Curtha i leith Phil Hogan gur chuir sé ‘eolas mícheart’ ar fáil d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Mhaígh Coimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh tráthnóna nach raibh aon dualgas air féinleithlisiú a dhéanamh ar feadh 14 lá ó tharla go bhfuair sé toradh diúltach don Covid-19

Curtha i leith Phil Hogan gur chuir sé ‘eolas mícheart’ ar fáil d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Tá sé curtha i leith Choimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh Phil Hogan gur chuir sé “eolas mícheart” ar fáil d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula Von der Leyen, maidir lena chamchuairt chonspóideach in Éirinn.

Chuir Phil Hogan amlíne ar fáil do Von der Leyen tráthnóna i dtaobh a thurais chonspóidigh chun na hÉireann le déanaí.

Mhaígh Hogan gur chloígh sé an t-am go léir le treoirlínte agus srianta Covid-19 Rialtas na hÉireann le linn a chuairte idir an 31 Iúil agus an 22 Lúnasa.

Mhaígh sé chomh maith nach raibh aon dualgas ó thaobh dlí air féinleithlisiú a dhéanamh ar feadh 14 lá ó tharla go bhfuair sé toradh diúltach don Covid-19 ar an 5 Lúnasa.

De réir threoirlínte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ní mór do chuairteoirí a thagann chun na hÉireann as tíortha nach bhfuil ar an ‘liosta glas’ féinleithlisiú ar feadh 14 lá fiú má fhaigheann siad tástáil agus go mbíonn toradh diúltach air.

Tá an chomhairle amhlaidh mar go bhféadfadh an galar a bheith fós ar gor sa chorp tráth na tástála.

Chuir leascheannaire Shinn Féin, an Teachta Dála Gaeltachta Pearse Doherty, i leith an Choimisinéara tráthnóna gur chuir sé eolas mícheart ar fáil d’Ursula Von der Leyen maidir leis na rialacha coraintín do chuairteoirí.

Agus é faoi agallamh ar RTÉ tráthnóna, dúirt Hogan go bhfuair sé an t-eolas maidir le féinleithlisiú ón Suíomh Eolais do Shaoránaigh agus dúirt sé nár ghlac sé leis go raibh treoracha difriúla ag an Rialtas do dhaoine a thagann thar tír isteach ó áiteanna nach bhfuil ar liosta glas an Rialtais.

Tá an-bhrú á chur ar an gCoimisinéir ó d’fhreastail sé ar ócáid chonspóideach Chumann Gailf an Oireachtais sa gClochán an tseachtain seo caite, ócáid ag ar sáraíodh na srianta maidir le Covid-19. D’iarr an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Leo Varadkar air a mhachnamh a dhéanamh ar a phost mar Choimisinéir Eorpach, ach is í Uachtarán Choimisiúin an AE Ursula von der Leyen amháin a bhfuil an t-údarás aici aon phionós a chur air nó  iarraidh air éirí as an bpost.

Tháinig sé chun solais i ndiaidh na conspóide faoin dinnéar gur thug Hogan roinnt turasanna ar Chill Dara le linn a chuairte agus gur fhan sé thar oíche in Áth Dara i Luimneach.

Ina ráiteas inniu, dheimhnigh Hogan gur thaistil sé go Cill Dara, Cill Chainnigh, Baile Átha Cliath, Luimneach agus Gaillimh sna trí seachtainí a bhí sé sa tír seo.

Maidir le dinnéar gailf an Chlocháin, dúirt sé go raibh sé “thar a bheith soiléir nár cheart an ócáid seo a bheith ann” agus nár cheart dósan freastal uirthi.

Dúirt sé gur “údar náire” dó gur fhreastail sé ar an dinnéar.

Sa cháipéis 20 leathanach a chuir sé ar fáil d’Uachtarán Choimisiún na hEorpa, dúirt Hogan gur tháinig sé chun na hÉireann ar an 31 Iúil agus gur chuaigh sé as sin go dtí Cill Dara.

Tugadh chun an ospidéil é i mBaile Átha Cliath ar an 5 Lúnasa. Dúirt sé go raibh toradh diúltach ar an tástáil a cuireadh air don Covid-19 san ospidéal, gur scaoileadh amach é an lá dár gcionn, an 6 Lúnasa, agus gur fhill sé ar a árasán i gCill Dara.

De réir na hamlíne, dúirt Hogan gur thaistil sé ó Chill Dara go Cill Chainnigh ar an 7 Lúnasa, an lá céanna gur thug an Rialtas srianta dianghlasála isteach i gCill Dara, agus go ndearna sé an chuid sin dá thuras sular tháinig na srianta i bhfeidhm.

Chuaigh sé go dtí Baile Átha Cliath ar an 12 Lúnasa ar chúiseanna oibre, a dúirt sé, agus bhuail sé ansin leis an Tánaiste Leo Varadkar.

De réir na hamlíne chuaigh an Coimisinéir ó Bhaile Átha Cliath go dtí Áth Dara i Luimneach ar an 13 Lúnasa, áit ar imir sé galf agus ar fhan sé thar oíche.

Ar an 14 Lúnasa d’fhill sé ar Chill Chainnigh, áit ar fhan sé go dtí an 17 Lúnasa, an lá gur scaoil sé faoin nGaillimh i ndiaidh dó stopadh arís i gCill Dara chun “a chip agus a mheanaí agus cáipéisí riachtanacha a bhailiú”.

Le linn dó a bheith i gCill Dara, stop na Gardaí é toisc a fhón a bheith á úsáid aige le linn dó a bheith ag tiomáint.

De réir a chuntais féin, d’imir Hogan galf sa Chlochán ar an 18 agus an 19 Lúnasa agus d’fhreastail sé ar dhinnéar Chumann Gailf an Oireachtais oíche an 19ú lá.

De réir na hamlíne, d’fhill sé ar Chill Dara ar an 21 Lúnasa chun an chuid eile dá ghiuirléidí a bhailiú, d’fhan sé ansin thar oíche agus fuair sé eitilt ar ais chun na Bruiséile an mhaidin dár gcionn.

Fág freagra ar 'Curtha i leith Phil Hogan gur chuir sé ‘eolas mícheart’ ar fáil d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh'