164 cás nua fógartha agus tuilleadh imní léirithe ag NPHET

Fágann na figiúirí is deireanaí go bhfuil 835 cás nua deimhnithe ó dheas le seachtain anuas

164 cás nua fógartha agus tuilleadh imní léirithe ag NPHET

Bhí 164 cás nua den ghalar Covid-19 le fógairt ag an Roinn Sláinte inniu ach níor fógraíodh aon bhás eile de bharr an ghalair.

Fágann na figiúirí is déanaí go bhfuil 835 cás nua deimhnithe ó dheas le seachtain anuas.

Bhain 93 den 164 cás nua le Baile Átha Cliath, bhain 22 acu le Cill Dara agus deich gcinn a bhí i dTiobraid Árann. Naoi gcinn a bhí i gCorcaigh agus ocht gcinn a bhí i gCeatharlach. Sé chás a deimhníodh i bPort Láirge agus sé cinn eile a bhain le hUíbh Fhailí.

Bhain na deich gcás eile le cúig chontae éagsúla, Gaillimh ina measc.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 80 de na cásanna nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu. Bhain 21 de na cásanna inniu le scaipeadh sa phobal.

Bhí 65% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

Bhí 26 duine a raibh Covid-19 orthu ag fáil cóir leighis in ospidéil ar maidin agus ceathrar acusan in aonaid dianchúraim de réir an eolais is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. 17 a bhí sna hospidéil ó thuaidh agus duine amháin a bhí in ICU.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, go raibh súil aige nach comhartha atá san ardú atá ar chásanna den víreas le déanaí go bhfuil maidhm eile den ghalar ag brúchtadh, ach dúirt sé nach bhfuil “aon dabht” ann ach go bhfuil cúrsaí “ag dul in olcas le cúpla mí anuas”.

Dúirt sé go raibh níos mó imní air anois faoin ardú seo ar chásanna agus dúirt sé gur chóir do dhaoine an “méid daoine a roghnaíonn siad casadh leo a laghdú”.

“Mura socraíonn muid ar fad gan casadh leis an méid céanna daoine agus ba ghnách linn, níl aon dabht ann ach go mbeidh níos mó cásanna den víreas sa tír. Má tharlaíonn sin, is cinnte go dtolgfaidh daoine atá amach sna blianta agus daoine atá leochaileach ó thaobh na sláinte de é,” a dúirt sé.

Ag Coiste Speisialta Oireachtais an Covid-19, dúirt an Dr Glynn gur údar imní dó an tionchar a bheadh ag ardú ar líon na gcásanna den ghalar ar an líon daoine a bheadh i dtuilleamaí ospidéil, aonaid dianchúraim, nó a gheobhadh bás dá bharr.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan leis an gCoiste Speisialta céanna gur beag seans atá ann go dtabharfadh páiste a mbeadh an víreas tolgtha aige do dhalta eile é ar scoil. Dúirt sé gur mó seans a bhí ann gur daoine fásta a scaipfeadh an víreas ó theaghlach go teaghlach.

Dúirt an tOllamh Nolan gurb é scaipeadh an ghalair in ionaid oibre áirithe ba shiocair leis an ardú is déanaí sa tír ar fad.

Dúirt sé gur éirigh leis na foirne sláinte phoiblí scaipeadh níos measa i measc an phobail a chosc.

Ó thaobh na tástála de, dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, go raibh tástáil seile á scrúdú ag an HSE féachaint an bhféadfaí í a úsáid do dhaltaí bunscoile agus iarbhunscoile in áit sampla a thógáil as an tsrón.

Aon dalta iarbhunscoile nach bhfuil cead dochtúra acu agus nach gcaithfidh clúdach aghaidhe, cuirfear abhaile ón scoil iad, a deir an tAire Oideachais Norma Foley.

Dúirt an tAire gur faoi na scoileanna a bheadh sé an riail sin a chur i bhfeidhm agus na daltaí a chur abhaile.

Rinneadh cinneadh dá leithéid ó thuaidh den teorainn inné nuair a chinn an tAire Oideachais Peter Weir go mbeadh clúdaigh aghaidhe éigeantach do dhaltaí iarbhunscoile agus iad sna pasáistí scoile agus aon áit eile sa scoil a mbíonn daltaí ag bualadh le daltaí as ranganna eile.

Moladh go láidir do dhaoine ó thuaidh mascanna a chaitheamh agus iad ar an gcóras iompair phoiblí.

Ní hionann an riail i Sasana mar ar fógraíodh inniu nach mbeadh mascanna éigeantach ag daltaí agus oidí iarbhunscoile seachas in áiteanna a raibh dianghlasáil áitiúil i bhfeidhm.

Bhí sé ráite ag rialtas na Breataine roimhe seo nach mbeadh clúdaigh aghaidhe riachtanach i scoileanna ach feasta is faoin scoil féin in aon cheantar nach bhfuil faoi dhianghlasáil clúdach aghaidhe a thabhairt isteach más mian leo.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 72 cás nua inniu ach ní raibh aon bhás nua ann de dheasca an Covid-19.

Duine amháin a bhfuil Covid-19 air atá ag fáil cóir leighis in aonad dianchúraim ó thuaidh de réir na bhfigiúirí is deireanaí.

2,336 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,777 duine ó dheas den teorainn agus 559 ó thuaidh di.

35,258 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 28,363 cás ó dheas agus 6,895 cás ó thuaidh.

Idir an dá linn, dúirt an Taoiseach Micheál Martin níos túisce inniu go raibh beag is fiú déanta ag Coimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh Phil Hogan den mhuinín a bhí curtha ag an bpobal sa chomhairle faoin tsláinte phoiblí.

Táthar fós ag fanacht ar scéala ón mBruiséil faoi cad atá i ndán do Hogan agus gan aon chríoch fós leis an gconspóid faoina chuairt ar Éirinn le déanaí, cuairt ar sháraigh sé treoracha Covid-19 an Rialtais lena linn.

Dúirt an Taoiseach gur bhain “dúshlán” leis an tslí a raibh scéal an Choimisinéara á athrú aige de réir a chéile.

Dúirt an Taoiseach go raibh Hogan mícheart nuair a mhaígh sé nár ghá dó féinleithlisiú ar feadh 14 lá toisc go bhfuair sé tástáil don Covid-19 a raibh toradh diúltach air.

Dúirt Martin go raibh jab maith déanta ag Hogan mar Choimisinéir agus gur faoin gCoimisiún a bhí sé a shocrú cad a bhí i ndán dó. Tá ráite ag an Taoiseach, an Tánaiste Leo Varadkar agus ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamonn Ryan gur chóir do Hogan a mhachnamh a dhéanamh ar éirí as a phost.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go raibh an chonspóid faoi Hogan agus faoi dhinnéar Chumann Gailf an Oireachtais sa Chlochán ag baint de mhuinín an phobail sna beartais a tugadh isteach le dul i ngleic le paindéim an Covid-19.

Tá an-bhrú á chur ar an gCoimisinéir ó d’fhreastail sé ar ócáid chonspóideach Chumann Gailf an Oireachtais sa gClochán an tseachtain seo caite, ócáid ag ar sáraíodh na srianta maidir le Covid-19. Cé gur iarr an Taoiseach agus an Tánaiste air a mhachnamh a dhéanamh ar a phost mar Choimisinéir Eorpach, is í Uachtarán Choimisiúin an AE Ursula von der Leyen amháin a bhfuil an t-údarás aici aon phionós a chur air nó iarraidh air éirí as an bpost.

Tháinig sé chun solais i ndiaidh na conspóide faoin dinnéar gur thug Hogan roinnt turas ar Chill Dara le linn a chuairte agus gur fhan sé thar oíche in Áth Dara i Luimneach.

I ráiteas a chuir sé amach inné, dheimhnigh Hogan gur thaistil sé go Cill Dara, Cill Chainnigh, Baile Átha Cliath, Luimneach agus Gaillimh sna trí seachtainí a bhí sé sa tír seo.

Fág freagra ar '164 cás nua fógartha agus tuilleadh imní léirithe ag NPHET'