1916-2016/DÁN: ‘Cad a thug oraibh dul chun spairne?’ le hAogán Ó Muircheartaigh

Cothrom an lae seo céad bliain ó shin a cuireadh tús le hÉirí Amach na Cásca. Foilsítear anseo dán, a céadfhoilsíodh ar an iris 'Comhar' an mhí seo caite, ina gceistítear a dhílse is atáthar inniu d'aisling 1916

16/5/2012 1916 Commemorations

Cad a thug oraibh

dul chun spairne

le lucht na comhachta

ba threise

ar chlár na cruinne?

 

thug sibh aghaidh orthu

go neamhleithscéalach

gualainn ar ghualainn

in éadan éigean tiarnaí

a bhí ag seoladh táin

de phlúr na hóige

thar sáile

go trinsí an tseamlais

 

is maith a d’aithin sibh

an cipe a dhún na geataí

gan taise

ar oibrithe Bhleá Cliath

 

is maith a d’aithin sibh

an aicme chéanna san

a raibh forlámhas acu

ar sheilbh na muintire

tuaithe is cathrach

 

ba chruinn bhur léamh

ar a gcóras fealltach scolaíochta

a dealbhaíodh chun

misneach na cosmhuintire

a lot le nimh an choilíneachais

ár dteanga a bhrú

go humar an dearmaid

is na géillsinigh a mhúnlú

ina sclábhaithe

 

ba ghlé bhur dtuiscint

ar shléacht an Ghorta Mhóir

agus corpáin na gcréatúr díbeartha

sínte le hais na mbóthar

a thuilleadh gan cúram dóibh

ruaigthe ar bháid an bháis

 

chuir sibh romhaibh

ár sean-náisiún a mhúscailt

ina phobal athbheo

bunaithe ar chomhar

is ar uaisleacht an duine

*

féach anois sinn

céad bliain anonn

ár dteanga i ngreamanna an bháis

ár bpoblacht curtha de dhroim seoil

is sealús ár dtíre á thabhairt ar láimh

do neacha na gcuntanós ceilte

an maoinlathas i gcomhacht

 

féach bréag-chomóradh na mboicíní

íospartaigh impireachta acu

ar chomhchéim libhse

iad ag lútáil fós le cleas an rachmais

 

is iad dailtíní na máistrí gan ainm iad

sa tSasana nua so darb ainm Éire

dealramhach iad le maidríní lathaí

bhur n-aimsire a sháigh

íospartaigh d’ógánaigh chun saighneála

do sheirbhís impireachta

 

tá beannacht tugtha faoi choim

d’allúraigh a bheireann fearais áir soir

ag boicíní ár gceannais

mar thaca leis an pax americana

tonn tuile na dteifeach ag bolgadh

na coirp á gcarnadh

 

boicíní go síoraí ag maíomh

as rath bréige

an dealús ag spré go rábach

ar fuaid ár dtíre

teaghlaigh á ruaigeadh arís

go ciumhais na mbóthar

 

mar a bhí ar dtúis mo léir mar atá fós

is é an lag a dhíolann an cuntas

 

cad a thug oraibh

dul chun spairne

leis an gcomhacht is treise

ar chlár na cruinne

go ndúisigh dóchas baoth

ionainne?

 

Aogán Ó Muircheartaigh

Foilsíodh an dán thuas ar dtús ar ‘1916-2016’ móreagrán litríochta ‘Comhar’ a tháinig amach an mhí seo caite

Fág freagra ar '1916-2016/DÁN: ‘Cad a thug oraibh dul chun spairne?’ le hAogán Ó Muircheartaigh'

  • padraig

    notalta a Aogain……is fior agus is r-fhior gach a bhfuil raite ansin agat mo dhiachair agus ta se raite go paiteanta agat….builli oird ar inneoin

  • Aogán

    GRMMA, a Phádraig, is mór agam na focail chineálta san uait. Aogán

  • Mícheál

    Is geall le guth san fhásach do ghuth ionraic, cróga, a Aogáin, agus is geall le seoid lonrach an dán uasal, maorga so ag spréacharnaigh i ndorchadas na lagmheasarthachta géillsiní. Treise leat!