20 bliain ar aghaidh, d’fhéadfá a rá gurb iad an Taliban a bhuaigh an ‘War on Terror’

Is ceart comóradh a dhéanamh inniu ar na daoine a maraíodh in ionsaithe 9/11, ach is ceart freisin breathnú ar an damáiste a rinneadh ar fud an domhain i ndiaidh an uafáis sin

20 bliain ar aghaidh, d’fhéadfá a rá gurb iad an Taliban a bhuaigh an ‘War on Terror’

Is comóradh aisteach atá romhainn. Ar lámh amháin tá daoine a chaill clann, cairde agus comharsana ag machnamh inniu ar 20 bliain gan na daoine sin a maraíodh sa dá thúr agus sa Pentagon.

Sin cuid mhór den chomóradh cinnte ach ar an taobh eile, an taobh polaitiúil, tá muid ag breathnú ar thitim na hAfganastáine agus ar an Taliban a bheith i gcumhacht arís.

Tá sé an-deacair an dá rud a chur sa mheá.

Mar chuid den chomóradh, is gá breathnú siar ar an méid a tharla le fiche bliain anuas. Céard a bhí ar siúl ar feadh fiche bliain san Afganastáin? Céard a bhí ar siúl againn agus sinn i mbun na troda móire in aghaidh na sceimhlitheoireachta, cogadh ar cuireadh tús leis nuair a d’fhógair George W. Bush ‘The War on Terror’ sna laethanta tar éis 9/11.

Sa chéad áit, céard a baineadh amach sa chogadh sin nuair a fheicimid an Taliban i réim arís? D’fhéadfadh an Taliban féin a rá gur bhuaigh siad an an cogadh sin mar go bhfuil siad ar ais i gcumhacht san Afganastáin.

Cuimhní ar 9/11 – bhí sé chomh soiléir is dá mbeinn i mBaile Dháith ag féachaint siar ar Ard na Caithne

Sa dara háit, feiceann muid an fhaillí a rinneadh i gcearta agus an mhí-úsáid a baineadh as an eachtra sna dlíthe éigeandála a cuireadh i bhfeidhm i dtíortha ar fud an domhain.

Agus muid ag breathnú ar an Taliban ar ais i gcumhacht, is fiú a rá go bhfuil a lorg le feiceáil cheana féin. I gcás na mban, tá siad gan cearta sa chóras polaitiúil agus sa chóras dlí nua atá á gcur i bhfeidhm. Níl mná le feiceáil ar na sráideanna a thuilleadh agus chonaic muid an tseachtain seo gur úsáideadh fórsa i gcoinne lucht agóide a d’éiligh cearta do mhná na hAfganastáine.

Chonaic muid an tseachtain seo chomh maith liosta na ndaoine a bheas i mbun an rialtais nua agus gan aon bhean ina measc. Tá sé suntasach go bhfuil ainmneacha cuid mhaith de na daoine a bheas i gcumhacht san Afganastáin ar liosta sceimhlitheoirí na Náisiún Aontaithe.

Léiriú is ea é, faraor, nach bhfuil mórán athraithe i gcás an Taliban le 20 bliain anuas.

Tá mé féin agus mo chomhghleacaithe sna Náisiúin Aontaithe ar aon intinn faoin méid seo: ná bí ag éisteacht leis an méid a deir an Taliban, breathnaigh ar an méid atá á dhéanamh acu.

Rialtas féaráilte, oscailte agus daonlathach atá uainn don Afganastáin, rialtas a bhfuil baint ag muintir na tíre uilig leis.

I measc na n-éagóracha a rinneadh in ainm 9/11, tá na céadta fear a tógadh chuig Guantanamo Bay i gCúba.

Tá 39 duine fós á gcoinneáil in Guantanamo, gan cearta acu agus gan fáil acu ar phróiseas dlí cothrom, cuid acu nár cuireadh aon choir ina leith riamh.

Tá aithne ag beagnach chuile dhuine ar dhuine éigin nó ar theaghlach nó cara éigin a chaill duine ar an lá sin, an 11 Meán Fómhair 2001. Cailleadh duine de na chéad mhic léinn a bhí agam féin, fear óg a bhí sa rang agam agus mé i mo léachtóir óg in Ollscoil Columbia.

‘Fuair mo chéad ghrá bás san Ionad Trádála Domhanda ar 9/11’

Is ceart comóradh a dhéanamh ar na daoine a maraíodh san eachtra ach is ceart freisin breathnú ar an lorg a d’fhág an scéal orainn go léir agus ar an damáiste a rinneadh ar fud an domhain.

Ón uair a chuaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá chun cogaidh 20 bliain ó sin, tá muid uilig ag déileáil leis dochar a rinneadh.

Ghlac tíortha ar fud an domhain leis an téarma ‘War on Terror’, rud a thug deis agus neart do an-chuid tíortha chun an-chuid dochair a dhéanamh.

San Éigipt, sa Fhrainc, sa Bhreatain, tá úsáid á baint as dlíthe éigeandála mar chuid den chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta. Thug 9/11 cead do thíortha timpeall an domhain dlíthe agus córais dlí a chur i bhfeidhm nach raibh ceadaithe riamh cheana. Tharla sin le cabhair agus tacaíocht ó na Stáit Aontaithe agus ó na Náisiúin Aontaithe chomh maith.

Caithfidh muid a bheith cúramach nach bhfuil muid ródhírithe ar Mheiriceá agus rian an lae sin á scagadh againn, mar bhí tionchar ollmhór ag an eachtra ar chórais dlí ar fud na cruinne.

Sin an brú atá orainn mar dhlíodóirí agus mar dhaoine atá ag iarraidh cearta daonna a chosaint. Caithfear na dlíthe agus na córais éigeandála a cuireadh i bhfeidhm i ndiaidh 9/11 agus a thagann salach ar chearta daonna a aithint agus a chur ar ceal.

  • Is Toscaire Speisialta ar Chearta an Duine agus Frith-sceimhlitheoireacht leis na Náisiúin Aontaithe í Fionnuala Ní Aoláin. Bunaithe ar agallamh le Méabh Ní Thuathaláin ó Tuairisc atá an t-alt

Fág freagra ar '20 bliain ar aghaidh, d’fhéadfá a rá gurb iad an Taliban a bhuaigh an ‘War on Terror’'