis Oírr i dtaispeántas ealaíne nua atá á léiriú ag Áras Éanna mar chuid dá gceiliúradh 21 bliain ar an fhód.

Tugadh cuireadh do 21 ealaíontóir atá ag maireachtáil ar chósta an iarthair a gcuid féin a dhéanamh do na curacha atá le feiceáil in áiteanna éagsúla ar fud an oileáin.

Dúirt Dara McGee, stiúrthóir Áras Éanna agus léiritheoir an taispeántais, go raibh sé ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh ar 21 bliain do na healaíona ar Inis Oírr.

“Chaill muid amach ar an gceiliúradh 20 bliain anuraidh mar gheall ar Covid-19 agus is iontach go bhfuil an taispeántas seo againn i mbliana.

“Is í an churach an íomhá is mó a bhaineann le hÁrainn. Bhí an churach lárnach i saol an oileáin agus chomh tábhachtach sin do na hoileánaigh,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Curacha Árann, sé troithe ar fhad, atá le feiceáil sa taispeántas agus tógadh iad go speisialta don tionscadal. Bhí sé seachtaine ag na healaíontóirí leis na curacha a mhaisiú ina rogha féin meán sular tugadh amach chuig Inis Oírr iad.

Ealaíontóirí a bhfuil a saothar ar taispeáint ar na curacha: John Behan, Seán Ó Flaithearta, Seán Cathal Ó Coileáin, Sadia Shoaib, Tom Meskell, Mick O’Dea, Kathleen Furey, Dolores Lyne, Alannah Robins, Naoise Sheridan, Áine Phillips, Margot Quinn, Pat Quinn, Ger Sweeney, Jennifer Cunningham, Tim Acheson, Dara McGee, Breda Burns, Daniel Coleman, Jay Murphy, Cathal McGinley, and Deirdre McKenna.

Dúirt McGee go raibh ealaíontóirí ar fud an chósta thiar páirteach sa tionscadal agus iad “an-tógtha” an deis fháil a bheith ag obair leis na curacha.

“Tá an curach déanta as adhmaid agus canbhás agus bíonn ealaíontóirí ag plé leis an ábhar céanna agus is mar sin a tháinig an smaoineamh chugam. Bhí na healaíontóirí féin iontach tógtha leis an taispeántas.”

Tá seacht gcurach ar taispeáint in Áras Éanna agus fuaimrian do dhuine ag rámhaíocht i gcurach ag gabháil leo. Tá ceithre cinn de na curacha sa chlós agus na cinn eile scaipthe ar fud an oileáin.

Dúirt McGee go raibh an-chuid cuairteoirí ag teacht go hInis Oírr don taispeántas.

“Is breá le daoine teacht amach ar maidin agus an lá a chaitheamh ag cuardach na gcurach,” a dúirt sé.

Beidh an taispeántas ‘Curacha’ le feiceáil go dtí an 12 Meán Fómhair.

Fág freagra ar '21 bliain á gceiliúradh ag Áras Éanna Inis Oírr le taispeántas 21 ‘Curacha’'