17,000 teastas Covid curtha amach arís de bharr phraiseach na sínte fada

1,189 cás eile den Covid-19 atá deimhnithe agus tá 23 othar atá buailte ag an ngalar in aonad dianchúraim

17,000 teastas Covid curtha amach arís de bharr phraiseach na sínte fada

1,189 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. 95 duine a bhfuil an galar orthu atá in ospidéil an stáit agus tá 23 díobhsan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar tráthnóna gurb éigean 17,000 Teastas Digiteach Covid-19 a chur amach arís mar gheall ar na botúin a rinneadh leis an síneadh fada in ainmneacha daoine.

Fianaise atá sna Deimhnithe Glasa Digiteacha go bhfuil duine vacsaínithe in aghaidh an Covid-19, nó go bhfuil toradh tástála diúltach faighte aige, nó go bhfuil deimhniú aige go bhfuil sé tagtha chuige féin ó Covid-19.

Rinneadh praiseach de theastais go leor daoine toisc síneadh fada a bheith ina n-ainmneacha.

Pléadh inné ag Comhchoiste Sláinte an Oireachtais an phraiseach a rinneadh de litriú ainmneacha Gaeilge ar Theastas Digiteach COVID an AE.

Idir an dá linn, dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse gurb é an cineál Delta den ghalar “an chliath mhór dheireanach atá le léim” ó thaobh an Covid.

Dúirt sé gurb é an Delta is cúis le 90% de chásanna anois agus go bhfágfadh sé a rian ar chúrsaí i mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair.  Údar muiníne, áfach, ab ea an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtaobh an chláir vacsaínithe “gach lá”, ar sé.

‘Dímheas damanta’ –  tugann an Ghaeilge ar Theastas Covid an AE le fios go bhfuil an galar ort

Tháinig ardú 66% ar ráta coicíse an ghalair i gcomparáid le seachtain ó shin agus ardú 95% a tháinig ar an meán cúig lá.

Bhain 75% de na cásanna le coicís anuas le daoine faoi bhun 34 bliain d’aois.

Le seachtain anuas bhí toradh dearfach ar an meán ar 8.8% de thástálacha agus 25% a bhí i gceist in ionaid áirithe.

Dúirt Paul Reid go raibh ionaid tástála i nDún na nGall, sa Ghaillimh agus i gcontae na Mí i measc na n-ionad “is gnóthaí”.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, tráthnóna go raibh “ardú géar” tagtha le tamall ar líon na gcásanna den ghalar a bhaineann leis an taisteal thar lear.

800 cás a bhain leis an taisteal le coicís agus bhain trí cheathrú acu sin le daoine faoi bhun 35 bliain d’aois.

Bhain formhór na gcásanna leis an Spáinn, an Bhreatain agus an Phortaingéil.

Chuir Feidhmeannas Stormont siar go dtí an tseachtain seo chugainn cinneadh a bhí le déanamh faoi chead a thabhairt d’amharclanna agus ionaid cheolchoirme athoscailt.

Shocraigh airí Stormont áfach roinnt srianta eile a scaoileadh ó Dé Luain seo chugainn ar aghaidh.

Beidh cead ón lá sin ag 15 bualadh le chéile taobh amuigh is cuma cé mhéad teaghlach atá sa ghrúpa.  Chomh maith leis sin beidh cead ag seirbhísí gartheagmhála, amhail gruagairí, a ngnó a dhéanamh gan coinne a bheith déanta roimh ré.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 1,430 cás eile den choróinvíreas inniu.

162 othar a bhfuil Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 10 díobhsan in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '17,000 teastas Covid curtha amach arís de bharr phraiseach na sínte fada'