Tá 175 ionad de chuid Údarás na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta folamh i láthair na huaire, de réir figiúirí nua. Tá ceann amháin de na hionaid sin, i nGaeltacht Mhaigh Eo, folamh le beagnach 18 bliain agus é réidh le ligean.
Tá 517 foirgneamh ar fad i seilbh an Údaráis agus is iontu sin atá an 175 ionad atá folamh. De réir na bhfigiúirí nua, tá 117 foirgneamh, nó beagnach an ceathrú cuid díobh, folamh. Is é sin le rá foirgnimh atá go huile is go hiomlán folamh. Tá foirgnimh eile i seilbh na heagraíochta a bhfuil roinnt ionad líonta iontu ach a bhfuil ionad eile atá folamh.
Tá formhór na n-ionad folamh atá i seilbh an Údaráis réidh le ligean amach ach tá tuairim is ceathracha acu a dteastaíonn athchóiriú uathu sula ligfear amach ar cíos iad.
De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar eolas a cuireadh ar fáil don Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly, tá 13 de na hionaid folamh le breis is deich mbliana.
Tá ionad amháin, ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht na Gaillimhe, le díol agus tá ionad eile i nGaeltacht Thír Chonaill atá “i ndrochstaid” agus tugadh le fios nár lig an tÚdarás amach riamh é.
De réir na hanailíse, is i nGaeltacht Mhaigh Eo atá formhór na n-ionad folamh, agus 75 ionad folamh sa chontae sin. Tá 55 ionad folamh ag an Údarás i nGaeltacht Thír Chonaill agus 36 i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá seacht n-ionad folamh i nGaeltacht Chiarraí, ceann amháin i mBéal Átha an Ghaorthaidh, agus ceann amháin i mBaile Ghib i nGaeltacht na Mí.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go leagfar amach “clár oibre chun an mhaoin seo a uasghrádú” agus a chur in oiriúint d’fhiontraithe ar mhaithe le fostaíocht a chruthú i gceantair Ghaeltachta éagsúla.
“Úsáidfear an mhaoin seo chun leanúint ar aghaidh le fiontraithe áitiúla a spreagadh agus le hinfheisteoirí seachtracha a mhealladh isteach sna ceantair Ghaeltachta éagsúla le fostaíocht a chruthú thar réimsí earnálacha ábhartha.
“Beidh cuid den mhaoin seo á húsáid mar ionaid don ghréasán de Mhoil Dhigiteacha a bheidh á bhforbairt sna Gaeltachtaí éagsúla agus a fheidhmeoidh mar áiseanna d’fhiontar nuálaíoch chun réimse cianoibre an Údaráis a chur chun cinn,” a dúirt McHugh.
Is ionaid nua roinnt de na hionaid fholmha ar an liosta ionad nach bhfuil ligthe amach faoi láthair. Tá a bhformhór mór acu sin ar an mBun Beag i nGaoth Dobhair.
FOIRGNIMH FHOLMHA ÚDARÁS NA GAELTACHTA
Is ionann ‘Dáta’ sa tábla thíos agus an t-achar atá an foirgneamh folamh.
Fág freagra ar '175 ionad de chuid Údarás na Gaeltachta folamh. Cá bhfuil siad agus cén fhad atá siad díomhaoin?'