‘Fuair mo chéad ghrá bás san Ionad Trádála Domhanda ar 9/11’

‘I’ll call you when I get out’ an teachtaireacht a fuair Angela ó Vince ar 9/11. Faraor, níor tháinig sé slán…

‘Fuair mo chéad ghrá bás san Ionad Trádála Domhanda ar 9/11’

Ní raibh Angela ach scór bliain d’aois nuair a d’fhág sí Baile Átha Cliath. Sé seachtaine tar éis di leaindeáil i Nua-Eabhrac, thit sí i ngrá le Vince an chéad uair a leag sí súil air. “Ní raibh seans aige,” a dúirt sí. Dúirt sí leis an oíche sin go raibh sí chun é a phósadh.

I dtrátha an ama seo fiche bliain ó shin bhí Angela socraithe síos go maith i Nua-Eabhrac. Bhí sí pósta agus triúr clainne aici féin agus Vincent. Agus cé go raibh post buan aigesean mar phóilín leis an NYPD, bhí sé ag faire amach don uair a bheadh sé ar scor agus a mbeadh post eile ag teastáil uaidh. Thosaigh sé cúrsa oíche innealtóireachta le bheith ina thiománaí crainn tógála.

Chaith Vince tréimhse sa Gharda Cósta agus sa Marine Corps agus ba bhall é d’fhoireann ‘SWAT’ sna póilíní, toisc gur snípéir den scoth a bhí ann. Go deimhin, uair amháin agus an tUachtarán Clinton ar cuairt ar an gcathair, bhí Vincent ar patról agus thug sé faoi deara go raibh fear ar an tsráid a raibh cuma amhrasach air. Ghabh sé féin agus a chomrádaí an fear seo agus fuaireadar gunna air. D’admhaigh sé go raibh sé ann leis an Uachtarán a mharú.

“Ní raibh ann ach paragraf gearr sa nuachtán áitiúil faoi,” a deir Angela anois. Cheap sí nach mbeadh an tSeirbhís Rúnda róshásta go raibh gnáthcop tar éis dúnmharfóir a cheapadh agus nach rabhadar ag iarraidh scéal mór a dhéanamh de.

Tamall ina dhiaidh sin, i 1993, pléascadh buama ag an Ionad Trádála Domhanda i Nua-Eabhrac. Ba é lá breithe Vincent é agus d’fhógair sé an lá sin go mbeadh sé féin páirteach lá éigin i “rud éigin mór”.

Tharla an “rud éigin mór” sin ar an 11 Meán Fómhair 2001.

An lá roimhe sin, Dé Luain, fuair Vincent deis ragobair a dhéanamh agus bhí rang aige freisin ar an gcúrsa innealtóireachta. Ghlaoigh sé ar Angela le rá léi go bhfeicfeadh sé í don dinnéar oíche Dé Máirt.

Maidin Dé Máirt agus bhí an bheirt chailíní ba shine, Winifred agus Emily, a bhí ocht mbliana agus cúig bliana, imithe ar scoil ar an mbus agus thug sí Abigail, a bhí sé mhí, amach ag siúl sa mbugaí. Tháinig comharsa amach agus d’fhógair go raibh eitleán tar éis an tIonad Trádála Domhanda a bhualadh. Cheapadar gur eitleán beag a bhí ann. Tamall ina dhiaidh sin rith duine eile amach agus d’fhógair go raibh an dara heitleán tar éis dul díreach isteach sa túr eile.

Chuaigh sí abhaile agus í ag rá léi féin: “I wonder where Vince is …”

Ansin, chonaic sí an solaisín beag ag preabadh ar an bhfón sa chistineach. Bhí teachtaireacht fágtha aige di:

“I’m up inside. I’m praying we’ll get these people out. I love you and I’ll call you when I get out.”

D’fhéach sí ar an teilifís agus chonaic sí na foirgintí móra arda ag titim go talamh. Bhí a fhios aici go raibh sé istigh i gceann acu.

Níor dúradh léi go ceann coicíse nach obair tharrthála a bhí ann níos mó ach iarracht corpáin a aimsiú.

40 lá a thóg sé orthu aon chuid dá chorp a fháil. Ní raibh Vince ach 5’5” ach bhíodar ag aimsiú píosaí dá chorp go ceann bliana ina dhiaidh sin. Tá féith an ghrinn láidir in Angela. “For a little guy, he got around,” a dúirt sí.

71 ball de phóilíní Nua-Eabhrac a fuair bás de dheasca na tubaiste an lá sin. Fuair slua mór eile acu bás freisin de bharr a ngortuithe. Ina dhiaidh sin, chuir an Fórsa Póilíní seirbhís chomhairleach agus chabhrach ar fáil do dhaoine a bhí fágtha faoi bhrón. Bhí Kevin ar dhuine acu sin agus cuireadh chuig Anne, cara le Angela, é.

D’éirigh cairdeas idir Kevin agus Angela. De réir a chéile d’fhás an grá eatarthu.

Phós Angela agus Kevin sa mbliain 2004. Bhí seisean sna póilíní freisin ach ní raibh sé ag obair ar 9/11. Ar nós Vince, bhí sé ag faire amach don uair a bheadh sé ar a phinsean. Deir Angela nach leor an pinsean chun clann a choinneáil i Meiriceá agus go mbíonn gá leis an bpost eile. Mar a tharla bhí Kevin ag obair in Yankee Stadium an oíche roimh an tubaiste. Mhalartaigh seisean a sheal oibre le póilín eile.

“He was meant to be working and Vince was meant to be off,” arsa Angela. “God works in strange ways.”

Nuair a chinn an Garda Cósta long a ainmniú in onóir dó – an cuitéar ‘Vincent Danz’ – dúradar go mbeadh an long i mbun na hoibre céanna a rinne Vincent: ag tabhairt faoi obair dhainséarach beag beann ar a shábháilteacht féin. Beidh an long réidh sa mbliain 2023.

Cheannaigh Angela seodra ar leith do na cailíní le gairid chun Vincent agus an comóradh 20 bliain a mharcáil. Ar an gcárta scríobh sí: “It seems like 20 years has gone by in the blink of an eye…”

Níl sí ach 55 bliain fós. Agus céard a cheapann sí faoi Mheiriceá? Tá sí an-chinnte faoina freagra.

“Tá cion an-mhór agam ar an tír seo. Tháinig mé ar imirce anseo agus mé i mo chailín óg 20 bliain d’aois. D’oibrigh mé mar ‘nanny’ sular casadh Vincent orm. Is breá liom an áit a bhfuil cónaí orm anois i ngleann an Hudson, leathuair an chloig ó Manhattan. Is aoibhinn liom Meiriceá.”

Tá an leanbh Abigail, a tugadh amach ag siúl ar 9/11, ag filleadh ar an gcoláiste in Savannah, Georgia. Bhí Angela ag réiteach don turas fada sa gcarr an lá tar éis ár gcomhrá – 13 uair an chloig tiomána rompu. Cúrsa sa dearadh grafach atá ar siúl aici.

Is altra í Winifred, an iníon is sine, agus tá sí i mbun cúrsa máistreachta in Tennessee. Agus tá an cailín sa lár, Emily, ina Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide in Ard-Eaglais Naomh Pádraig i gcathair Nua-Eabhrac.

Tá athair Angela, Willie, fós beo agus bíonn sé ag siúl gach lá ar Dhumhach Thrá. D’oibrigh seisean ar feadh a shaoil sa chomhlacht Irish Glass Bottle, gar don trá sin.

Chuir Angela téacs chugam tar éis di labhairt liom ag glacadh buíochais liom as seans a thabhairt di labhairt ar a céad ghrá, Vincent, a fuair bás san Ionad Trádála Domhanda ar 9/11.

Fág freagra ar '‘Fuair mo chéad ghrá bás san Ionad Trádála Domhanda ar 9/11’'