Cuimhní ar 9/11 – bhí sé chomh soiléir is dá mbeinn i mBaile Dháith ag féachaint siar ar Ard na Caithne

Cuimhníonn iriseoir agus craoltóir ar ionsaithe 9/11 i Nua-Eabhrac agus ar an méid a lean

Cuimhní ar 9/11 – bhí sé chomh soiléir is dá mbeinn i mBaile Dháith ag féachaint siar ar Ard na Caithne

D’éalaigh an mhaidean orm! Chaitheas tabhairt fé stáisiún traenach Woodside, agus léimt ar bord an Long Island Railway. Bhí an traein lán. Fearaibh ina gcultacha oifige, agus an Wall Street Journal á léamh acu. Na héinne ag léamh, gan éinne ag caint. Scaramar go léir lena chéile i Stáisiún Penn i lár na cathrach, iad siúd ag tabhairt fé chomhlachtaí airgeadais i ndeisceart na cathrach, mise ag tabhairt fé New Jersey.

Bhaineas amach an láthair oibre timpeall leathuair tar éis a hocht ar maidean.

Ba ghearr ina dhiaidh san go dtosnaigh an cogar mogar im thimpeall go raibh eitleán imithe isteach i gceann de na Twin Towers in Manhattan. Ritheamar go léir go dtí na fuinneoga ag féachaint isteach ar an gcathair. Bhí sé chomh soiléir is dá mbeinn i mBaile Dháith ag féachaint siar ar Ard na Caithne. Bhí bús deataigh ag séideadh amach as ceann de na túir. Bhí trácht ar thimpiste. D’fhanamar ansiúd ag faire, agus ba ghearr ina dhiaidh san go bhfacamar an dara heitleán ag déanamh ar an láthair.  Bhuail sí an dara túr.

D’athraigh an chaint im thimpeall láithreach. Dúirt bean amháin go raibh an Dow Jones ag titim go tubaisteach. Chuala bean eile ag rá ‘IRA’. Bhain sin preab eile asam. Bhraitheas leochaileach. Ach dheineas spior spear den gcaint sin go tapaidh. Ní raibh aon aithne fós acu ar Al Qaeda. Ach is gearr ná go mbeadh.

Thosnaigh gach éinne ag féachaint ar an dteilifís. Bhí deireadh le hobair.

Scaoileadh abhaile sinn i lár an lae. Fuaireas síob ó bhean a bhí ag maireachtaint in Astoria. Bhaineas an tigh amach agus thugas an chuid eile den dtráthnona ag féachaint ar an dteilifís. Thugas fén obair arís an mhaidean dár gcionn. Taibhsíodh dom go raibh dualgas orm san a dhéanamh.

Thána trasna abhainn an Hudson an tráthnóna san ar bhád farantóireachta. Bhí cathair Manhattan fé phúir dheataigh a bhí ag séideadh suas tríd an gcathair. Bhí boladh gránna á iompar sa cheo duairc úd, agus níorbh é boladh an aitinn é.

Tráthnóna ina dhiaidh san chuas isteach chomh fada leis an Armory ar Ave Lexington mar a raibh an Gobharnóir George Pataki ag bualadh leis na daoine. Bhí na fallaí daite le nótaí ó dhaoine a bhí ag lorg a ndaoine muinteartha.

Maraíodh 2,606 a bhí ar an láthair an mhaidean úd, gan trácht orthu siúd a bhí sna heitleáin. Bhí 343 ball de sheirbhís dóiteáin Nua-Eabhrac i measc na marbh. Bhí John Tierney, Engine 33, Ladder 9, ar dhuine acu siúd. Ní raibh sé ach tosnaithe leis an tseirbhís. Bhuaileas lena mháthair Helen agus a athair Seán, cainteoir líofa Gaoluinne ó Mhaigh Eo, ina dhiaidh san. Ní raibh de shólás acu ach go bhfuarathas corp John sa smionagar. Ní mar sin do scata eile acu. Lean na sochraidí, lean an cuardach. Chífeá leoraithe móra agus tarpól ar a mbarra, iad ag gabháil aníos ó láthair an áir agus iad á dtarrac amach go Staten Island féachaint an bhfaighidís aon rian d’aon duine iontu.

Sinne a mhair agus a d’oibrigh ansan lean tréimhse sceimhle agus smachta ó Rialtas na Stát Aontaithe. Málaí á gcuardach, stádais éagsúla slándála i bhfeidhm – buí, oráiste agus dearg –chun a chur in iúl dúinn go raibh baol ionsaithe eile chughainn. Chuir san go léir le smacht an Rialtais ar na daoine.

Mhéadaigh cúrsaí slándála ag na haerfoirt. Bhíos ag taisteal go Houston cúpla mí ina dhiaidh san. D’fhéach an t-oifigeach slándála ar mo phas. Ar fhilleadh thar n-ais dom dhá lá ina dhiaidh san bhí sé romham arís. ‘Hello Irish,’ a dúirt sé agus gan mo phas fiú feicthe aige. ‘How did you remember?’ arsa mise leis. ‘Cause you’re different,’ a d’fhreagair sé. Níor rud maith a bheith difriúil a thuilleadh.

Mhéadaigh an mhímhuinín fé dhaoine inár dtimpeall.

D’fhágamar carráistí traenach toisc go raibh daoine de chiníocha áirithe ar bord agus cúpla mála ar iompar acu.

Mhéadaigh an t-amhras. Mhéadaigh an smacht. D’imigh an fháilte.

Dúnadh na doirse i gcoinne an eachtrannaigh.

Tháinig fonn díoltais. Dob fhada leo go raghaidís chun cogaidh.

Is mó duine breá a maraíodh an lá úd agus is mó duine breá atá marbh ó shoin dá bharra. Cuimhneod go deo ar John Tierney, a sciobadh uainn an lá úd agus é i mbláth na hóige. Cuimhním ar an 658 oibrí ón gcomhlacht airgeadais Cantor Fitzgerald a maraíodh san ionsaí. An mó duine acu san a bhí ar an dtraein liom an mhaidean úd agus iad ag léamh an Wall Street Journal?

  • Craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Helen Ní Shé. Cuireann sí ‘An Saol Ó Dheas’ i láthair

Fág freagra ar 'Cuimhní ar 9/11 – bhí sé chomh soiléir is dá mbeinn i mBaile Dháith ag féachaint siar ar Ard na Caithne'